Wednesday 20 May 2009

Ceart agus an Ó Mór

Rud atá tugtha faoi deara agam leis an mbogearra "Ceart" - ar chúis éigin níl sé in ann Ó mór a aithint. I gcás an fhocail "Ócáid", cuir i gcás, is mar seo a léann sé é - "cáid. An bhfuil sé seo tugtha faoi deara ag duine ar bith eile agaibh?

3 comments:

  1. Ní féidir brath go hiomlán air mar áis, a Thaidhg - ní bhíonn Ceart ceart i gcónaí, cé go dtuigim cén fáth a mholainn sé rudaí nach mbíonn ceart in amanna. Tá sé iontach mar áis ach súil a choinneáil ar na ceartúcháin a mholann sé, agus d'eolas féin ar an ngramadach srl., a thrust freisin.

    ReplyDelete
  2. Tugaim é sin faoi deara - ach mar áis profála, tá sé an-mhaith le lúibíní beaga ar lár a aimsiú.

    ReplyDelete
  3. Coinníonn sé súil ghéar ar mo bhotúin féin, a chara. Is minic ann iad, agus is minic iad aimsithe ag Ceart. Mholfainn é mar áis, gan dabht, é féin agus Gaelspell.

    ReplyDelete