Friday 8 May 2009

Feamainn Bhealtaine



Tuigim anois cén fáth gur roghnaigh Máirtín Ó Direáin "Feamainn Bhealtaine" mar theideal ar an leabhar sin uaidh na blianta fada ó shin. Shiúil mé féin agus Tadhg Óg ón Trá Mhór, taobh thoir de Reilig an Chnoic (an reilig a bhfuil úrscéal Mháirtín Uí Chadhain ceaptha a bheith lonnaithe inti) soir chomh fada le Trá Sáilín. Bhí éanacha go leor ann aréir – an cuirliún, an roilleach, an piardálaí trá agus an fheadóg chladaigh ina measc. Bhí straoilleanna feamainne caite anseo is ansiúd, ach ní raibh an t-uafás ann.

Scéal eile ar fad a bhí romham ar maidin ann agus mé ag siúl ann th’éis dom na gasúir a fhágáil ar scoil. Tá ualaigh feamainne chuile áit anois ann, mar a fheicfeas sibh ó na pictiúir seo a tharraing mé ar cheamara an Samsung Tocco.

3 comments:

  1. "Ceilpeadóireacht" an chaibidil is fearr liom in Cladaí Chonamara!

    Bhíodh focal sa teanga fadó mar atá "murluaith" (< muir + luaith). Is é ár dtuiscint ón gcomhthéacs ina n-úsáidtí an focal seo gur cineál salann garbh a bhí ann. Is féidir gur toradh na ceilpeadóireachta a bhí i gceist. Tá a fhios againn, mar shampla, gur bhain na daoine feidhm as an murluaith seo le feoil a phicilt.

    ReplyDelete
  2. Cár tháinig tú ar an bhfocal sin, a Dennis?

    ReplyDelete
  3. Tá iontráil san fhoclóir DIL (atá ar líne anois ag http://www.dil.ie/ ), ach tháinig mé air den chéad uair riamh i scéilín meánaoiseach i Lebar na Núachongbála (aka the Book of Leinster), lch. 435. Sa scéilín seo bhí an-dúil ag Athairne óg i mbia aisteach, quasi-do-ite mar atá "mera derga" (sméara dearga, .i. na cinn ghéara nach bhfuil dubh fós), "caera glassa" (caora anabaí), "diasa loscthi" (diasa loiscthe), "cnoi caecha" (cnónna caocha) agus "mór luatha" (murluaith), i measc rudaí eile.

    ReplyDelete