tag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post8684124624784598879..comments2023-12-22T08:42:30.161+00:00Comments on Garraí Johnny Mhorgan: Ar chóir a bheith ag cóiriú?Tadhg Mac Dhonnagáinhttp://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comBlogger7125tag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-49230272151803651142009-05-30T22:44:24.271+01:002009-05-30T22:44:24.271+01:00Ní dóigh liom gur mar idirchanúint per se, a ceapa...Ní dóigh liom gur mar idirchanúint per se, a ceapadh an Caighdeán Oifigiúil, ach mar chóras scríbhneoireachta a choinneodh smacht eicínt ar chóras litrithe agus gramadaí. Bhí caighdeán labhartha á fhorbairt chomh maith - is cuimhin liom cruinniú a bheith ag an bhfear a bhí ag plé leis, An Dochtúir Dónal Ó Baoill, le craoltóirí Gaeilge RTÉ, le linn dom a bheith ag obair ann. Níor chuala mé caint ar bith air le fada - níl a fhios agam an bhfuil sé caite in aer mar thogra ó shin.Tadhg Mac Dhonnagáinhttps://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-10324308677028656672009-05-29T14:29:03.368+01:002009-05-29T14:29:03.368+01:00Is buntáiste, ar shlí, dúinne a thosaigh ó bhun, m...Is buntáiste, ar shlí, dúinne a thosaigh ó bhun, mar ní raibh claonadh láidir againn i bhfabhar canúna ar bith, agus is riachtanach dúinn roinnt de gach canúint a fhóghlaim. Ceapadh an CO mar 'idirchanúint'. Ceaptar gur intuighte é do gach cainteoir. Is dócha, mar a deir tú, go gceaptar go milleann athrú ar bith (nó leagan cainte eile) an chanúint a bhítear ag caomhnú, dar leo ag a bhfuil sí. Ní mór an teanga dhúchasach a chaomhnú, ach freisin ní mór teanga ginearálta náisiúnta (idirnáisiúnta) a chothú. Ag freastal an dá thrá... An focal scoir: ní féidir duine ar bith a shásamh!Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-59125928556130455792009-05-28T19:13:06.133+01:002009-05-28T19:13:06.133+01:00Conas v. cén chaoi, cuir i gcás...
Conas atá / Cé...Conas v. cén chaoi, cuir i gcás...

Conas atá / Cén chaoi a' bhfuil / Cad é mar atá - bíonn siad an-úsaideach domsa chun an Ghaeilge a mhúineadh do dhaoine anseo i Siceagó. Ar dtús, tá a fhios 'ad cár as don duine eile (M,C,U). Le sin, is samplaí maith iad don bhriathar "bí" sa bhfoirm spleachas/neamhspleachas. (sa bhfoirm / san fhoirm, cur i gcás :)

Slánkelly dnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-48300944568585099232009-05-28T18:07:55.223+01:002009-05-28T18:07:55.223+01:00Tá seanfhocal anseo i gConamara ann - bíonn dhá le...Tá seanfhocal anseo i gConamara ann - bíonn dhá leagan ar chuile scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

Maidir le do cheist, a Shéamais, faoin gCaighdeán Oifigiúil agus Gaeilge na Gaeltachta, seo é mo dhearcadh féin: Beidh bearna i gcónaí ann idir teanga scríofa agus teanga labhartha. Rud nádúrtha é sin. Tá tábhacht le córas caighdeánach scríbhneoireachta a bheith ag teanga - is é sin, go n-aontaítear faoin gcaoi a dhéantar focail a litriú. "Dúirt", cuir i gcás.
Ní "Dúbhairt" ná "dubhairt" ná rud ar bith eile. Ó tharla gur mionteanga atá sa nGaeilge, baineann ceisteanna féiniúlachta leis na canúintí éagsúla. Le blianta beaga anuas, tá obair mhór déanta ar an gcóras a bhaineann le múineadh na léitheoireachta sna bunscoileanna. Bhí an-ghá leis sin. Nuair atá páiste Gaeltachta óg, agus nuair nach bhfuil acu ach canúint amháin den teanga, tá sé an-tábhachtach go mbeadh an teanga scríofa chomh cóngarach dá dteanga labhartha agus is féidir, ó thaobh bun-leaganacha cainte de (Conas v. cén chaoi, cuir i gcás). Rinneadh córas iomlán léitheoireachta, Séideán Sí, a fhorbairt sna trí mhórchanúint le blianta beaga anuas leis an mbuntús seo a thabhairt do chainteoirí dúchais ina gcanúint féin. Dé réir mar a fhásann an páiste, ba chóir iad a chur ar an eolas de réir a chéile faoi na canúintí eile. Sílim go bhfuil gá breis traenála a chur ar mhúinteoirí san obair seo, agus tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi chomh maith. Tá claonadh i measc cainteoirí dúchais "Caighdeán" a thabhairt ar rud ar bith nach bhfuil ar fáil ina gcanúint féin. Bíonn páistí go maith in ann déileáil leis an leathnú seo ar a gcanúint féin, ach an próiséas a bheith oibrithe amach i gceart. Bíonn tuismitheoirí amhrasach faoi na canúintí eile, scaití - go háirithe daoine nár oibrigh le cainteoirí Gaeilge ó cheantracha eile. Bíonn faitíos orthu go millfear Gaeilge na ngasúr. Ach má tá todhchaí in ann don teanga, beidh an meascadh sin ann. Caithfear a bheith dearfach faoi.Tadhg Mac Dhonnagáinhttps://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-81113772451479464012009-05-28T16:49:08.032+01:002009-05-28T16:49:08.032+01:00Ní hamháin san Fhiannaíocht atá an éabhlóid sin le...Ní hamháin san Fhiannaíocht atá an éabhlóid sin le feiceáil, ach i litríocht na nGael tríd síos. Níl aon leagan "canonical" d'aon cheann de na seanscéalta. Mar shampla, tá dhá leagan den Táin ann. Bhíodar de shíor ag iarraidh an scéal -- scéal ar bith -- a fheabhsú, a athmhúnlú, a cheartú, a athscríobh sa teanga chomhaimseartha, etc. etc.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-34258402459304559652009-05-28T15:33:29.664+01:002009-05-28T15:33:29.664+01:00Cad é do dhearcadh maidir leis an C.O. vs. "Gaeilg...Cad é do dhearcadh maidir leis an C.O. vs. "Gaeilge na Gaeltachta?"Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-27642297407135487932009-05-28T11:11:48.106+01:002009-05-28T11:11:48.106+01:00Mar sin, is ceart agus cóir cóiriú cuí!
Coinnigh o...Mar sin, is ceart agus cóir cóiriú cuí!
Coinnigh ort!

Beidh súil in airde agam dó.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.com