Monday 11 May 2009

Muilte Gaoithe - Meilt Ama?


De bharr an teach a bheith á réabadh, b'éigean dom an oifig a aistriú suas staighre go ceann seachtaine nó dhó. Tá mé i mo shuí anois ag fuinneog a dtugaim sracfhéachaint amach tríthi go minic, ach nach bhfuil mé cleachtach ar bheith i mo shuí os a comhair gan corraí. Sin é an fáth go dtugaim faoi deara, den chéad uair, go bhfuil amharc ar éigean ón bhfuinneog seo siar thar tithe Bhaile Liam, siar ar bharr na muilte gaoithe atá tógtha lámh leis an Leithrinn, in Indreabhán. Tá cara linn ina cónaí thiar ansin agus téann muid ar siúlóid ó am go céile suas an bóithrín uaigneach a bhfuil na muilte móra millteacha tógtha lena thaobh.

Mar dhuine a bhfuil spéis aige i gcúrsaí timpeallachta, chreid mé riamh gur rud maith a bhí sna muilte gaoithe, go raibh siad ag teacht i dtír ar fhoinse fuinnimh a bhí ar fáil saor in aisce, tobar fuinnimh gan tóin, foinse nach raibh sceitheadh ná truaillíu ná tada dá shórt ag baint leis. Agus b'fhéidir gurb ea.

Ach, dar le James Lovelock, eolaí na teoirice Gaia, ar thrácht mé ar The Vanishing Face of Gaia, an leabhar is deireanaí uaidh anseo píosa ó shin, is meilt ama iad na muilte gaoithe. Tá siad thar a bheith mí-éifeachtach, dar leis agus bíonn tréimhsí fada ann in imeacht bliana ar bith nach féidir leo leictreachas a ghinniúint mar nach bhfuil dóthain gaoithe ann, nó mar go bhfuil an iomarca gaoithe ann. Creideann sé gur airgead agus acmhainní amú atá i gceist le tógáil feirmeacha gaoithe agus go mbeidh gá i gcónaí iad a bheith ceangailte le foinse tánaisteach cumhachta, foinse a líonfas na bearnaí nuair nach féidir leis na muilte an obair a dhéanamh agus foinse a bheas ag sceitheadh leis isteach san aeráid.

Cén leigheas atá ag Lovelock ar an scéal? Cumhacht núicléach.

Dar le Lovelock, tá an iomarca faitís ar dhaoine roimh an gcumhacht núicléach. Déanann muid é a shamhlú inár n-intinn i gcónaí leis na híomhánna scáfara sin de Nagasaki agus Hiroshima agus an scrios a lean é. Airíonn muid gur rud mínádúrtha, rud aindiagach beagnach atá sa raidghníomhaíocht. Cuireann Lovelock i gcuimhne dúinn gur cuid den nádúr an raidghníomhaíocht - an gás nádúrtha radon (atá coitianta go maith anseo i gConamara, a deirtear), mar shampla. Tharla Chernobyl, cinnte, ach tharla sé, dar leis, i sean-stáisiún, faoi bhainistíocht Shóivéideach nár chóir a bheith ina bhun - daoine a thóg cinneadh gan chiall a chúisigh an timpiste.

An fáth go bhfuilim ag filleadh ar an leabhar seo arís inniu, "The Vanishing Face of Gaia" ná gurb annamh a léim rud atá chomh dúshlánach. Tá cleachtadh againn ar fad ar phátrúin áirithe smaointeoireachta - pátrúin leisciúla, ach pátrúin a nglacann muid go leor againn leo go réidh.

Mar shampla, an té atá gafa le ceisteanna "glasa", is minic go mbíonn pátrún níos leithne barúlacha aige - liobrálach i dtaobh ginmhillte, cuir i gcás, ar son na Pailistíne, b'fhéidir, ar son Obama, in aghaidh shaoirse an mhargaidh agus mar sin de. Bíonn eisceachtaí ann, ar ndóigh, ach is minic go nglacann muid le "seit" barúlacha ar an gcaoi sin. Tá sé an-spéisiúil nuair a thagann tú ar scríbhneoir a réitíonn tú leis ar thaobh amháin (domsa sa gcás seo, buairt faoi scrios an phláinéid) agus smaoineamh á chur chun cinn aige (cumhacht núicléach) smaoineamh, i mo chás-sa a thagann salach go hiomlán ar na tuairimí a bhfuil glacadh agam leo gan mórán dianmhacnaimh a dhéanamh orthu ó bhí mé i mo mhac léinn gruagach.

Tá leoithne isteach ón Atlantach agus tá lanntracha na muilte gaoithe ag casadh.....

5 comments:

  1. Tá an cheart aige maidir lena amhras faoi muilte gaoithe mar leigheas iontu féin. Ach tá bealaí timpeall air, má bhíonn na muilte ina gcuid de chórás ilghnéach. Leigh mé ar na mallaibh faoi stáisúin cumhachta (i mBrandenburg) más buan mo chuimhne, a úsáideann an farasbarr cumhacht gaoithe chun uisce a scoilteadh agus hidrigín a ghinneadh. Is féidir an hidrígin a dhó ansin chun aibhléis a ghinneadh nuair nach mbíonn an ghaoth ann. Ach is fearr córás mar sin nuair atá líonra mhór a bheathú aige.

    Cumasc foinsí an slí chun cinn.

    Maidir le cumhacht eithneach, feictear dom fós nach bhfuil leigheas ar cheist na drámíola. Luaigh tú radon, atá nadúrtha - ach atá freisin ag marú daoine in Éirinn! (Ceart go leor, is easpa i dtógáil a dtíthe atá i gceist freisin). Ach níl aon tír a bhfuil leigheas sásúil aimsithe acu ar fadhb an breosla chaite núicléach.

    Faoi láthair tá na stáisúin ginte eithneacha ró mhór d'Éirinn - d'fhágfaí bearna ró mhór san soláthar cumhachta dá mbeadh orthu an stáisúin a bhaint den líonra, fiú ar feadh cúpla soicind.

    Tá roinnt rudaí de dhíth orainn anseo ó thaobh fuinneamh
    1) Níos lú a chuir amú! Tithe le teasdíonadh fiúntach, níos lú gléasanna ar "standby", úsáid níos cliste de sholas an lae,...
    2) Nasc láidir AC le Mór roinn na hEorpa, d'fhon ár fuinneamh gaoithe a dhíol, agus seasmhacht níos fearr don líonra abhus a bhaint amach. (Aguis gan amhras roinnt cumhacht eithneach a cheannach!)
    3) Cumasc chliste de foinsí cumhachta, mion ginniúnt san áireamh. Solas na gréine ag téamh uisce dúinn, mar shampla. Feidhmíonn roinnt gléasanna mar seo fiú agus an spéir scamallach. Bíonn a lán de sholas an lae agaibhse thiar - nach mó duine cathrach a fuair dó gréine lá measartha cois cuain?

    Mar aon le haon ghné eile den saol, ní aonn don "piléir airgid"

    ReplyDelete
  2. Maidir le dramhaíol núicléach, dar le Lovelock, níl fadhb ann - bheadh sé sásta dá gcuirfí an dramhaíol faoina ghairdín siúd. Meas tú an bhfuil ciall leis an ráiteas sin? An mbíonn deacrachtaí ann le dramhaíol núicléach? Le hais an méid daoine a chailltear chuile bhliain de bharr go n-úsáidtear carranna mar chóras iompair, cuir i gcás, an bhfuil an líon daoine a chailltear in aghaidh na bliana de bharr fadhbanna le dramhaíol núicléach níos airde nó níos ísle?

    ReplyDelete
  3. Ceist mhaith.

    Níl figúirí agam. Tá cásanna tubaisteacha ann, dar ndóigh - an tír thart ar Chernobyl bánaithe, abair.

    Agus tá an amhras forleathan a chósta thoir na hÉireann maidir le Sellafield.

    An deacracht atá ann ná an moill idir an nimhiú agus an galar. Bhí sé fiche éigin bliain tar éis Hiroshima nuair a thosaigh daoine ag fáil galair dá bharr. Mar an gcéanna leis an dream a bualadh de bharr trialacha airm.

    Dar ndóigh, bhí méid ard radiagníomhachta a i gceist ansin.

    Níl fhios agam cén t-eolas atá ann maidir le stóráis drámhíola.

    Ach i bhfainaise an deacracht le radon, bheinn cúrámach.

    ReplyDelete
  4. Níos leithne??? Níos cúinge, mura n-aontaíonn tú lena leithéid. Ábhar dúshlánach? Ach léann tú mo bhlag!

    Tábhairfidh mé póg an bháis dó. Aontaím leis an Lovelock sa chás áirithe seo. Agus leis na Francaigh, go sábhála Dia mé.

    Seift suimiúil sin hidrigín a dhéanamh leis na muillte. Sin an fhadhb leo (agus le fuinneamh ón ngrian, srl.) - ní féidir linn an fhuinneamh a stóráil.

    ReplyDelete
  5. Recte: seift shuimiúil; an fuinneamh!

    ReplyDelete