Thursday 23 April 2009

Dea-scéala don Ghaeilge, fíordhrochscéala don chine daonna?


Ní raibh a fhios agam go dtí tráthnóna inné go raibh "Earth Day" Lá na Cruinne, á chomóradh inné ar fud an domhain bhig atá anois againn. Dá mbeadh, bheinn tar éis an píosa seo a phostáil inné.
Tá mé direach th'éis an leabhar is deireanaí ón eolaí cáiliúil James Lovelock a léamh. "The Vanishing Face of Gaia" is teideal dó agus tá teachtaireacht scanrúil le fáil ann.
Is é Lovelock a chum an téis, atá ina teoiric inghlactha anois, gur orgánach comhdhéanta atá sa domhan ina maireann muid. "Gaia" a bhaist sé, beagnach dhá scór bliain ó shin, ar an gcoincheap seo. Tá an t-údar ag druidim anois leis an deich mbliana le cois ceithre scór agus é fós an-ghníomhach i gcúrsaí eolaíochta.

Taobh istigh de dheich mbliana fichead, a deir Lovelock sa leabhar nua, d'fhéadfadh an pláinéad a bheith ina chíor thuathail ag an téamh domhanda ("global heating" a thugann sé air, mar a thugann muid féin air sa nGaeilge). Beidh oighear na gcríocha fuara ó thuaidh agus ó dheas ag leá leo agus de bharr nach mbeidh aon sneachta geal sna réigiúin sin le teas na gréine a fhrithchaitheamh ar ais san aer, cuirfear dlús leis an próiséas téite. Scaoilfear oiread céanna arís CO2 isteach san aer is atá cheana féin ann, gás atá sáinnithe faoi láthair faoi thailte reoite na Síbéire. Ardóidh teocht na cruinne ar an meán 6 céim Celcius, sciobtha go maith - beidh an t-ardú i bhfad níos mó ná sin in áiteacha.


Sna hilchríocha móra is measa a bheidh an slad, a deir Lovelock. Ní bheidh uisce ar fáil agus ní fhásfaidh barraí, nó mórán plandaí eile, leis na daoine a bheathú. Leathfaidh na gaineamhlaigh go rábach trasna dromchla an domhain. Beidh sé ina chogadh dearg maidir le soláthar uisce. Caillfear na billiúin duine. Ní bheidh fágtha faoi dheireadh ach líon laghdaithe daoine daonna - daonra idir 100 milliún agus billiún duine.
Beidh deireadh leis an tsibhialtacht chomhaimseartha mar is eol dúinn í.

Má tá dóchas ar bith ann, is do lucht na n-oileán é (agus ní náisiúin oileánda an Aigéin Chiúin atá i gceist agam) - An tSeapáin, An Nua-Shéalain, Na hOileáin Bhriotanacha (nach againn a bheidh an gáire dóite faoi na díospóireachtaí beaga a bhíodh ann fadó faoin teideal sin!). Beidh na háiteacha seo fós tais agus gan a bheith róthe agus dá réir sin, beidh na daoine sna réigiúin sin in ann bia a chur ar fáil dá bpobal féin. Tá dóchas aige go mbeidh daoine in ann maireachtáil i dtuaisceart Cheanada chomh maith agus in áiteacha i gCríoch Lochlann.

Is éard ba chóir dúinn a dhéanamh anois, a deir Lovelock, seachas a bheith ag útamáil le muilte gaoithe agus trádáil carbóin, ná réiteach ar bhonn práinne don tubaiste seo agus a bheith mar aidhm againn go dtiocfadh an duine daonna slán, sa gcaoi is nuair a bheas an tréimhse teasa seo thart, faoi cheann 100,000 bliain eile, go mbeidh muid in ann teacht chun cinn arís agus foghlaim cén chaoi le maireachtáil le Gaia, mar chuid comhtháite den chóras nádúrtha, seachas mar víoras atá á scrios.

Agus an deá-scéala? Bhuel, ní ag iarraidh mugadh magadh a dhéanamh de theachtaireacht chomh tromchúiseach le "The Vanishng Face of Gaia" atáim, ach má thagann an tuar faoin tairngreacht seo, d'fhágfadh sé go mbeadh an Ghaeilge ar cheann de mhórtheangacha an domhain - nó an chuidín den phláinéad a bhféadfadh an duine daonna fós maireachtáil ann ar aon chaoi. Ach más fíor do thairngreacht James Lovelock, ní dóigh liom go mbeadh stádas na Gaeilge ar an rud ba mhó a bheadh ag déanamh tinnis do dhuine ar bith againn....

9 comments:

  1. Thug Lovelock agallamh inné atá ar fáil anseo:

    http://www.guardian.co.uk/science/video/2009/apr/22/james-lovelock-gaia-space-biochar

    Is beoga an fear é, an-mheabhrach agus an-suimiúil. (Agus nach iontach ar fad na sideburns atá ar Oliver Morton, an scríbhneoir eolaíochta a chuir agallamh air!)

    ReplyDelete
  2. Nach ag cur an cháis don bhfuinneamh núicléach a bhíonn an fear seo?

    ReplyDelete
  3. Is ea - creideann sé go láidir ann. (Tuilleadh faoi seo ar ball - faoi bhrú anseo faoi láthair).

    ReplyDelete
  4. Nuair a bhí mé óg, bhí siad ag caint faoi oighearaois nua.
    Ná cuir mé ag caint faoin téamh domhanda!
    http://www.nationalcenter.org/TP38.html

    ReplyDelete
  5. D'aimisigh mé an ráiteas seo ar an suíomh sin, a Shéamais. The National Center for Public Policy Research is a communications and research foundation supportive of a strong national defense and dedicated to providing free market solutions to today's public policy problems.

    Shílfeá go bhfuil ár ndóthain "free market solutions" feicthe le píosa againn?

    Maidir leis an téamh domhanda, ní fhéadfaidh mé a rá gur saineolaí mise ach tá sé le tabhairt faoi deara go soiléir anseo in Éirinn le deich mbliana anuas. Tá m'athair féin, mar shampla, ag coinneáil dialann aimsire agus dúlra le breis agus leithchéad bliain - mar go bhfuil suim aige ann, ní de bharr aon chlaonadh ídeolaíoch. Tá pátrún suntasach le feiceáil ann maidir leis an laghdú as cuimse atá tagtha ar oícheanta seaca, ar dhátaí imirce éan, ar thréimhsí fáis agus mar sin de. Tá an téamh ann agus is rud an-suntasach é.

    ReplyDelete
  6. Is cuma sa diabhail faoin chomhshaol, a fhad is a mhairfidh an Ghaeilge slán!

    ReplyDelete
  7. Dá mbeadh díospóid the againn, bheadh an domhain ní ba theo...

    Tá teocht na doimhne cosúil leis an stoc-mhargadh - mar a dúirt JP Morgan faoi phraghasanna an mhargaidh, luainíonn sé...
    http://focal.ie/Search.aspx?term=luainiú&lang=2

    Tá cás láidir ann go ndearna polasaithe rialtais an dochar ba mhó don gheilleagar. Hmm. Braithim blagmhír ag teacht...

    ReplyDelete
  8. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete