Wednesday 11 March 2009

Leabhar filíochta do ghasúir


Tá leabhar álainn filíochta do ghasúir scríofa ag Áine Ní Ghlinn agus foilsithe ag Cló Mhaigh Eo. "Brionglóidí agus Aistir Eile" an teideal atá air agus is ealaíonta an píosa oibre é.


Cuid mhaith véarsaíochta a fhoilsítear do pháistí sa nGaeilge, is le bheith úsáidte mar áis theagaisc a scríobhtar í. Níl locht ar bith ar an méid sin, ach gasúir a bhfuil Gaeilge acu, tá gá acu le hábhar a bhfuil níos mó téagair ann. Tuilleadh eolais anseo:

1 comment:

  1. i.s. Comhghairdeachas le hÁine Ní Ghlinn agus le Cló Mhaigh Eo - tá "Brionglóidí" ainmnithe ar ghearrliosta do ghradam Bisto 2009. Go n-éirí an t-anlann leo.

    ReplyDelete