Wednesday 6 May 2009

Leabhar na Seachtaine - Cladaí Chonamara - Séamas Mac an Iomaire


Seo ceann de leabhair mhóra próis na Nua-Ghaeilge. Tá aitheantas faighte agus tuillte aige sa tsainréimse lena mbaineann sé - an t-eolas dúlra. Séamas Mac an Iomaire, fear ó oileán Mhuínise, taobh thiar de Charna a scríobh an leabhar agus é sínte ar chlár a dhroma i leaba ospidéil i Meiriceá. Bhí cúpla bliain caite faoin tráth sin aige ag obair thíos faoi thalamh, ag plé le tolláin a thógáil i Nua Eabhrac. Bhuail an eitinn é agus chlis ar a shláinte. Is ansin a thosaigh sé ag scríobh, le héalú ón uaigneas agus ón leadrán a bhain le saol an ospidéil, siar leis ag fánaíocht ar chladach mín a óige i Muínis.

Seachas an t-eolas ar fad atá ann ar chladaí Chonamara (agus cladaí na hÉireann i gcoitinne), eolas a bhailigh an t-údar go neamhfhoirmiúil agus é ag éirí aníos i gConamara i dtús an chéid, is mór an pléisiúr stíl álainn nádúrtha an údair a léamh. Seo sampla beag as alt a scríobh sé faoin bhfaocha faoileáin, cineál sliogéisc a bhailítear fós ar chladaí an cheantair seo:

"Sa ngeimhreadh ní bhíonn mórán acu le feiceáil ina mbeatha ach bíonn cuid mhaith de na sliogáin fholmha i mbarr na dtránna agus le linn don bhruth iad a chur trína chéile déanann siad cineál ceoil, arae bíonn go leor cineálacha eile sliogán sa mbuíon freisin. Teangmhaíonn siad féin agus na clocha beaga agus an gaineamh garbh dá chéile ar chuma aisteach eicínt agus le meascadh an tsúiteáin cloistear sreangán caol ceolmhar".


Cúpla bliain ó shin, rinne an muireolaí Pádraig de Bhaldraithe (mac an fhoclóraí, Tomás de Bhaldraithe) Cladaí Chonamara a aistriú go Béarla, faoin teideal "The Shores of Connemara". Chuir sé seo le cáil an bhunleabhair agus tharraing údar eile, Richard Nairn, ar an leagan sin agus é ag obair ar a leabhar siúd, "Ireland's Coastline."

Mar a dúirt an tOllamh Tomás Ó Máille (An Béal Beo, The Irish of Tourmakeady) sa réamhrá a scríobh sé do bhuneagrán 1938 "Ní dóigh liom go bhfaighidh tú bádóir in aon riocht in iarthar domhain ná in oirthear domhain a scríobhfadh leabhar mar é ina theanga féin".

3 comments:

  1. Léigh mé an leabhar seo cúpla bliain ó shin agus chuirfeadh sé gliondar ar do chroí. Tá ceangal iontach pearsanta ag an údar leis an nadúr, ceangal a déarfainn atá caillte againn sa lá atá inniu ann. Ní bheimis ag scrios na timpeallachta mar atá dá mothóimis an nadúr mar rud chomh beo agus chomh hálainn. Scríobhann sé faoin nadúr faoi mar a scríobhfadh leannán faoina ghrágheal.

    ReplyDelete
  2. Deir sé sa leabhar go mbíodh sé ag filleadh ar a óige, nuair a bhí sé deich mbliana d'aois, ag tabhairt faoi deara dá raibh ar fáil ar an gcladach. Cé mhéad gasúr deich mbliana d'aois i gceantar cósta ar bith in Éirinn na mbeadh oiread eolais acu ar an timpeallacht is a bhí ag Mac an Iomaire? Agus cé gur léir gur duine an-éirimiúil a bhí ann, ní raibh oideachas foirmeálta thar an gcoiteann aige, ach an méíd a fuair sé ar an mbunscoil thiar sula ndeachaigh sé ag sclábhaíocht go Meiriceá.

    ReplyDelete
  3. Cuirfidh mé píosa i dtír ón seanfharraige inniu nó amárach a bhfuil tagairt ann don leabhar seo agus tuilleadh faoi chuid amháin den tseanchas. Tá slám eile a scríobh Séamus Mac an Iomaire féin nár cuireadh sa leabhar, cuirfidh mé an fheamainn sin ar mo gharraí féin as seo go ceann seachtaine freisin.

    ReplyDelete