Friday 29 May 2009

Louis Stewart ina bhall d'Aosdána


Feicim ar an nuachtlitir a tháinig chomh fada liom ón gComhairle Ealaíon ar maidin go bhfuil an giotáraí snagcheoil Louis Stewart ceaptha ina bhall d'Aosdána.

Deá-scéala é sin ar chúpla cúis. Duine de mhórealaíontóirí na hÉireann é Louis Stewart agus tá sé thar am go n-aithneofaí é sin go poiblí ar bhealach oifigiúil a léireodh gur thuig muintir na hÉireann an cumas a bhí ann agus go raibh meas acu air agus bród acu as, dá réir.

Creidim gur cuireadh i gcoinne a cheapacháin isteach in Aosdána san am a caitheadh mar gur ealaíontóir stáitse a bhí ann - oirfideach, mar a déarfá, seachas duine a bhí ag plé le bunchumadóireacht as an nua. Tharraing sé sin díospóireacht spéisiúil faoin gcaoi ab fhearr leis an mbunchumadóireacht a shainmhíniú. Cuireadh an argóint chun cinn ar son Stewart gur tobchumadóir den chéad scoth é, a bhfuil aitheantas mór tuillte thar lear aige mar dhuine de mhórghiotáraithe snagcheoil na linne seo. Is cumadóireacht gach píosa ceoil a chasann sé, a dúradh. Ní hea, a dúirt na caomhaigh. Ní cumadóir é, ach oirfideach léiritheach.

Is léir gur thug lucht an tsainmhínithe scaoilte an svae leo agus tá glacadh anois ag Aosdána leis an tobchumadóireacht mar mheán ealaíne atá ar chomhchéim le cineál cruthaitheachta ar bith eile. Comhghairdeachas a Louis, agus go maire tú do ghradam i measc na bhfíréan!

2 comments:

  1. Ba lá mhór é do mhuintir imeallach an snagcheoil is dócha! Beidh orthu aisteoirí aitheanta a ligint isteach anois ó céard atá i gecist in aisteoireacht ach tobchumadh ar théasc dráma?

    ReplyDelete
  2. "Bhí mé i ngrá, meallta ar fhear a thug neamhaird orm ar feadh míonna. Elijah is ainm dom. Bainim úsáid as a bheith ag obair leis, agus nuair a aistríodh é go dtí an Eoraip bhí mé millte agus chuaigh mé ag cuardach cabhrach nuair a tháinig mé trasna an fear seo ar an suíomh Dr Obodo R-phost templeofanswer@hotmail.co.uk agus iarraim cabhair chun go mbeadh sé i gcuimhne agus tar éis 3 lá den obair a ghlaoigh sé orm agus dúirt sé liom go dtaitníonn sé liom.
    ... Go raibh maith agat an Dr Obodo Tá dúil mhór agam as do chuid oibre. "- Monique, SAM

    ReplyDelete