Friday 22 May 2009

Grianstad an tsamhraidh

Tá muid i bhfoisceacht míosa den lá is faide sa mbliain. Lá mór fada atá againn cheana féin. Éiríonn sé dorcha anseo ar an gcósta thiar tuairim is fiche nóiméad i ndiaidh don ghrian imeacht a luí os cionn ghealchathair Bhleá Cliath.

An chéad bhliain a raibh cónaí anseo i mBaile an Domhnalláin orainn, bhí laethanta fada mhí an Mheithimh ag dul i bhfeidhm orainn ar fad. Leagadh amach an teach seo le cabhrú linn déileáil leis an easpa solais a bhíonn anseo i gConamara na gclabhtaí - tá gloine chuile áit ann. Faoin am go raibh muid tar éis aistriú isteach is faoin am go raibh íoctha againn as cóiriú ar an "obair" shleamchúiseach a rinne an chéad tógálaí a bhí ag plé le tógáil an tí - gadaí gan náire, ní raibh pingin fágtha le cuirtíní a cheannach.

Bhí Tadhg Óg, (sé bliana d'aois agus ag druidim leis an gceithre scór ag an am) insealbhaithe sa seomra leapa thuas staighre agus radharc aige ar thrí oileán Árann óna fhuinneog (bhuel péire acu ar aon chaoi - tá an teach inar tógadh ár gcomharsan, Seáinín Joe Johnny MEP, sa mbealach ar Inis Meáin).

Duine ar bith agaibh a bhfuil nó a raibh gasúir óga agaibh, tuigeann sibh an deacracht a bhaineann le bheith ag tathaint orthu go bhfuil sé thar am a bheith ina luí nuair atá sé fós ina lá bán taobh amuigh. Is mar sin a bhí an scéal ag Tadhg Óg an oíche áirithe seo. "A Thaidhgín" a deirimse leis "tá sé an-deireanach. Caithfidh tú gabháil a chodladh - anois díreach". "Gabháil a chodladh, ab ea?" a deir sé, ag léimneach amach as an leaba agus ag seasamh ar bhosca taobh leis an bhfuinneog gan cuirtín. "Gabhail a chodladh, is gan solas ar bith lasta in Árainn?"

4 comments:

  1. Polaiteoir ansin agat, a Thaidhg.

    Feictear dom go bhfuil fadhb le do bhlag, a chara. Chan an t-ábhar, ach tá an leathanach ag bogadh orm agus mé ag scríobh anois. Ar thug aon duine eile sin faoi deara? Níl sé ag tarlú le haon bhlag eile ar mo ríomhaire. Mar eolas duit a luaim é. Ní gearánach mé!

    ReplyDelete
  2. An bhfuil sé seo tugtha faoi deara ag duine ar bith eile? Agus a Áne, an bhfuil sé mar sin i gcónaí ar do ríomhaire-se?

    ReplyDelete
  3. Ar do bhlagsa amháin, nuair atáim istigh ag scríobh tráchtaireachta. Tá sé ag tarlú anois agus mé ag scríobh, cé nach dtarlaíonn sé ar do leathanach baile.

    ReplyDelete
  4. Ní raibh mé chun aon rud a rá ach stopas féin ag léamh an leathanaigh mar bhí sé ag léimt ormsa freisin. Inniu táim ar ríomhaire i dteach cara liom agus níl aon fhadhb, mar sin ghlacas leis gur raibh víreas imo ríomhaire féin. B'fhéidir gur sa leathanach a bhí sé??? Breathnóidh mé arís nuair a bheas mé sa mbaile (deireadh mí Meithimh)

    ReplyDelete