Monday 9 March 2009

Fáilte romhaibh


Fáilte romhaibh chuig Garraí Johnny Mhorgan. Mar thús, ba mhaith liom an teideal atá roghnaithe agam a mhíniú - ba le fear darbh ainm dó Johnny Mhorgan an garraí a cheannaigh muid mar shuíomh tí cúpla bliain ó shin, i mBaile an Dónalláin, taobh thoir den Spidéal, i nGaeltacht Chois Fharraige, i gContae na Gaillimhe. Tá muid lonnaithe ann ó Lá 'le Bríde 2006 i leith.

Ealaíontóir a bhí i Johnny Mhorgan, bíodh is go raibh formhór a shaoil caite ag feilméireacht aige. Is mór an seans nach dtabharfadh sé ealaíontóir air féin. Ach i ndeireadh a shaoil, thosaigh sé ag dealbhóireacht agus tá a shaothar fós le feiceáil thart ar a theach, taobh ó thuaidh dínn anseo i mBaile an Dónalláin.

Tiomnaím an blag seo dá chuimhne agus ba mhaith liom go mbeadh an spás seo dírithe ar an gcruthaitheacht a chur chun cinn. Cé nár casadh Johnny Mhorgan riamh orm, tá sé d'ádh orm go mbím ag obair anois is arís le healaíontóir eile ó Chois Fharraige a raibh gaol gairid aige le Johnny - sin é an t-aisteoir Peadar Ó Treasaigh (ar dheis).

Ba uncail le Peadar, (nó Petie, mar is fearr aithne dá chairde air) é Johnny Mhorgan. Tá Petie le cloisteáil ar an dá albam is deireanaí atá cruthaithe agam féin agus mo leathbhádóir ceoil John Ryan - sin iad "Aniar" - agus "Peigín Leitir Móir"
Cineál dialainne a bheas sa mblag seo, le béim, mar a dúirt mé, ar chúrsaí cruthaitheachta.

Tá suil agam go gcuirfidh sibh spéis ann.

6 comments:

  1. Fáilte romhatsa a Thadhg agus agus fáilte roimh do gharraí! Is maith an samhail é garraí do bhlag, sílim!

    Chonac Peadar ar an scáileán le déanaí in "Kings" agus chuaigh a chuid aisteoireachta i bhfeidhm go mór orm.

    Guím rath agus toradh ar do gharraí anseo!

    ReplyDelete
  2. Is mór agam an teachtaireacht seo ó cheannródaí i ngarraí na blagála. Dia leat a Chonn!

    ReplyDelete
  3. Fáilte go Club na mBlagadóirí, a Thadhg.

    Beimid ag coinneáil súil ghéar ar do chuid gramadaí.

    Ó cheoltóir Blues eile.

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

    ReplyDelete
  4. Hi a Thaidhg! Cheap mé go bhfaca mé tú ag an gcoirm cheoil le "America" aréir sa Cheoláras - ach ceoltóir eile le féasóg, seans, a bhí ann... Beidh mé ag coinnéail súil ar an ngarraí. Cén uair a mbeidh tú ag cur na bhfataí?

    Mairéad Ní N

    ReplyDelete
  5. Bhuel a Thaidhg. Fair play dhuit. Is dócha go bhféadfaí focal nua Gaeilge a thabhairt ar do leithéad - 'Blagaird'??? Go n-eirí leat! Trevor Ó C

    ReplyDelete