Monday 18 May 2009

Cumadóireacht amhrán i mionteanga


Bhí an-óiche againn in Áras na nGael i gCathair na Gaillimhe san oíche Dé Sathairn ag ceolchoirm de chuid an amhránaí Dom Duff, cumadóir agus fonnadóir ón mBriotáin. Chuir mé féin an-spéis i gceol traidisiúnta na Briotáine i dtús na bhfichidí dom agus chaith mé cúpla samhradh thall ann ag casadh ceoil. D'éirigh liom bunús na teanga a fhoghlaim ar chúpla staj, nó cúrsa samhraidh thall. Ansin sa mbliain 1984 nó mar sin, tháinig fear óg ón mBriotáin, Iwan Coué, go Baile Átha Cliath le staidéar iarchéime a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide. Bhínn ag castáil leis uair nó dhó sa tseachtain i gcaitheamh na bliana sin agus faoin am go raibh sé ag filleadh ag deireadh a chúrsa, bhí mé féin measartha líofa sa mBriotáinis.

Is beag úsáid atá bainte agam as an teanga le scór blianta anuas, ach anois le teacht an idirlín tá mé ar ais i dteagmháil léi de bheagán.

Casadh Dom Duff orm deich mbliana ó shin nó mar sin agus mé ag moltóireacht ag an bhFéile Pan-Cheilteach i dTrá Lí. Ag cumadh amhrán comhaimseartha sa mBriotáinis a bhíonn Dom. Amhránaí breá é agus tá stíl álainn giotáir le cois aige.

Tá na dúshláin chéanna ag baint leis an rud atá ar siúl aige siúd leis an gceol is a bhíodh ar bun agam féin anseo leis an nGaeilge. Seans go bhfuil sé beagán níos éascaí sa mBriotáinis, mar go bhfuil muintir na Briotáine agus na Fraince níos oscailte don cheol i dteanga nach bhfuil ar a dtoil acu ná mar atá muintir na hÉireann. Ach le sásamh iomlán a bhaint as stíl Dom, níor mhór tuiscint a bheith ag duine ar liricí a chuid amhrán.

Mar a tharlaíonn sé, tá mé féin agus na gasúir ag éisteacht le gairid le ceann d'albaim Kila "Lemonade and Buns" agus muid ag taisteal sa gcarr. Tá an-cheol ag Kila, agus cóiriú an-chríochnúil ar a saothar. Tá stíl dá chuid féin ag Rónán Ó Snodaigh mar chumadóir agus mar amhránaí, stíl nach bhfuil ag brath ar thuiscint a bheith agat ar a chuid liricí. Go deimhin, bíonn sé fíordheacair a chuid liricí a thuiscint uaireanta - ach is cuma. Fuaim atá ann, cuid d'uige an cheoil atá ag an ngrúpa. Chomh maith leis sin, ní hionann agus Dom Duff, ní amhráin ar fad a bhíonn ag Kila, ach meascán de cheol uirlise agus amhráin/dánta/rapáil Rónáin. Is sa gcomhthéacs sin is fearr a éiríonn le liricí Gaeilge (agus liricí Briotáinise) lucht éisteachta mór a bhaint amach.

Tá áit ann don chumadóir a bhfuil a chuid amhrán ag brath ar thuiscint a bheith ag an bpobal ar a bhfuil á chasadh aige. Lucht éisteachta i bhfad, i bhfad níos lú atá aige, faraor. Tá sé ionann is dodhéanta slí bheatha a bhaint amach as bheith ag plé go lán-aimseartha leis an gcineál sin ceoil. Tá bealach eile ann le tabhairt faoi (agus baineann an cur chuige seo le ceol Kila arís, agus le Dom Duff, chomh maith, a bhíonn ag obair, scaití le baill de Kila). Is éard atá i gceist agam ná stíl an cheoil a bhunú ar an dúchas - Briotánach nó Gaelach sa gcás seo. Tá glacadh níos fearr ag daoine le hamhráin ó thraidisiún ar bith ná mar atá acu le cumadóireacht chomhaimseartha i dteanga nach dtuigeann siad. Sin é an fáth go bhfuil an domhan mór siúlta ag leithéidí Kila agus Clannad. Sin é an fáth chomh maith nach gcloisfeá mórán ó ghrúpaí Breatnaise taobh amuigh dá dtír féin.

No comments:

Post a Comment