Thursday 28 May 2009

Ar chóir a bheith ag cóiriú?

Tá mé ag cur barr slachta inniu ar an gceathrú leabhar sa tsraith Fiannaíochta do pháistí, "Gruaig Fhinn" Is é An Gúm atá ag foilsiú na sraithe. An chúis gurb é atá ag plé leis an saothar seo seachas mo chomhlacht féin, Futa Fata, ná gur chuir mé an t-ábhar seo faoi bhráid an Ghúim den chéad uair sa mbliain 1984.

Bhí mo chéad leabhar, Fleá Bhricriu, curtha amach acu tamall roimhe sin agus an chéad rud eile a rinne mé ná cnuasach scéalta Fiannaíochta a chóiriú le bheith foilsithe in aon imleabhar amháin. Ar chúis amháin nó ar chúis eile, níor foilsíodh an saothar sin, agus th'éis dom tamall de bhlianta a chaitheamh ag crá an eagarthóra a bhí i mbun an Ghúim ag an am, scaoil mé tharam é agus dhírigh ar thograí eile. Ansin, gan choinne, ceithre bliana ó shin, fuair mé litir ó Sheosamh Ó Murchú, eagarthóir sinsearach reatha an Ghúim, ag iarraidh orm breathnú arís ar an tseanscríbhinn, féachaint le sraith leabhar ghearra a bhunú ar an gcnuasach scéalta a bhí curtha faoi bhráid An Ghúim agam i lár na n-ochtóidí. Shocraigh muid díriú ar cheithre cinn, agus tá trí cinn acu sin foilsithe go dtí seo: Fionn mac Cumhaill, Taoiseach na Féinne; Bran agus Sceolán agus Oisín.

Tá mé an-sásta anois gur mar sin a tharla. Ag breathnú siar ar an gcóiriú a rinne mé ar "Fleá Bhricriu", is minic a deirim anois le hábhar scríbhneoirí gur sampla maith é den bhealach nár chóir tabhairt faoi sheanscéal a chóiriú do pháistí. (Bhí na lochtanna céanna le brath ar an gcnuasach Fiannaíochta agus tá mé an-sásta nár cuireadh amach sa riocht sin iad.)

Cé na lochtanna atá agam ar an jab a rinne mé ar Fleá Bhricriu? Ar an gcéad dul síos, bhí mé ró-dhílis don seanscéal. Chuir mé an iomarca mionsonraí agus mion-charachtair isteach ann nach raibh tábhacht leo. Bhain siad sin de rithim agus de luas an scéil.

Bhí mé gafa chomh maith ag an am le faisean na linne sin maidir le "leaganacha deasa cainte" a shá isteach anois is arís, ar mhaithe le cur saibhreas teanga na léitheoirí óga. Sa lá atá inniu ann, agus mé ag scríobh don aoisghrúpa seo (idir 7 - 10 mbliana nó mar sin) is é an phríomhaidhm a chuirim romham ná go mbeadh na léitheoirí in ann an leabhar a léamh ar a gconlán féin agus taitneamh a bhaint as an scéal. An tríú athrú atá tagtha ar an gcur chuige, sílim ná go bhfuil na blianta atá caite agam ag scríobh scripteanna teilifíse th'éis dul i gcion orm.

Bím ag iarraidh na cleasanna atá foghlamtha agam maidir le forbairt carachtar agus go háirithe maidir le struchtúr scéil a chur ag obair. An ceathrú rud ná go bhfuilim sásta an scéal a chóiriú ar mhaithe le feabhas a chur ar an scéal do léitheoirí an lae inniu, gan a bheith ag déanamh an iomarca buartha faoi bheith dílis don seanleagan a bhfuilim ag bunú mo leagain féin air. I gcás an scéil "Bran agus Sceolán", cuir i gcás, sa seanleagan is aint le Fionn í Tuirne, atá casta isteach ina cú - is ise atá ansin ina máthair ar an dá choileán, Bran agus Sceolán. Sa leagan a chóirigh mise, shocraigh mé gur leasdeirfiúr le Fionn í, a tháinig ar an saol tar éis do mháthair Fhinn, Muireann a bheith ar a teitheadh ar feadh na mblianta, th'éis do Gholl mac Morna a fear, Cumhall mac Tréanmhóir a mharú. Thug sé sin rud eicínt le déanamh do Mhuireann go dtí go bhfuair sí amach go raibh a mac, Fionn, th'éis an jab a fháil mar Thaoiseach ar na Fianna. Radharc mór drámatúil a bhí ann nuair a roinn sí an t-eolas sin le Tuirne, iníon léi a bhí anois ina bean óg.

Ní chuireann sé buairt ar bith orm nach bhfuil an leagan amach seo ag teacht leis an traidisiún. Níl an leagan nua ag teacht salach le bun-nádúr an bhunscéil. An aidhm atá agam ná go mbeadh grá ag gasúir don ábhar. Má spreagann sé iad le staidéar a dhéanamh ar an bhFiannaíocht agus iad níos sine, beidh an aidhm baint amach agam, fiú má chuireann an staidéar sin ar a súile dóibh nár chloígh mise i gcónaí leis an traidisiún. Tá an cineál sin éabhlóide i gceist riamh i dtraidisiún na Fiannaíochta ar aon nós.


Tá súil ag an nGúm "Gruaig Fhinn" a bheith ar fáil i gcomhar mhargadh na Nollag.

7 comments:

  1. Mar sin, is ceart agus cóir cóiriú cuí!
    Coinnigh ort!

    Beidh súil in airde agam dó.

    ReplyDelete
  2. Cad é do dhearcadh maidir leis an C.O. vs. "Gaeilge na Gaeltachta?"

    ReplyDelete
  3. Ní hamháin san Fhiannaíocht atá an éabhlóid sin le feiceáil, ach i litríocht na nGael tríd síos. Níl aon leagan "canonical" d'aon cheann de na seanscéalta. Mar shampla, tá dhá leagan den Táin ann. Bhíodar de shíor ag iarraidh an scéal -- scéal ar bith -- a fheabhsú, a athmhúnlú, a cheartú, a athscríobh sa teanga chomhaimseartha, etc. etc.

    ReplyDelete
  4. Tá seanfhocal anseo i gConamara ann - bíonn dhá leagan ar chuile scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

    Maidir le do cheist, a Shéamais, faoin gCaighdeán Oifigiúil agus Gaeilge na Gaeltachta, seo é mo dhearcadh féin: Beidh bearna i gcónaí ann idir teanga scríofa agus teanga labhartha. Rud nádúrtha é sin. Tá tábhacht le córas caighdeánach scríbhneoireachta a bheith ag teanga - is é sin, go n-aontaítear faoin gcaoi a dhéantar focail a litriú. "Dúirt", cuir i gcás.
    Ní "Dúbhairt" ná "dubhairt" ná rud ar bith eile. Ó tharla gur mionteanga atá sa nGaeilge, baineann ceisteanna féiniúlachta leis na canúintí éagsúla. Le blianta beaga anuas, tá obair mhór déanta ar an gcóras a bhaineann le múineadh na léitheoireachta sna bunscoileanna. Bhí an-ghá leis sin. Nuair atá páiste Gaeltachta óg, agus nuair nach bhfuil acu ach canúint amháin den teanga, tá sé an-tábhachtach go mbeadh an teanga scríofa chomh cóngarach dá dteanga labhartha agus is féidir, ó thaobh bun-leaganacha cainte de (Conas v. cén chaoi, cuir i gcás). Rinneadh córas iomlán léitheoireachta, Séideán Sí, a fhorbairt sna trí mhórchanúint le blianta beaga anuas leis an mbuntús seo a thabhairt do chainteoirí dúchais ina gcanúint féin. Dé réir mar a fhásann an páiste, ba chóir iad a chur ar an eolas de réir a chéile faoi na canúintí eile. Sílim go bhfuil gá breis traenála a chur ar mhúinteoirí san obair seo, agus tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi chomh maith. Tá claonadh i measc cainteoirí dúchais "Caighdeán" a thabhairt ar rud ar bith nach bhfuil ar fáil ina gcanúint féin. Bíonn páistí go maith in ann déileáil leis an leathnú seo ar a gcanúint féin, ach an próiséas a bheith oibrithe amach i gceart. Bíonn tuismitheoirí amhrasach faoi na canúintí eile, scaití - go háirithe daoine nár oibrigh le cainteoirí Gaeilge ó cheantracha eile. Bíonn faitíos orthu go millfear Gaeilge na ngasúr. Ach má tá todhchaí in ann don teanga, beidh an meascadh sin ann. Caithfear a bheith dearfach faoi.

    ReplyDelete
  5. Conas v. cén chaoi, cuir i gcás...

    Conas atá / Cén chaoi a' bhfuil / Cad é mar atá - bíonn siad an-úsaideach domsa chun an Ghaeilge a mhúineadh do dhaoine anseo i Siceagó. Ar dtús, tá a fhios 'ad cár as don duine eile (M,C,U). Le sin, is samplaí maith iad don bhriathar "bí" sa bhfoirm spleachas/neamhspleachas. (sa bhfoirm / san fhoirm, cur i gcás :)

    Slán

    ReplyDelete
  6. Is buntáiste, ar shlí, dúinne a thosaigh ó bhun, mar ní raibh claonadh láidir againn i bhfabhar canúna ar bith, agus is riachtanach dúinn roinnt de gach canúint a fhóghlaim. Ceapadh an CO mar 'idirchanúint'. Ceaptar gur intuighte é do gach cainteoir. Is dócha, mar a deir tú, go gceaptar go milleann athrú ar bith (nó leagan cainte eile) an chanúint a bhítear ag caomhnú, dar leo ag a bhfuil sí. Ní mór an teanga dhúchasach a chaomhnú, ach freisin ní mór teanga ginearálta náisiúnta (idirnáisiúnta) a chothú. Ag freastal an dá thrá... An focal scoir: ní féidir duine ar bith a shásamh!

    ReplyDelete
  7. Ní dóigh liom gur mar idirchanúint per se, a ceapadh an Caighdeán Oifigiúil, ach mar chóras scríbhneoireachta a choinneodh smacht eicínt ar chóras litrithe agus gramadaí. Bhí caighdeán labhartha á fhorbairt chomh maith - is cuimhin liom cruinniú a bheith ag an bhfear a bhí ag plé leis, An Dochtúir Dónal Ó Baoill, le craoltóirí Gaeilge RTÉ, le linn dom a bheith ag obair ann. Níor chuala mé caint ar bith air le fada - níl a fhios agam an bhfuil sé caite in aer mar thogra ó shin.

    ReplyDelete