Wednesday 27 May 2009

Beirt bhan mhisniúla


Dé Luain seo chugainn, an chéad lá de mhí an Mheithimh, beidh Muireann Nic Amhlaoibh Dhún Chaoin agus Julie Fowlis as Oileán Uist Thuaidh na hAlban ag teacht go Gaillimh le ceolchoirm a thabhairt a bheas bunaithe ar an ábhar a rinne siad taifeadadh anuraidh air ar an albam "Dual". Sa gCrane Bar a bheas siad ag casadh agus is mé atá ag súil leis.

Iníon í Muireann le Feargal Mac Amhlaoibh, fidléir, foilsitheoir agus scríbhneoir atá lonnaithe i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne. Chasadh sé ceol go minic Tigh Bhric ar an Riasc, an teach inar tógadh mo bhean. Is cuimhin liom Muireann agus í ina déagóir a bheith ag casadh ann oíche nó dhó ar shuigh mé isteach leo agus muid ar cuairt ó Bhleá Cliath. Bhíodh Con Durham, píobaire cumasach ó Bhleá Cliath, atá ag cur faoi in Iarthar Duibhneach le fada, i mbun ceoil go rialta chomh maith ag an seisiún rialta a bhíodh sa sean-Tigh Bhric, sular athchóiríodh é.

Is leis an gceol a chuaigh Muireann mar ghairm. Bíonn sí ag casadh (agus ag seimnt, go deimhin) go rialta leis an ngrúpa Danú. Amhránaí álainn í agus ceoltóir breá feadóige, idir fheadóg stáin agus fheadóg mhór. Beidh an-oíche ann, sa gCrane, tá mé cinnte.

Coinnígí súil bioraithe do na dátaí eile ar chamchuairt na hÉireann. Agus más thar lear atá sibh á léamh, faighigí greim ar "Dual" - an-phíosa oibre atá ann.

Is iad Muireann agus Julie atá roghnaithe agam le haghaidh Físeán na Seachtaine seo. Don chainéal nua Gaidhlige, BBC Alba a rinneadh an taifeadadh seo. Is ón seanchaí ón taobh seo tíre, Tom Pheaidí Mac Diarmada, nach maireann, a chuala mé féin den chéad uair an t-amhrán atá á rá ag Muireann anseo "Chuirfinn trí thóin" - ní shin an teideal oifigiúil atá air, cheapfainn, ach tá ag cinnt orm cuimhneamh air sin faoi láthair.

2 comments:

  1. Go raibh míle maith agat as iad seo a chur ar mo shúile -- agus ar mo chluasa -- dom! Táim díreach tar éis "A Ríogain Uasail" agus "Duan & Laoi" a cheannach ó iTunes.

    ReplyDelete
  2. Tá Duan agus Laoi an-spéisiúil. Scríobh mé anseo faoi cheana:http://garraijohnnymhorgan.blogspot.com/2009/03/ta-duil-agam-in-dual.html Is breá liom na cinn rithimiúla chomh maith - Neilí Neilí, cuir i gcás.

    ReplyDelete