Sunday 29 March 2009

iGaeilge agus na Póilíní Teanga


Feicim go bhfuil na póilíní teanga th'éis a bheith ag batráil ar dhoras áirithe i gceantar Chúil Aodha. Tá samplaí liostáilte acu ar an mblag iGaeilge de mhíchruinneas a scríbhneora, Conchubhar Ó Liatháin maidir le cúrsaí inscne (ar eagla na míthuisceana, ní trasghléasadh ná tada mar é atá i gceist agam).

Diabhal mórán sásaimh a thugann iar-eagarthóir Lá do Ghardaí na Gramadaí. Ach cé acu atá an ceart? - an blagadóir ar fearr leis an scian a shá go feirc i bhfeoil bhog an Fhorais, nó na póilíní teanga atá ag tathaint air níos mó cúraim a chaitheamh lena chuid scríbhneoireachta?

Bhuel, maithigí dom má cheapann sibh gur Tadhg an Dá Thaobh mé, ach airím go bhfuil cuid den cheart ag Fear Biadáin Mhúscraí agus ag Póilín Rúnda an Phinn Dheirg araon.

Is galar é an cruinneas teanga nuair atá an té atá i ngreim aige go hiomlán dírithe ar mhianach na teanga, gan aird ar bith aige ar ghné na cumarsáide den scéal.

Agus an méid sin ráte, is teanga í an Ghaeilge - teanga ársa, teanga chasta. Tá gramadach achrannach go leor aici. Creidim féin go bhfuil sé de dhualgas ar chuile dhuine a shaothraíonn an teanga a dhícheall a dhéanamh í a scríobh chomh cruinn agus is féidir. Tá an nua-theicneolaíocht tar éis léas nua beochta a thabhairt don Ghaeilge. Tá duine ar bith ar fud na cruinne (go teoiriciúil, ar aon nós) in ann an t-alt seo uaimse a léamh. Seo an áit a bhfuil freagracht orainn a bheith cruinn.

Dá scríobhfainn "an Fhoras" mar shampla, seachas "an Foras", an faitíos a bheadh orm ná go gcothódh sé éigínnteacht agus mearbhall intinne i measc phobal na bhfoghlaimeoirí - an botún atá i gceist leis an séimhiú seo ar an bhocal "Foras", nó an pointe canúna atá ann? Nó an cuma?

An bhfuil gá ag duine ar bith atá ag obair as féin go díograiseach i gCleveland, Ohio, nó i bPáras, Teicseas, a bheith ag cur stró air féin an difríocht idir "Tá an Foras lofa" (mar shampla, a chairde, mar shampla ó bharr mo chinn) "Tá an t-uafás airgid ag an bhForas lofa" agus "Cén fáth nach dtugtar domsa cuid d'airgead an Fhorais lofa" a fhoghlaim?

Leis an gceart a thabhairt don Liathánach, fear a bhfuil aithne agam le fada air agus meas dá réir, sílim go mbaineann an cur chuige laissez faire atá aige i leith chúrsaí gramadaí agus litrithe lena chúlra teanga féin. Tógadh Conchubhar i bpobal beag Gaeltachta, oileáinín teanga atá faoi léigear le fada ag an mórtheanga atá ag guailleáil isteach air ó chuile thaobh. Agus é ag éirí aníos, tá mé cinnte gur chuala sé an-mheascán cainteoirí Gaeilge ina thimpeall - daoine a raibh eolas cruinn acu ar inscne ainmfhocal, mar shampla agus daoine nach raibh.

Ar bhealach, tá sé i bhfad níos éasca ag an ábhar póilín teanga - duine, den chuid is mó, a fhoghlaimíonn an Ghaeilge ina dhuine fásta, is atá in ann na rialacha éagsúla a dhaingniú ina chloigeann ar bhealach measartha loighiciúil, ná mar atá ag an gcainteoir dúchais, go háirithe an fear Gaeltachta a tógadh i gceantar a raibh brú ar leith ar an teanga ann agus é ag éirí aníos.
Mar nuair a théann botún de chineál ar bith i bhfastó i do chloigeann, is deacair é a dhíbirt.
Mar shampla, d'fhoghlaim mé féin an t-amhrán "Cill Aodáin" i mo dhéagóir óg dom, roinnt blianta sular thug mé i gceart faoi líofacht a bhaint amach sa nGaeilge. Is le bliain nó dhó anuas a thug mé faoi deara go bhfuilim ag casadh an amhráin sin riamh anall agus botún bunúsach á rá agam "Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo" seachas an rud ceart "Go seasfaidh mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo". Táim á rá le blianta mar go raibh an rud mícheart tar éis é féin a neadú i gcúl mo chinn agus fanacht ann go stuacach.

Níl a fhios agam cén leigheas atá ar an scéal ag iGaeilge - is léir go bhfuil pobal léitheoireachta aige, ach le léimneach anuas den chlaí (an Béarlachas é sin, meas sibh?) sílim gurbh fhiú dó beagán machnaimh a dhéanamh ar an bhfreagracht atá air mar scríbhneoir a bheith ina eiseamláir stíle agus cruinnis dá phobal léitheoireachta.
Go maire tú an céad, a iGaeilge, ag sá na scine géire go feirc i mbolg beathaithe an Fhorais lofa. (Is mar eiseamláir gramadaí amháin is cóir an abairt dheiridh seo a léamh - dáiríre.)

9 comments:

  1. Meas tú an bhfuil blagadóir ar bith, is cuma cén teanga ina bhfuil siad ag blagáil, chomh haireach céanna ar an bhfreagracht atá orthu ‘a bheith cruinn’ ar an dóigh a mbíonn na ‘Póilíní Teanga’ ag súil leis maidir leis an nGaeilge i mblaganna áirithe? Creidim nach bhfuil, agus, ar bhealach, tá súil agam nach stopfaidh a leithéid de phóilíneacht blagadóirí, nach bhfuil ardchaighdeán na Gaeilge ar a gcumas acu, agus nach bhfuil uatha ach an ‘teanga ársa’ a choinneáil chomh beo beathach agus is féidir, den scríbhneoireacht neamhimníoch réchúiseach a bhíonn i mblaganna go minic.

    Cé go gceapaim go bhfuil sé riachtanach go ndéanfadh duine ar bith atá ag obair trí mheán na Gaeilge, agus atá ag fáil íocaíocht ar son na hoibre sin, gach uile iarracht a bheith cruinn, tuigim go rómhaith na fadhbanna a bhíonn rompu de thoradh castacht, agus easpa cinnteachta go minic, a bhaineann le gramadach na Gaeilge.

    Tá súil agam nach dtiocfaidh an lá go mbeidh ar bhlagadóir Gaeilge ar bith ‘Séanadh’ nó ‘Gan Dochar’ nó ‘Beidh botúin sa téacs seo’ a chur ag tús gach píosa a scríobhann siad le teann faitís go mbeidh ceartúcháin ag fanacht leo sna ‘comments’. An méid sin ráite, má tá blagadóir ar bith ag seanmóireacht, nó ag caoineadh faoi easpa caighdeáin in áit ar bith eile, beidh sé/sí ag súil le póilíneacht is dócha! Agus beidh craiceann sách tiubh aige/aici dá leithéidí sin is dóigh liom.

    Mo chuimhne, tá seans ann go mbeidh botúin sa téacs seo uaim! Is minic iad ag titim ó mo pheann réchúiseach neamhimníoch.

    ReplyDelete
  2. Is fearr an rud a bheith ráite anois ná é a bheith ceartaithe inniu agus ráite amárach!

    ReplyDelete
  3. Más maith le duine blag a scríobh i nGaeilge a chodail amuigh agus más cuma leis, bíodh aige, tá sé sin de cheart aige -- a fhad is a thuigeann sé go gcuirfidh sé sin sciar áirithe léitheoirí ó dhoras.

    ReplyDelete
  4. Léim blag iGaeilge go rialta agus is maith liom go mór é. Ach tá an ceart agat a Thaidhg, tá freagracht áirithe air, fé mar a bheadh ar aon iriseoir, aird áirithe a thabhairt ar an dteanga ina scríobhann sé....

    ReplyDelete
  5. séamus mac seain30 March 2009 at 16:01

    ta mise aosta go leor le cuimhne a bheith agam ar na "cigirí teanga" a bhíodh anuas ar Mháirtín Ó Cadhain de thairbhe nach raibh a chuid litrithe ag teacht le rialacha a leagadh síos ag an am ach mar a dúirt sé féin a bhfreagairt "má's rialacha dochta daingne atá de dhíth oraibh,téigí ag imirt golf".Ní hionann ar chor ar bith blag a scríobhtar in ala na huaire agus píosa litíochta a bhfuil neart ama ann lena ceartú.nár éirí Concubhar Ó Liathain as a bheith ag scríobh leis, bíodh sé de réir na rialacha nó nach mbíodh.Tá beocht sa bhlag,s aige nach bhfuil i mórán eile atá ró ghnóthach ag tocais druim a chéile

    ReplyDelete
  6. An chéad duine a raibh misneach acu le rud a rá fán óinseach!!! Níl gramadach ró-mhaith agam, ach tá Gaeilge agam agus mé á chaint - níl smacht ag Ó Liatháin é féin ar a chuid cáinte - agus deir gach duine sin, fiú Séamus agus Dustin the Turkey thuas!!

    ReplyDelete
  7. Anois, Anonymous, coinnigh guaim ort féin. Ní ag iarraidh éinne a mhaslú atá muid ar an mblag seo, is cuma céard a chuirtear inár leith. Agus leis an gceart a dhéanamh do Choncubhar, níor chóir riamh óinseach a thabhairt air - focal é sin a úsáidtear le cur síos ar bhean amháin.

    ReplyDelete
  8. Ceart agat, a Thaidhg! Cuireann sé sin eachtra ar shúile m’aigne. Uair, agus mé ar cuairt ar theach seanbhean, le Gaeilge líofa álainn aici, tháinig a gariníon isteach ar cuairt chuici. Thosaigh mé ag magadh leis an gcailín beag, ach ní raibh fonn spraoi uirthi agus dúirt sí liom “Níl ionat ach amadán!”. Bhreathnaigh a seanmháthair go géar uirthi agus bhí mé ag súil go mbeadh íde béil in ann don ghariníon as a bheith chomh drochmhúinte liom, agus seo mar a dúirt an tseanbhean: “Ar ndóigh, ní féidir leat amadán a thabhairt uirthi, a Aoife. Nach óinseach atá inti!” Bhí mo cheacht foghlamtha agamsa ar aon nós…

    ReplyDelete
  9. Bíonn na gasúir anseo ag sáráiocht faoin gceann sin - caithfidh gur údar cainte ina measc ar scoil é an masla dúbalta a bhaineann le hóinseach a thabhairt ar bhuachaill!

    ReplyDelete