Friday 15 May 2009

Súile Raiftearaí

Le dea-scéala Raiftearaí a cheiliúradh, seo liricí amhrán faoin bhfear é féin.

Súile Raiftearaí

Bhí cúig bliana slánaithe ag Raiftearaí
Buachaillín éirimiúil teann
Nuair a leathnaigh an galra go rábach
Is múchadh na súile ina cheann
Ní fheicfeadh sé feasta an ghealach
Ná an ghrian bhuí ag éirí go moch
Ón lá sin go deireadh a aistir
Bheadh Raiftearaí chomh dall leis an gcloch

Anois is mé ag dúnadh mo shúile
Le hamhrán a rá ó mo chroí
Cuimhním ar Raiftearaí an file
Is ar oíche mhór fhada a shaoil

Ceird í nach gcothódh an dreoilín
Iascaireacht focal is fonn
Nó scríobadh ar fhidil, lá aonaigh
Feannta ó bhaithis go bonn
Ach siúd chuige amhráin is dánta
Amach as an dorchadas teann
Mar chuimhní na laethanta gréine
Sular múchadh na súile ina cheann

Anois is mé ag dúnadh mo shúile
Le hamhrán a rá ó mo chroí
Cuimhním ar Raiftearaí an file
Is ar oíche mhór fhada a shaoil

Lá is oích’ i dteach an óil
Ag caitheamh siar
Ag casadh ceoil
Líon dom cárt’ a bhean an tí
Go múchfaidh mé an tine ‘mo chroí
Lá is oích’ i dteach an óil
Ag caitheamh siar
Ag casadh ceoil
Líon dom cárt’ a bhean an tí
Is ólfaidh mé nó go mbeidh mé caoch….

An oíche ar cuireadh sa gcill é
Oíche mhór anfa ‘s gaoth
Bhí coinnle ag lonradh ‘na thimpeall
Go bhfeicfeadh na daoine an tslí
Is choinnigh na lasracha ag damhsa
Go raibh Raiftearaí curtha faoin bhfód
Ansin mhúch na coinnle go tobann
Mar a múchadh na súile go hóg

Anois is mé ag dúnadh mo shúile
Le hamhrán a rá ó mo chroí
Cuimhním ar Raiftearaí an file
Is ar oíche mhór fhada a shaoil

Anois is mé ag dúnadh mo shúile
Le hamhrán a rá ó mo chroí
Cuimhním ar Raiftearaí an file
Is ar oíche mhór fhada a shaoil…..

Liricí agus ceol – © 2006 Tadhg Mac Dhonnagáin

2 comments:

  1. Comhtharluithe: Bhí mé ag múineadh 'Cill Aondáin (Liadáin?)' do mo chéad rang aréir. Sa dara rang atá agam, táimid ag léamh m'úrscéil, agus níor chuimhin liom cá háit a stadamar an uair roimhe. Mar a tharlaíonn, stadamar go díreach ag an bponc nuair a thosaíonn Willy ag canadh...Cill Aodáin! Ansin, inniu tá tú ag caint faoi Raiftearaí!
    (DAS, ceann de na chéad amhráin dár chuala mé riamh as Gaeilge, ar Míle Fáilte, ná 'Raiftearaí san Underground').
    Nár lagaí Dia do lámh, a dhuine chóir. Ná do shúile, ná do ghuth...
    Go n-éirí leis an gclár sin.

    ReplyDelete
  2. Go raibh míle maith agat faoin méid sin a Shéamais. Dála an scéil, Cill Liadáin an t-ainm oifigiúil atá ag lucht na logainmneacha ar an áit inar rugadh an file. Cill Aodáin a thug sé féin ar an áit. Tharla an rud céanna i gcás Eanach Dhúin - Anach Cuain a thug Raiftearaí ar an áit. Ar ndóigh, ní raibh léamh ná scríobh ag Raiftearaí, ná córas litrithe ná teanga chaighdeánaithe mar fhráma tagartha de chineál ar bith. Rinne sé eagarthóireacht agus athscríobh ar na dánta sin ar fad istigh ina chloigeann....

    ReplyDelete