Thursday 19 March 2009

Teacht an Earraigh


Tháinig mé ar sheanchóip den chnuasach filíochta "Lux Aeterna" le hEoghan Ó Tuairisc, i siopa athlámhach leabhar, i Sráid na Pairliminte i mBaile Átha Cliath, thart ar an mbliain 1982. Bhí mé th'éis castáil le hEoghan cúpla géabh i ndeireadh na seachtóidí agus mé ag freastal ar an meánscoil. Bhíodh sé ag moltóireacht ag féilte drámaíochta agus ag Slógadh.

D'imigh na blianta agus d'imigh "Lux Aeterna" amú orm. Dhá bhliain ó shin agus mé ag obair ar an gcnuasach "Aniar", chinn mé an dán "Oíche Nollag" (nó "Dá mbeadh meileoidean agamsa" mar is fearr aithne anseo i gConamara air) a chur san áireamh ann. Is ansin a fuair mé amach go raibh eagrán álainn nua de "Lux Aeterna" curtha in eagar ag Seán Ó Cearnaigh, agus foilsithe go slachtmhar ag Cois Life.

Seo sliocht as an dán aoibhinn "An Londubh sa Choill Péine" - píosa a d'fhéadfadh a bheith scríofa ag díthreabhach sa seachtú haois:

"Is a Dhia nach ró-aoibhinn
Rúndiamhair na nead cruinn,
Bíogadh na n-ubh gorm
Faoi bhrollach an loin,

Cliabháín bheaga na coille
Á luascadh faoi leoithne shéimh
Is fuineadh na gréíne gile
Chun glóire Dé."

5 comments:

  1. Aon seans go mbeifeá sásta léirmheas cuimsitheach (nó aon rud eile) a scríobh dúinn?

    ReplyDelete
  2. Cinnte, a Shéamais. Bí ag caint liom faoi ag tadhg@futafata.com

    ReplyDelete
  3. Sliocht álainn as an dán! Táim buíoch díot as sin a roinnt linn, a chara.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat a MhiseÁine! Tá an-stuif sa leabhar sin, feictear dom. Agus tá an leabhar a chuir Máirín Nic Eoin in eagar fadó d'altanna agus léachtanna Uí Thuairisc, "Religio Poetae agus Aistí Eile" an-mhaith go deo.

    ReplyDelete