Tuesday 7 April 2009

Éanacha an Aeir


Is iontach fileata na hainmneacha atá againn ar éanacha sa nGaeilge. Tá an t-ainm "scréachóg reilige" cuir i gcás, i bhfad chun cinn ar an leagan Béarla "barnyard owl". Tá "peadairín na stoirme" níos pearsanta ná "stormy petrel". Agus tá “cailleach dhubh” níos spreagúla don tsamhlaíocht ná “cormorant”.

Cuid de na héanacha, tá ainm "oifigiúil" orthu agus leasainm nó dhó le cois - an naoscach mar shampla (snipe) - "mionnán aerach" nó "meannán aeir" a thugtar chomh maith air, mar go mbíonn fuaim áirithe ag a chuid sciathán agus é ar foluain tríd an aer, fuaim a chuirfeadh méileach mionnáin ghabhair i gcuimhne duit.

Tá éanacha seachas a chéile a bhfuil an t-uafás leaganacha dá n-ainm ann ar fud na tíre. An corr réisc, mar shampla - an chorr mhóna a thugtar chomh maith air ("heron" an Béarla atá air, cé go dtugtar "crane" go coitianta i mBéarla na hÉireann chomh maith air, rud nach bhfuil cruinn). "Máire Fhada" atá ag muintir Chonamara agus ag muintir Iorrais uirthi. "Ceataí Fhadaí" a thabharfadh mo Dhaid uirthi in oirthear Mhaigh Eo. "Joanie an scrogaill" a thugann mo bhean uirthi - focal Ciarraíoch ar mhuineál atá i gceist leis an scrogall.

Le gairid, agus mé amuigh ag faire éanacha le comharsa liom anseo, fuair mé amach gur "cearc coille" atá ag muintir Chois Fharraige ar an bpiasún (pheasant). As seo amach beidh muid á gcloisteáil ag gleo go luath ar maidin, agus an coileach ag cosaint a phaiste talaimh ó choileach ar bith eile a chuirfeadh suim ann.

Ní fada uainn anois go mbeidh mé féin agus Tadhg Óg ag cur téacsanna chuig mo Dhaid i Maigh Eo faoi theacht na bhfáinleog. Ócáid mhór a bhíodh ann do mo Dhaid fadó nuair a d'fheiceadh sé céad fháinleog na bliana. Cuimhním go soiléir i gcónaí air, é amuigh ag cartadh leis sa ngarraí i dtosach an tí, nuair a sciorr ceann de na héiníní áille sin thairis - éinín beag a bhí th'éis a bealach a dhéanamh aníos thar ghaineamhlach, thar farraige, thar sliabh, ar ais chuig an áit ar chonaic sí solas an lae den chéad uair. Dhirigh mo Dhaid é féin, bhain a chaipín bréidín dá chloigeann agus caith suas san aer é, is é ag béiceach go hard "Go mbeirimid beo ag an am seo arís!"

7 comments:

  1. joanie scrogall! joanie scrogall! Jesus is cuimhne liom go maith an focal san. Is mo mháthair a mhúin an focal san dom, is an clann ag dul timpeall an ceantar sa chairt. Joanie scrogall. Cheapais gur ana ainm a bhí i gceist ionas go bhfuil an focal scrogall ana choiteanta i gCorca Dhuibhne. Agus ambaiste fhéinigh nách bhfuil scrogall ag joanie!

    Is éan do sórt eile atáim ar tóir faoi láthair. Cailín deas on bhFrainc. Thug sí cuireadh dom teacht go dtí Oilean Cléire, áit ina a bhfuil sí ag (;WWoofff-áil). Chuala go raibh Gaeltacht de saghas éigin ar an t-oilean. Is maith liom an cailín sa.

    Caithfidh mé ceist a chur ar muintir Corca Dhuibhne faoin ainmeacha áitiúil. An deatfá (an féidir leat) document beag a chotú a Thaidhg?........Pictiúir don t-ean agus an ainm as Gaeilge. Nó, más mian leat is féidir liomsa na pictiúirí a bhailiú le chéile.

    ReplyDelete
  2. Ba bhreá liom cúnamh a thabhairt a Bhriain - céard go díreach atá tú a iarraidh? Pictiúr de Joanie scrogaill agus an t-ainm air ab ea? Níl aon phictiúr agam den chailín Francach, faraor - ach má tú ag iarraidh é sin a roinnt linn....

    ReplyDelete
  3. hee hee hee :)

    níl pictiúr agam faoi láthair.

    díreach tar-éis lón. Mo bholg lán. Ceol ag casadh ar mo sheinteóir. Ag súil go mór leis an turas amárach.

    An bhfuil gaolainn ar oilean cléire? An mbeidh grá idir mé fhéin agus an fáinleog Francach sa a tháing leis an Earraig? Ceisteanna nách bhfuil freagracha agam faoi láthair.

    Is dócha go bhfuil Gaolainn in ngach aon áit, caithfear a bheith foighneach. Is cinnte go bhfuil an ngrá i ngach aon áit, braithim é, nuair a bíonn foighne orm.

    Bhíos ag caint le cara liom le deanaí, agus tá tuairim aige faoi múinteoireacht. Bhíomar suite i dTig an Chúinne, i gCorcaigh agus bhí sparán ar an mbord. 'An slí is fearr Gaolainn a fhoghlaim do leanaí' arsa Padraig 'ná trí méan na Gaolainne. Is fearr an rud sa ar an mbord a thabhairt isteacht sa rang, é a thaispeant do na scolairí agus an focal ......sparán......a rá. Faoi láthair tá siad ag múine Gaolainn trí méan an Béarla. Purse = Sparán. Níl aon ciall leis'

    Sa tslí cheanna ba mhaith liom ainmeacha na éan a fhoghlaim........

    Is dócha go bhfuil leabhair éigin le fáil......seo h-é pictiúir an t-éan......seo h-é an t-ainm as Gaolainn.

    An bhfuil fhios agat?

    Fiche nóimead ó turas go dtí an Fiaclóir. Caithfear fiacla a tharraingt ó mo chloigean. Thit an fiacla as a chéile.

    ReplyDelete
  4. Á - tuigim anois thú. Ar an modh díreach atá tú ag caint, a Bhriain, nach ea?

    Tá leabhar amháin ar an margadh - A Guide to Irish Birds - tá sé sa teach in áit eicínt agus an t-ainm Gaeilge (ainm amháin, ar aon chaoi) luaite le chuile éan. Leabhar maith é. Tá leabhar lánGhaeilge do pháistí ann - Eín na hÉireann nó rud eicínt, agus pictiúr de lon dubh ar an gclúdach.

    Ádh mór leis an bhfiaclóir agus le fáinleog na Fraince!

    ReplyDelete
  5. Tá leabhar eile ann, "Éin", sa tsraith "Eolaí Póca". An Gúm a d'fhoilsigh é sa bhliain 1996.

    "Cur síos ar beagnach 200 d'éin na hÉireann agus na Breataine maille le léaráidí daite" a deir an clúdach. Tá pictiúr deas den Chorr Réisc (aliter an Chorr Ghlas) ann. Séard a rinne mise na bailiúchán beag de stampaí a chur ann chomh maith, mar tá (nó bhíodh) an Pilibín, an Ciorbhuí, an Smólach, an Caislín Cloch, etc. etc. le feiceáil ar stampaí na hÉireann.

    ReplyDelete
  6. Dála an scéil, tá na corra céanna ar fud na háite anseo i Seattle! Tá a lán uisce againn anseo idir an sunda (Puget Sound) agus cúpla loch, mar sin tá neart le hithe acu.

    ReplyDelete
  7. Rinne mé dearmad ar an leabhairín sin, a Dennis - tá sí agam chomh maith in áit eicínt. (Tá an teach beagán trína chéile le cúpla mí anuas - bhí sceitheadh uisce ann agus tá tógálaithe ar ais isteach ag réabadh. B'éigean dúinn leabhair a chur ar ais i mboscaí go dtí go mbeadh an t-athchóiriú curtha dínn againn.)

    Tá sruthán ag sníomh tríd an gcéad gharraí eile taobh thoir de Gharraí JMh - bíonn sé beo le síol froganna an tráth seo bliana. Feicim Máire fhada ann go minic ar maidin ag faire a seans. Tá an t-éan céanna mar shiombal ag an eagraíocht ealaíne Pléaraca Chonamara. Bronntar gradam chuile bhliain ar dhuine atá th'éis cur le saol cultúrtha an cheantair - dealbh den Mháire fhada atá sa ngradam.

    ReplyDelete