Tuesday 12 May 2009

Tá sé mo cheann!


Scríobh mé cúpla uair cheana anseo faoin rian a d'fhág an Ghaeilge ar Bhéarla na hÉireann, ó thaobh foclóra agus ó thaobh comhréire chomh maith. Tharla sé seo de bharr líon mór Éireannach a bheith ag iarraidh an Béarla a fhoghlaim faoi dheifir sa naoú haois déag, de bharr brú na scoile ar thaobh amháin agus córas an bhata scoir, agus ar an taobh eile, de bharr brú ón bpobal féin. Bhí an cinneadh tógtha acu an Ghaeilge a thréigint mar go raibh buntáistí móra ag baint le bheith líofa sa mBéarla, dar leo, nuair nach raibh rompu ach an bád bán. Ní i gcónaí ar éirigh leis an bpleanáil teanga sin - is cuimhin liom a bheith ag obair i monarcha blocanna stroighin samhradh amháin thíos i gCill Cheallaigh (Kilkelly, Ireland an amhráin) sna hochtóidí. "If we had the right English when we landed in England" a dúirt fear liom agus é ag breathnú siar ar a thréimhse ar deoraíocht i dTír na nGall "we'd have got the right jobs".

Le tríocha bliain anuas, tá leagan eile den fhoghlaim teanga seo faoi bhrú tar éis teacht chun cinn in Éirinn - sna gaelscoileanna. Is é polasaí fhormhór na nGaelscoileanna ná brú a chur ar dhaltaí an Ghaeilge a labhairt ón gcéad lá ar scoil dóibh, féachaint le timpeallacht Ghaelach a chothú agus aidhm an tumoideachais a bhaint amach. An fhadhb a bhaineann leis an gcur chuige seo ná gurb annamh i rang tríocha dalta, cuir i gcás, go mbeidh níos mó ná duine nó beirt a bhfuil an Ghaeilge sa mbaile acu. Má choinníonn an múinteoir naíonán uirthi (nó air - chaith mé féin seal ag plé leis an obair sin), beidh labhairt na Gaeilge ag cuid mhaith den rang faoi Nollaig agus líofacht acu ar fad faoi dheireadh na céad bliana - obair chrua, ach is féidir é a dhéanamh.

Ar ndóigh, is óna chéile is fearr a fhoghlaimíonn gasúir teanga. Dá bharr sin, agus de bharr gan dóthain cainteoirí maithe Gaeilge a bheith ina dtimpeall (is cuma cén cineál Gaeilge atá ag an múinteoir) beidh na gasúir ag cumadh eatarthu féin. De bharr go bhfuil deartháireacha agus deifiúracha ag cuid de na naíonáin seo i ranganna níos sine, agus de bharr tuismitheoirí díograiseacha ar bheagán Gaeilge a bheith ag déanamh a ndícheall an teanga a fhoghlaim agus a labhairt leis na gasúir, déantar buanú ar struchtúir nach mbaineann go stairiúil le comhréir na Gaeilge. Seo cúpla sampla:

Tá sé mo cheann (Mo cheannsa atá ann, nó Is liomsa é)
An bhfuil cead agam deoch? (Tá mé ag iarraidh deoch (nó "ag iarraidh dí" más fearr leat))
Tá mé ag faigh é (Tá mé á fháil)
Tá sé tusa's (Is leatsa é)
Níl mé ag iarraidh é (Níl mé á iarraidh)

Tá an cineál sin ruda le fáil de bheagán chomh maith anseo sa nGaeltacht ó ghasúir a bhfuil an Ghaeilge ó dhúchas acu agus atá ag teacht isteach go neamhfhoirmiúil ar an mBéarla. Tá "I'll die you!" cloiste agam in ionad "I'll kill you!" i gcaitheamh cluiche Power Rangers, mar shampla ó leaidín beag cúig bliana d'aois. Ach ní hionann agus cás na naoú haoise déag, tá oiread Béarla maith ar fáil do na gasúir anois, ní i bhfad a mhaireann an cineál sin cainte sa lá atá inniu ann.

Maidir leis an nGaelscoilis, áfach, tá múinteoirí go leor anois ann atá tagtha aníos trí chóras na nGaelscoileanna atá anois i mbun ranga. Ar éigean go gcloisfeá "Tá sé mo cheann" ó dhuine ar bith acu, (nó an gcloisfeá?) ach ina dhiaidh sin féin, is mór idir an chaint atá acu agus caint na Gaeltachta.

Bhí an ceart ag Brendan Behan - We're a nation illiterate in two languages.

5 comments:

  1. Mar a deir siad i gColáiste Feirste, tá tú ag déanamh mo cheann isteach....

    ReplyDelete
  2. Más illiterate atámid, ní de bharr Gaelscoilís é, ach de bharr nach bhfuil aoinne ag léamh mórán , i nGaeilge [go hairithe] ná i mBéarla.

    Is fíor go bhfuil tanú á dhéanamh ar an dteanga, agus lorg an Bhéarla uirthi. Ach cén leigheas atá air sin? Cosc a chuir ar aoinne nach bhfuil "slabhra na gcainteoirí" neamhbhriste siar go hAimirghin ina ghinealach? (Sin mise as an áireamh).

    Nó dul i ngleic leis i gceart - oilúint cheart do mhuinteoirí san tumoideachas, agus deis dóibh féin tumoideachas sa Ghaeltacht a fháil. Fairsingiú ar deiseanna do gahsúir tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht - scéim scoláireachta Ghael Linn, mar a bhíodh, a thabhairt thar nais. "Recieved Pronunciation[s]" a chur i bhfeidhm ar TG Fóir agus RnaG....

    Nó treabhadh linn, ag tógáil ar an mbeagán.

    ReplyDelete
  3. Timpeallacht níos Gaelaí a chothú...go háirithe ar an raidió is an teilifís. Ach rudaí suimiúla, in ainm Dé! Tá RnaG an-leadránach an chuid is mó den am, dar liom.

    Má bhíonn daoine deasbhéalacha ann dóibh níos déanaí, beidh siad alraight. Tréimhse i Meiriceá, chun snas a chur ar a chuid Gaeilge, freisin, b'fhéidir... ;-)

    ReplyDelete
  4. Ní éireoinn róbhuartha faoin nós sin i measc páistí nach as an Ghaeltacht iad. Bíonn an dá theanga ag dul trasna ar a chéile go minic, ach de réir a chéile imíonn na botúin is measa.

    Is cuimhin liom go ndúirt m'iníon lá 'ní makeann sin sense'... chuir sí nath cainte i mBéarla fríd an innill ghramadaí Gaeilge san inchinn aici.

    Cé go bhfuil stór focal níos mó agamsa, agus tuiscint níos fearr agamsa ar an Ghaeilge ná mar atá ag m'iníonacha, tá siadsan níos dátheangaí ná mé féin. Is Béarlóir mise a d'fhoghlaim an Ghaeilge i mo chuid fichidí. Tháinig na difear idir mé féin agus iadsan chun solais lá amháin nuair a chuir duine acu ceist orm, agus í an óg, 'A Dhaidí, tá a fhios agat An Chéadaoin sa Ghaeilge, cén lá é sin sa Bhéarla?' Nuair a d'fhoghlaim mise laethanta na seachtaine d'fhoghlaim mise iad mar chineál de 'scáth' ar laethanta na seachtaine i mBéarla... bhí agus tá dlúthbhaint idir An Luan agus Monday i m'inchinn. Bhí laethanta na seachtaine aici sa dá theanga an t-am sin, agus ord na laethanta aici chomh maith, ach ní raibh uirthi riamh tagairt a dhéanamh idir na laethanta sa dá theanga sin go dtí an lá a chuir sí an cheist sin orm... ar chúis eile ar fad, agus chan ar chúis na foghlamtha.

    ReplyDelete