Thursday 16 April 2009

Inis Bó Finne


Beidh an garraí tréigthe amárach mar go mbeidh mé féin agus mo chéirseach ag tabhairt aghaidh siar ar Inis Bó Finne ar maidin, le freastal ar bhainis istigh ar an oileán tráthnóna amárach.

Idir an dá linn, tá ceist agam oraibh - cén bunús atá leis an logainm "Inis Bó Finne" meas sibh? Tá oileán eile agus an t-ainm céanna air amach ó chósta Dhún na nGall, mura bhfuil dul amú orm. Agus tá "Bealach na Bó Finne" chomh maith ann - Milky Way an Bhéarla.

Cérbh í an bhó fhionn seo? Ba bhreá liom cloisteáil uaibh, má bhíonn aon eolas agaibh. Beidh mé féin ag cur na ceiste istigh ann. Dream as Conamara atá i gceist leis an mbainis mar sin bheadh súil agam cúpla tuairim a bheith ar fáil.

7 comments:

  1. Deirtear go bhfuil ceangail idir an t-ainm agus cloch bhán atá i lár an oileáin. Cosúil leis An Chailleach Bhéarra, b'fhéidir.

    ReplyDelete
  2. Tá bó fhionn chlúiteach eile in Éirinn mar atá An Bhóinn / Abhainn na Bóinne:

    http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/focal/focal029.html

    ReplyDelete
  3. Ban dia a théann i bhfad siar i stair an chine daonna í an Bhó Fionn, de réir mo thuiscint.

    ReplyDelete
  4. Tacaíonn leabhar muintir Flanagan ar logainmneacha le mo thuairim "mythological white cow" atá i gceist sna logainmeacha seo dar leo, agus luann siad Boann/An Bhóinn freisin.

    ReplyDelete
  5. Buabhall bán atá ann i Meiriceá...

    ReplyDelete
  6. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete