Friday 10 April 2009

Caoineadh na dTrí Muire


Iarla Ó Lionáird, an sár-amhránaí sean nóis agus nua nóis ó Chúil Aodha le feiceáil sa ngarraí an tseachtain seo agus é ag casadh "Caoineadh na dTrí Muire". Glacaim leis (ach d'fhéadfadh dul amú a bheith orm) gur ó Sheosamh Ó hÉanaí a d'fhoghlaim sé an t-amhrán. Luaitear an t-amhrán le Joe Éinniú agus tá cur síos cuimsitheach ag Liam Mac Con Iomaire ina leabhar iontach "Nár Fhágha Mé Bás Choíche" ar an tábhacht a bhí leis an amhrán i saol ceoil Uí Éanaí.

Tháinig mé ar an leagan seo thíos ar ball de na liricí is mé i mbun gúglála. Tá sé beagáinín difriúil ó leagan Iarla - is breá liom na línte scáfara sin atá aige siúd "Cuireadh tairní maola trína chosa is trína lámha" Tá an úsáid a bhaineann sé as an aidiacht sin "maola" an-chumhachtach, sílim - déanann sé gníomh an chéasta níos barbartha fós, agus cuireann sé le réalachas na hinste.

Ní fios cé a chum an t-amhrán seo, ach samhlaím i gcónaí gur bean a rinne é. Tá sé chomh pearsanta mar phíosa - na línte "An é sin an maicín a d'iompar mé trí ráithe?/An é sin an maicín a rugadh ins an stábla?" - airím gur ag tarraingt ó thaithí phearsanta a bhí an té a chum.

Ní fhéadfainn a rá cén fáth go dtugtar Caoineadh na dTrí Muire ar an amhrán agus cén fáth go mbeadh triúr Muire i gceist ann. Scríobh Angela Partridge aka Aingeal de Búrca aka Angela Bourke leabhar ar an ábhar blianta fada ó shin - níl a fhios agam an bhfuil fáil i gcónaí air.

Seo chugaibh na liricí:

Caoineadh na dTrí Muire

A Pheadair, a aspail, an bhfaca tú mo ghrá geal? ochón agus ochón ó.
Chonaic mé ar ball é i láthair a namhad, ochón agus ochón ó.

Cé hé an fear breá sin ar chrann na páise? ochón agus ochón ó.
An é nach n-aithníonn tú do mhac a mhaithrín? ochón agus ochón ó.

An é sin an maicín a d'iompair mé trí ráithe? ochón agus ochón ó.
An é sin an maicín a rugadh ins an stábla? ochón agus ochón ó.

Nó an é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire? ochón agus ochón ó.
Nó an í sin an tsleá a chuaigh trí do lár geal? ochón agus ochón ó.

An é sin an casúr a bhuail tríot na tairní? ochón agus ochón ó.
An é sin an choróin spíonta a chuaigh ar do mhullach álainn? ochón agus ochón ó.

Mhaise éist, a mháithrín, agus ná bí cráite, ochón agus ochón ó.
Tá mná mo chaointe le breith fós, a mháthair, ochón agus ochón ó.

12 comments:

  1. Thug Iarla Caoineadh na dTrí Mhuire air, le séimhiú, sílim.

    Maidir leis an dtriúr, féach Eoin 19:25.

    ReplyDelete
  2. Tá tagairt aimsithe agam anseo do leabhar Angela Bourke agus is Caoineadh na dTrí Muire atá air, gan séimhiú. Tá ciall leis sin, sílim. Má bhreathnaíonn tú, mar shampla, ar an iontráil ó mhí na Márta "Anois Teacht an Earraigh" tá píosa filíochta ansin ó thús ré na NuaGhaeilge. An uair sin, sa tuiseal ginideach, uimhir iolra, bhíodh urú ar an ainmfhocal agus ar an aidiacht araon:

    Gotha gadhair Ghleanna Caoin,
    is gáir fhiolair chaoich na sealg,
    tairm na gcon ag triall go moch
    isteach ó Thráigh na gCloch nDearg.

    D'imigh an t-urú ar an aidiacht sa tuiseal ginideach i léig de réir a chéile - ach níor cuireadh séimhiú riamh ina áit. Mar sin, shamhlóinn go bhfuil Caoineadh na dTrí Muire níos cruinne. Sin é mo thuiscint-se ar an scéal ar aon nós.

    ReplyDelete
  3. 'A Pheadair a Aspail' a thugaimíd ar an iomann sin i gCúil Aodha cé go bhfuil a fhios againn gan amhras gurb é Caoineadh na dTrí Mhuire an t-ainm cheart ar an amhrán. Ar ndóigh d'fhoghlaim Iarla an iomann/amhrán agus é ag fás suas i gCúil Aodha agus é á canadh gach Aoine an Chéasta le Cór Chúil Aodha. Tá sé á chanadh le mo chuimhne ar aon nós - gach seans go bhfuair Seán Ó Riada an leagan ó Sheosamh Ó hÉanaí roimhe sin.

    ReplyDelete
  4. Seans maith go bhfuil dul amú orm mar sin, má tá sé á rá i gCúil Aodha riamh anall. Tá iomann aoibhinn eile agaibh atá le fáil ar an dlúthdhiosca a chuir Cló Iar-Chonnachta amach d'amhráin Dhiarmuidín Uí Shúilleabháin - "An Pósadh i gCána". Tá cur síos ann ar Chríost ar an mbealach go Calvaire agus é "á stolladh is á straoilleadh ag daoine gan chumann" - líne iontach. Albam iontach é agus an-léargas ar an saibhreas amhrán atá agaibh i Múscraí.

    ReplyDelete
  5. De bharr gur A Pheadair A Aspail a thugaimíd, sa chóir, ar an amhrán seo, ní thugaimíd morán súntas don ainm eile. Táim díreach tar eis seiceáil a dhéanamh i mo leabhar iomainn agus tá sé ansin mar Caoineadh na dTrí Muire!

    Mea maxima culpa.

    ReplyDelete
  6. Ní thitfidh muid amach faoi, ar Dhomhnach Cásca go háirithe!

    ReplyDelete
  7. Más spéis leat na hiomann, rinne Gael Linn athéisúint ar "Go mBeannaítear duit". Is iomaí seoid atá ar sin. Agus Iarla óg le clos air, muna bhfuil dul amú orm.

    ReplyDelete
  8. Maidir leis an trí Muire - féach Eoin 19:25
    Bhí ag seasamh le hais chros Íosa a mháthair, agus deirfiúr a mháthar Máire Clóphas, agus Máire Mhaigdiléana.

    ReplyDelete
  9. Go raibh maith agat faoin eolas sin, a Aonghuis. Bhí Eoin 19:25 luaite ag Séamas thuas chomh maith. Dála an scéil, tá mé ag cuartú cóip de Bhíobla Uí Fhiannachta, faoi chlúdach crua, le ceannach, má thagann duine ar bith trasna ar cheann.

    ReplyDelete
  10. Tá cóip agam, ach níl sí ar fáil!
    Ní cosúil go bhfuil cóip ag www.litríocht.com ná www.cuplafocal.ie

    Is léir go bhfuil an brabach le deánamh as an leagan bog amazon ag lorg $70 air!Conneoidh mé mo shúile oscailte.

    ReplyDelete
  11. An gá duit iasacht le haghaidh gnó phearsanta? má tá i dteagmháil leis an ríomhphost seo (igein_h_yizevbekhai@admin.in.th) do do aistriú iasachta
    láithreach. is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh linn anseo ar an ríomhphost seo: amaah.credit.offer@gmail.com.

    ReplyDelete