Friday 15 May 2009

Dea-scéala!


Bhí mé i mBaile Átha Cliath ar feadh an lae inné, agus bhuail mé isteach chuig mo dheartháir, John, ar an mbealach chuig an aerfort oíche aréir. Eacnamaí é John s'againne, agus is gruama an réamhfhaisnéis a bhí aige d'Éirinn sna blianta beaga atá romhainn amach. Beidh an IMF ag réabadh chugainn an doras isteach, dar leis, ag sleaiseáil leo go rábach, taobh istigh de bhliain go leith ar a mhéid. Gearrfar pá san earnáil phoiblí. Gearrfar an dól. Gearrfar chuile chineál buiséid nach bhfuil go hiomlán riachtanach do fheidhmiú na tíre - An Chomhairle Ealaíon, an tÚdarás, an Foras, Culture Ireland, an ILE srl. srl.

Rud a rinne beagáinín gruama mé, ach ní go hiomlán. Mar ní fiú a bheith ag déanamh an iomarca buartha faoi scéal nach bhfuil a fhios againn a bheith fíor go fóilleach, i gcead do John s'againne. Agus chomh maith leis sin, tháinig dea-scéala mo bhealach inné. Tá Coimisiún Craolacháin na hÉireann tar éis glacadh leis an iarratas uaim féin agus an comhlacht teilifíse Sónta, atá lonnaithe thiar i gCill Chiaráin, le clár faisnéise drámaíochta a dhéanamh faoi shaol Raiftearaí, file mór na naoú haoise déag, a bheas 175 bliain caillte an chéad bhliain eile. Is é Seán Ó Cualáin a bheas mar stiúrthóir ar an scannán a bhfuil "Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal" mar theideal oibre air. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le Seán - bhí an-slacht ar an gclár a rinne sé faoi Mháirtín Ó Cadhain, Rí an Fhocail.

Ealaíontóir tábhachtach ab ea Raiftearaí, fear ar éirigh leis corpas suntasach oibre a chruthú, gan deontas ó dhream ar bith. Tabharfaidh an scannán muid ó Chill Liadáin i gContae Mhaigh Eo, áit ar rugadh an file, go Oswega, Illinois, an áit is dóichí a cumadh ceann de na dánta is mó a leagtar ar Raiftearaí, bíodh is go gcreidtear go coitianta anois nárbh é Antoine Ó Reachtabhra a chum ná a cheap - "Mise Raifteirí an File".

Tá script le scríobh roimh dheireadh na bliana agus tosófar ar an scannánaíocht san Earrach - má fhaighimse sláinte....

3 comments:

  1. Bail ó Dhia ar an obair, mar sin!

    ReplyDelete
  2. Recte: Oswego.

    Go raibh maith as an dea-scéala a roinnt linn.

    ReplyDelete
  3. Is deas an dea-scéal a chloisteáil. Comhghairdeas.

    Is dóigh liom gur cruinne i bhfad tuar do dheartháir ná tuartha ESRI.

    Oibrím féin san earnáil phoiblí agus ní chuirfeadh sé iontas dá laghad orm dá mba rud é gur laghdaigh an pá a thugaim abhaile faoi 33% ón mbuaic. Iontas dá laghad, a mhac...

    ReplyDelete