Monday, 11 May 2009
Físeán na Seachtaine - Ali Farka Touré
Bhí plé an tseachtain seo caite anseo faoi cheol iarthar na hAfraice - seo duine de laochra móra an réigiúin sin, Ali Farka Touré ó Mhailí. Ceoltóir iontach giotáir a bhí ann a rugadh i 1939 is a cailleadh trí bliana ó shin, i mí na Márta 2006. Dúirt Martin Scorcsese faoi go raibh "the DNA of the blues" le cloisteáil ina chuid ceoil.
Labels:
Ali Farka Toure,
an Afraic,
Físeán na Seachtaine,
giotár,
Mailí
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Beidh, dála an scéil, féile scannánaíochta Afraiceach ar siúl i nGaillimh an deireadh seachtaine seo. Beidh scannán le Youssou N'Dour ar siúl freisin.www.galwayafricanfilmfestival.com
ReplyDeleteCeartúchán: Domhnach an 31ú Bealtaine an lá go mbeidh an fhéile ar siúl.
ReplyDeleteLéigh mé faoi sin sa Galway Advertiser an lá cheana. Idir é agus Rás Bád Volvo agus gach a bhaineann leis, ní bheidh aon easpa rogha siamsaíochta orainn deireadh seachtaine na Cincíse!
ReplyDeleteAn rud is mó go bhfuil suim agam a fheiceáil le linn rás Volvo ná - go maithe Dia dhom é!- an decking déanta as plaisteach a bheidh in aice leis na pobail mhóra.
ReplyDelete