Wednesday 18 March 2009

Conamara - cárta poist ón imeall - uimhir a haon




Tá muid ag tiomáint isteach go Gaillimh, mé féin is mo chlann mhac - Marcus (15 ag an am) agus Tadhg Óg (8 mbliana ag an am). Tá Marcus (a bhí ocht mbliana d'aois nuair a d'aistrigh muid anuas go Conamara ó Bhleá Cliath) ag cur síos ar cheoltóir eicínt a bhfuil suim aige ann. Tá mé leath ag éisteacht leis.

Go tobann briseann Tadhg Óg (a bhí dhá bhliain d'aois nuair a leandáil muid sa taobh seo tíre) isteach ar an bhfear is sine. "Ag imirt ceoil?" a deir sé. "Ag imirt ceoil, ab ea? Ní bhíonn daoine ag imirt ceoil. Ag casadh ceoil a bhíonn siad"

Tost.

Tagann dath corcra ar éadan Mharcuis. É ceartaithe ag an spriocháinín sa suíochán cúil. "You know Tadhg Óg" a deir sé "maybe I shouldn't talk Irish to you at all. I'm not good enough for you, am I? Yourself and your big fancy Connemara accent".

Caithim súil sa scáthán. Cuireann Tadhg Óg strainc air féin. "Ara dún do chlab, a chuint" a deir sé, os íseal.

4 comments:

  1. Só, an aithníonn Tadhg Tadhg eile? Tá mé ag tnúth le scéalta eile uait faoina páistí.

    ReplyDelete
  2. Freagra coitianta sin ó dhuine ceartaithe - mo dhá ghraidhin do Thadhg óg as é a fhreagra as Gaeilge (cé gur gránna í). Ag Gaeilgeoireacht ar fud na háite atá sibh, muise! Is dócha go bhfuil aithne ag Marcus ar d'amhrán sin :- )

    ReplyDelete
  3. .......ag seinmt ceoil........

    ReplyDelete
  4. Creidim go mbíonn muintir na Rinne "ag imirt ceoil" - ach níl acu san thíos ach an Ghaelainn a chodail amuigh.

    ReplyDelete