Saturday 16 May 2009

Seanfhocal Ciarraíoch


Tá dealramh le gach aon ní ach cac sa leabaidh.

Ón scríbhneoir Duibhneach Pádraig Ua Maoileoin (Paddy Malone), nach maireann, a chuala mé an ceann sin.

3 comments:

  1. Cén Béarla a chuirfeá air sin, a Thaidhg? Léiríonn na habairtí seo a leanas an chiall a bhainimse as "tá dealramh le":

    “Tá gach dealramh le hargóint Dhamien McManus nárbh ainm crainn riamh ‘ailm’, ach ainm litre.”

    “Ní bhíonn aon dealramh le cuid de na ceisteanna a cuirtear faoi bhráid na scoláirí.”

    Ach an oireann an chiall sin ar chor ar bith don seanfhocal seo?

    ReplyDelete
  2. Is gaire ciall é don darna sampla a luann tú, a Dennis. Focal a úsáidtear go coitianta i nGaeilge Chorca Dhuibhne é "dealramh" - "ciall" is brí leis sa gcás thuas. "Níl aon dealramh leis an gcaint san" cuir i gcas. Úsáidtear chomh maith é agus an chiall eile leis - "cosúlacht". Chloisfeá go minic "Tá ana-dhealramh ag an gcailín beag leat féin", cuir i gcás.

    ReplyDelete
  3. Tá mé ag ceapadh go n-úsáidtear leis an fóchiall "fiúntas" de chiall é uaireanta.

    Rud a mbeadh dealramh leis san seanfhocal agus i ndara sampla Dennis.

    ReplyDelete