Monday 11 May 2009

Físeán na Seachtaine - Ali Farka Touré


Bhí plé an tseachtain seo caite anseo faoi cheol iarthar na hAfraice - seo duine de laochra móra an réigiúin sin, Ali Farka Touré ó Mhailí. Ceoltóir iontach giotáir a bhí ann a rugadh i 1939 is a cailleadh trí bliana ó shin, i mí na Márta 2006. Dúirt Martin Scorcsese faoi go raibh "the DNA of the blues" le cloisteáil ina chuid ceoil.

4 comments:

  1. Beidh, dála an scéil, féile scannánaíochta Afraiceach ar siúl i nGaillimh an deireadh seachtaine seo. Beidh scannán le Youssou N'Dour ar siúl freisin.www.galwayafricanfilmfestival.com

    ReplyDelete
  2. Ceartúchán: Domhnach an 31ú Bealtaine an lá go mbeidh an fhéile ar siúl.

    ReplyDelete
  3. Léigh mé faoi sin sa Galway Advertiser an lá cheana. Idir é agus Rás Bád Volvo agus gach a bhaineann leis, ní bheidh aon easpa rogha siamsaíochta orainn deireadh seachtaine na Cincíse!

    ReplyDelete
  4. An rud is mó go bhfuil suim agam a fheiceáil le linn rás Volvo ná - go maithe Dia dhom é!- an decking déanta as plaisteach a bheidh in aice leis na pobail mhóra.

    ReplyDelete