Friday 22 May 2009

Leabhar na Seachtaine - An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire


Is fearr aithne ar Bhiddy Jenkinson mar fhile ná mar scríbhneoir próis, b'fhéidir. Ach tá saothrú na gearrscéalaíochta le fada chomh maith agus anuraidh d'fhoilsigh Coiscéim cnuasach breá scéalta uaithi, scéalta a chuir síos ar eachtraí carachtair amháin.

Is fearr aithne ar an Athair Pádraig Ó Duinnín, nach maireann, mar fhoclóraí ach sa leabhar seo, cuireann Biddy Jenkinson síos ar an saol comhthreomhar a mhair sé, mar bhleachtaire amaitéarach.

Tugann Jenkinson saol thús na fichiú haoise in Éirinn chun beochta go healaíonta sna scéalta sa leabhar seo, ar chineál pastiche iad den ábhar a scríobh Sir Arthur Conan Doyle faoin mbleachtaire ficsin, Searbhlac de hOlm. Go deimhin, castar an dá bhleachtaire ar a chéile i gceann amháin de na scéalta, agus Searbhlac ag Gaeilgeoireacht leis sa stíl a chuir aistritheoirí an Ghúim ina bhéal, nuair a thiontaigh siad saothar Conan Doyle go Gaeilge sna tríochaidí.

Tá acmhainn osréalaíoch grinn ag Biddy Jenkinson, acmhainn a chuireann sí ag obair sna scéalta seo. Tosaíonn gach scéal le sainmhíniú ó leabhar an Duinnínigh - saothar eile nach bhfuil aon easpa osréalaíochta le brath air.

7 comments:

  1. Thug mé sracfhéachaint ar an leabhar úd i Hodges Figgis i mBÁC cúpla seachtain ó shin ach níor bhac mé leis. Inniu, 'théis é seo a léamh, tá sé cheannaithe agam.

    (Mar sin a Thaidhg, má tá sé gan mhaith beidh mé, mar a deirtear sa Bhéarla, beidh mé ar do chás!)

    ReplyDelete
  2. Ar cuimhneach leat "Biddy Early: Bleachtaire"?

    ReplyDelete
  3. Ní cuimhneach. Cé a scríobh í sin, a dheabhail?

    ReplyDelete
  4. Tá mé ag súil le do thuairim faoi leabhar Bhiddy a chloisteáil, a Sheosaimh.

    ReplyDelete
  5. Bhain mé sult riamh as a cuid gearrscéalta. Caithfidh mé an leabhar seo a chur ar an liosta. Os ag caint ar leabhair atá muid, an bhfuil _An Cléireach_ léite agat? Cheannaigh mé cóip de (an-chostasach!) ó HF beagnach bliain ó shin, ach níor thosaigh mé fós é. Tá carnán leabhar ró-mhór agam!

    ReplyDelete
  6. Nach tú an Beachtaire! Shíl mé go raibh an seanchloigeann craite seo ag déanamh go maith agus cuimhniú ar an leabhar féin ach is dócha go raibh noda go leor i dteideal an leabhair nua seo agus in ainm cleite an údair. B'fhéidir go dtiocfadh ainm an té a scríobh an seanleabhar liom fós ach is fuda fada ó chonaic mé féin aon sadhait uirthi.

    ReplyDelete
  7. Níl An Cléireach léite agam fós, a Dennis. Fuair sé an-mholadh agus bhain sé duaiseanna ar chuile thaobh dó anseo - tá sé in am agam tabhairt fúithi.

    ReplyDelete