Tuesday 5 May 2009

Cúrsaí aistriúcháin agus cúrsaí airgid - pobalbhreith na seachtaine seo caite


Is spéisiúíl an rud é a laghad cuairteoirí chug an ngarraí a bhacann le páirt a ghlacadh sna pobalbhreitheanna. Dé Céadaoin seo caite, cuir i gcás, bhí an líon os mó riamh cuairteoirí go dtí seo ag plódú isteach an geata - 255 duine ar fad. Ina ainneoin sin, i gcaitheamh na seachtaine ar fad, níor chaith ach 18 vóta bealach amháin nó bealach eile. Seo mar a bhí ag an sampla bídeach beag, neamheolaíoch sin:

Cheap formhór agaibh, 38%, gur chóir cáipéisí oifigiúla a aistriú, má bhain ábhair na cáipéise go sonrach le pobal na Gaeilge agus/nó na Gaeltachta. Bhí 33% agaibh den tuairim gur chóir gach cáipéis a bheith ar fáil i nGaeilge. Bhí 27% amhrasach faoin bpolasaí aistriúcháin mar uirlis éifeachtach leis an teanga a chur chun cinn - cheap sibh go raibh bealaí ní b'fhearr ann le hinfheistiú a dhéanamh sa nGaeilge. Ar deireadh, cheap 5% nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid, mar gurbh fhearr an mheabhair a bhí formhór cainteoirí Gaeilge in ann a bhaint as cáipéisí oifigiúla i mBéarla.

Ar mholadh ónár gcara Chouchou, tá ceist nua ar fáil anois. Bígí ag vótáil.

9 comments:

  1. Ní mór duit cuir san áireamh go gcomharíonn statcounter chuile iarratas ar an leathanach, iarratais ó ghoogle agus ó scrioptanna san áireamh. Ní gá mar sin gur 255 duine a bhí i gceist. Ní gá ach an oiread gur léigh na daoine i measc an 255 an leathnach.
    Sa bhreis ar sin, bíonn coibhneas 10:1 ann idir daoine a léann, agus daoine a fhreagraíonn do leathanaigh ar an idirlíon. (Ba cheart dom tagairt don taighde a bheith agam, ach níl).

    Tá mo rogha in easnamh sa bhreith nua - Boston agus Berlin!

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat faoin eolas seo, a Aonghuis. Cogar, céard atá i gceist agat céard atá i gceist agat le "iarratais ó google agus scrioptanna"? Agus "daoine a fhreagraíonn do leathanaigh ar an idirlíon"?

    ReplyDelete
  3. Féach anseo maidir le "lapadóirí lín" agus scrioptanna eile.

    An rud a bhí i gceist agam le "daoine a fhreagraíonn" ná daoine a scríobhann chughat ar bhealach éigin - mar thagairt anseo, nod áit éigin eile, r-phost 7 rl.

    ReplyDelete
  4. Ok, tuigim - agus céard faoi "iarratas ar an leathanach, iarratais ó ghoogle...."?

    ReplyDelete
  5. Bíonn sórt comhrá ann idir ríomhaire/brabhsálaí(is fuath liom an focal sin) agus an freastalaí (an ríomhaire ar a bhfuil leathanch idirlín lonnaithe). Iarrann an ríomhaire cóip den leathanach ar an freastalaí. Sin an rud a chomhraíonn statcounter.

    Is féidir nach bhfuil ann ach google ag léamh an leathanch len é chuir leis an inneachar atá acú. Nó go dtáining an leathanach suas i gcuardach google, agus gur chliceáil duine air, gan ach spléachadh a thabhairt air. Feicfidh tú é sin i statcounter faoi "Referring URL" nó a leithéidí.

    ReplyDelete
  6. Bréaga, deargbhréaga agus staitisticí, ab ea?

    ReplyDelete
  7. Cuireann statcounter sonraí ar fáil. Fútsa atá sé iad a scagadh, agus na fíricí a bhaint astu!

    ReplyDelete
  8. Dhá thuairim maidir leis an bpobalbhreith nua:

    Cé go bhfuil muid níos gaire do Bhoston le roinnt blianta anuas ná do Bherlin, cuirfidh iarrachtaí Obama le comhlachtaí Meiriceánacha a mhealladh ar ais abhaile ón tír seo níos mó faid idir sinne agus na SAM. Ní rud maith é sin don tír seo.

    Tiocfaidh deireadh leis an easpa rialachána airgeadais a bhíodh ar siúl sa tír seo (agus atá fós ar siúl, faraor), rud a thabharfaidh níos gaire do Bherlin muid agus níos faide ó Bhoston. Is rud maith é sin don tír seo.

    Tá teipthe ar an gcaipitéalachas gan srian. Tá teipthe ar an sóisialachas freisin. Ceapaim go dteastaíonn córas atá áit éigin idir an dá cheann.

    Dáiríre, faoi láthair is san Íoslainn atá muid agus ní shin go baileach an áit ar mhaith liom go bhfanfaimís...

    ReplyDelete
  9. An tríú bealach, nach shin a thugadh Tony Blair air? Faraor nár éirigh leis é a aimsiú, bíodh is gur chuir sé roinnt rudaí fónta i gcrích - rinne sé cion fir i dTUaisceart na hÉireann go háirithe. Ach maidir leis an Iaráic...

    ReplyDelete