Wednesday 20 May 2009

Flat out sa ngarraí!


Tá mé flat out anseo sa ngarraí ag réiteach leabhair do na clódóirí. Ceann de na teidil a bheas ag teacht sa bhfómhar ó Futa Fata atá i gceist. Tá "Seo í mo scoil" imithe chun bealaigh cheana féin. Is ar "Seo é mo chreideamh" atá mé ag díriú anois. Tá oiread foghlamtha agam ó thosaigh mé ag plé leis - ainmneacha na gcreideamh éagsúla - Saíceachas, cuir i gcás, nó Sinteochas, nó Sóróstarachas - creideamh nár chuala mé caint riamh air go dtí gur thosaigh mé ag plé leis an leabhar seo. An raibh a fhios agat gur "gurdbhara" a thugtar sa nGaeilge ar theampall Saíceach? An raibh a fhios agat gur gurdwara a bhí i mBéarla air?

Tá pátrúin spéisiúla le haithneachtáil chomh maith ó thaobh an chaoi go bhfuil coincheapanna éagsúla le fáil i gcreidimh éagsúla - luaigh mé ceann amháin anseo cheana faoi na Hiondúigh a bheith ag lasadh coinnle leis an Rí Rama a sheoladh abhaile - an-chosúil leis an nós Gaelach na coinnle a lasadh faoi Nollaig le Muire agus Iósaef a threorú go Beithil. Cineál cúrsa spioradálta a bhí sa togra seo agus fillfidh mé ar an téama seo nuair a bheas an chruóg oibre curtha díom agam.

Den chéad uair, tá mé ag baint úsáide as Gaelspell agus Ceart, na bogearraí litrithe agus gramadaí, faoi seach. (feicim go bhfuil Gaelspell ag oibriú agus mé á chlóscríobh seo, rud atá iontach - níor thuig mé go n-oibreodh sé ach amháin mar chuid de Microsoft Word). Táim á bhfáil an-úsáideach, go háirithe le jab casta mar seo agus brú ama orm cloí le spriocdháta an chomh-fhoilsitheora i Londain.

3 comments:

  1. nice blog n thk for sharing,hai friend welcome to my blog, i want share my yoga pose n lifestyle to u ,thk

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir gur cheap mo dhuine anseo thuas gur pose ióga a bhí i gceist agam le "flat out".

    ReplyDelete
  3. Turscaire! Comhartha go bhfuil rachairt ar do bhlag. Táimse ag baint feidhm as Firefox le fada (sa bhaile) agus táim spléach air chun sciorradh méir a chosc. (Tá leagan Kevin Scannell de Ghaelspell ar fáil mar chuid de).

    ReplyDelete