Monday 25 May 2009

Na Bráithre Ainchríostaí


Duine ar bith a bhfuil eolas aige nó aici ar mo shaol cruthaitheach, aithneoidh sé nó sí go bhfuil spéis ar leith agam i ngasúir. Chaith mé seal ag múineadh naíonáin bheaga agus mé ag obair mar mhúinteoir bunscoile i dtús mo shaol oibre - rud neamhchoitianta go maith. Mná is mó a bhíonn ag obair leis na gasúir bheaga. Is clár do ghasúir óga, Dilín o Deamhas, a thug isteach i saol na craoltóireachta mé. Castar daoine go fóill orm, ar tuismitheoirí iad féin faoin tráth seo, a ghlac páirt sa quizchlár teilifíse do pháistí bunscoile a mbínn ag cur i láthair ar RTÉ sna hochtóidí, Eureka. Le tamall de bhlianta anuas, táim ag obair arís le gasúir i mo shaol ceoil agus tá saothair ar nós Gugalaí Gug agus Peigín Leitir Móir mar thoradh ar an obair sin.

I mo shaol pearsanta, tá sé d'ádh orm agus ag mo bhean go bhfuil ceathrar gasúr curtha ar an saol againn, beirt atá anois ina ndéagóirí, agus an duine is óige a ghlac an Chéad Chomaoineach den chéad uair Dé Sathairn seo caite.

Ní fhéadfainn a chur in iúl i bhfocail ar dhoimhneacht mo chuid mothúchán do mo chuid gasúr féin. Gaol ar leith atá ann, caidreamh atá tar éis mo shaol a shaibhriú as cuimse.

Ach seachas mo chuid féin, is breá liom comhluadar gasúr. Is mar sin atá mé riamh. Is cuimhin liom a bheith ag rith abhaile ón scoil agus mé i mo leaidín beag ag súil le bheith ag spraoi le mo dheartháirín Gerard, a bhí díreach tosaithe ag caint. Cén fáth é sin? Is deacair a rá. Sílim go bhfuil draíocht áirithe ag baint le cumarsáid a dhéanamh le duine daonna atá ag feiceáil an tsaoil den chéad uair, atá ag oibriú amach mionrudaí, mion-iontaisí ar iontaisí móra iad, ach nach bhfeiceann daoine níos sine iad mar iontaisí níos mó. Tá gasúir oscailte. Tá siad leathan-aigeantach. Tá siad fiosrach. Is breá leo a bheith ag gáire. Is breá leo a bheith beo. Agus más duine tú atá oscailte tú féin d'aigne an pháiste, gabhfaidh an oscailteacht sin i gcion ort agus cuirfidh sé i gcuimhne duit gur míorúilt atá sa mbeatha, gifte nach féidir luach a chur air.


Is sa gcomhthéacs sin atá mé ag iarraidh scríobh inniu faoin tuairisc a foilsíodh anseo in Éirinn an tseachtain seo caite faoin mí-úsáid ghránna, bharbartha, mhíthrócaireach, lúbtha, ainchríostaí ar baineadh as gasúir bhochta shoineanta san am a caitheadh anseo in Éirinn. Goideadh uathu an tsoineantacht. Bualadh an oscailteacht amach astu. Goideadh uathu an t-iontas agus cuireadh an faitíos, an t-uamhan agus an sceimhle ina áit. Éigníodh a gcolainn agus a n-anam. Sciobadh uathu a gcuid féinmhuiníne, a ndínit, a ndaonnacht féin, agus satlaíodh air. Bróga dubha snasta ag satailt ar anamacha beaga daonna.

Caitlicigh ab ea chuile dhuine de na buachaillí a bhí coinnithe in institiúidí na mBráithre Críostaí. Is cinnte go raibh corr-Chríostaí maith i measc na mbráthar, ach má bhí, cén deis a fuair siad labhairt amach? Agus mura bhfuair, céard a rinne siad faoi?

Rud amháin ab ea an córas lofa céasta a chruthaigh na Bráithre Críostaí. Ba é an chuid is measa agus is brúidiúla é de chóras an phionóis chorpartha a chonaic mé féin le mo shúile cinn i gcaitheamh na scoilbhliana 1972-73 i gColáiste Iarlatha Naofa i dTuaim, in oirthear Chontae na Gaillimhe. Bualadh mise ansiúd. Baineadh úsáid as an bhforéigean le Críostaithe síochánta a dhéanamh dínn. Agus glacadh leis mar chultúr an uair sin, ar bhealach nach nglacfaí anois leis.

Ach an drochíde a bhí á tabhairt do ghasúir bhochta sna campaí géibhinn á bhí á reachtáil ag na Bráithre Críostaí, bhí leibhéal eile cruálachta ag baint léi. Agus mura raibh dóthain náire tarraingthe acu ar ainm Chríost ag na Bráithre leis an réimeas ainchríostaí sin, cuireadh leis an náire sin le blianta beaga anuas leis an lúbaireacht, leis an uisce faoi thalamh agus leis na dearg-bhréaga a d'inis cuid de na Bráithre agus iad ag iarraidh tabhairt le fios nach raibh an oiread sin, dáiríre, déanta as bealach acu.

An cheist atá agam ná seo - cén chaoi ar féidir le duine ar bith de na Bráithre Críostaí, bíodh sé ciontach go pearsanta nó ná bíodh, cén chaoi gur féidir leis a shamhlú faoin tráth seo go bhfuil an t-ainm "Críostaí" tuillte ag an eagraíocht lena mbaineann sé?

3 comments:

  1. Sé an lúbaireacht sin is pianmhara domhsa mar ball den Eaglais.

    Bhí leithscéal éigin ann d'fhaillí de bharr aineolas agus easpa tuisceana ar ghliceas agus baol na ciontóirí - aineolas a bhí ann fiú i measc an aos leighis.

    Ach níl leithscéal ar bith don camastaíl d'aon ghnó seo i gcúrsaí dlí.

    Tá, mar a dúirt Ardeaspag Bhleá Cliath, a charism tréigthe agus náirithe acu ar bhealach uafásach.

    ReplyDelete
  2. Tá mé féin chomh buartha céanna, a Thaidhg. Ní thuigim cén chaoi sa sioc ar éirigh leo leanúint ar aghaidh leis an mí-úsáid uafásach seo - i ngan fhios más fíor!

    Críostaithe! Ní raibh croí acu, feictear dom, gan trácht ar Chríostaíocht.

    ReplyDelete
  3. Bhuel ní fhéadfadh sibh é a chur níos fearr.

    Creidim go raibh súile agus intinní go leor daoine sa tír seo dúnta ag an tseicteachas a bhí fréamhaithe go smior iontu.

    Ach tá súile ag oscailt anois. Roinnt.

    Bhí siúracha na Trócaire uilig a raibh plé agam féin leo ar scoil sa Spidéal fadó iontach Críostúil - mná shubstaintiúla, mná den scoth, caithfidh mé a rá. Cé nach Caitliceach méféin ó bhí mé 18 (d'iompaíos níos deireanaí ar an bProdastúnachas), tá meas agam ar na mná rialta agus na sagairt a raibh aon aithne mhaith agam orthu riamh mar dhaoine agus mar dhaoine le dea-phrionsabail.

    Dá mba rud é gur tháinig scoláire isteach ar scoil gan lón, thugadh na mná rialta suas ag an gclochar iad agus bheathóidís iad.

    Creidim nach leigheastear riamh go hiomlán croíthe na créatúir bhochta a fhulaingíonn droch-íde. Is fíor-ghránna an dóigh go gcuireann an Institiúid Chaitliceach an Institiúid roimh na gCríostaíocht.

    ReplyDelete