Thursday 7 May 2009

Ár gcara sa tSeineagáil



M'iníon Róise a mhol ábhar blagála na maidne seo. Tháinig sí isteach doras na hoifige le pictiúr de Khady, an cailín beag sa tSeineagáil a ndéanann muid urraíocht uirthi (ar a pobal, dáiríre) leis an eagraíocht idirnáisiúnta, Plan. "Cén fáth nach scríobhann tú faoi Khady?" a deir sí. Agus an ceart aici.

Leis an scéal seo a chur i gcomhthéacs - bhí ceathrar aint liomsa a chaith seal sna mná rialta, beirt acu ar na misiúin. Chaith an deirfiúr ba shine le mo dhaid seal i Madras na hIndia - nó Chennai mar a thugtar anois ar an áit. Ag múineadh i meánscoil a bhí sí go dtí gur fhág sí an t-ord i dtús na seascaidí. Tá cur síos déanta ag mo chol ceathrar, John Lanchester, mac Julia, ar an scéal ina leabhar seisean, A Family Romance.

An duine eile, Jane, nó Sinéad mar a thugadh sí uirthi féin tar éis di na mná rialta a fhágáil, chaith sise blianta fada i chathair Pheiriú na Sile, nó gur thit sí i ngrá le sagart a tógadh deich míle bealaigh uaithi i gContae Mhaigh Eo. D'fhág siad beirt an Eaglais agus d'fhill ar Éirinn ina Marcsaigh. Níl aon leabhar scríofa faoin scéal sin go fóill, ach is cinnte go bhfuil ábhar leabhair ann.

An fáth go luaim é seo ná go dtéann obair charthannachta thar lear agus daoine a bhfuil aithne agam orthu a bheith ag plé leis i bhfad siar i mo chuimhne. Tháinig Jane, mar shampla, abhaile ar saoire ón tSile nuair a bhí sise fós ina bean rialta agus mise fós i mo leaidín beag. Thaispeáin sí sleamhnáin dínn den bhaile shanty a raibh sí ag obair ann ar imeall Pheiriú. Chuaigh na híomhánna sin - na botháin bheaga, na daoine sna héadaí gioblacha i gcion go mór orm. Agus ba léir dom an t-ardmheas a bhí ar Jane i measc na gcomharsan, í á tabhairt isteach sa "room" i chuile theach a ndeachaigh sí isteach ann, "rooms" nach raibh feicthe agam féin riamh roimhe sin agus mé amach is isteach as na tithe go minic.

An é sin an fáth gur shocraigh mé páirt a ghlacadh i scéim Plan, nuair a chuala mé John Hume á mholadh ar fhógra raidió timpeall bliain ó shin? Bhuel, ní hea. Dáiríre, is é an chaoi gur chuir taithí saoil mo chuid aintíní cineál fainice orm a bheith ag tacú le misinéireacht de chineál ar bith. Bíonn clár oibre ag lucht misinéireachta, clár oibre a bhaineann le ceart agus cóir, cinnte ach is clár oibre é a bhaineann le cultúr daoine a athrú ó bhonn - chun a leasa, scaití, b'fhéidir, ach ní i gcónaí.

An rud a thaitníonn liom faoin eagraíocht Plan ná gur ar bhonn cearta daonna atá siad ag feidhmiú, seachas a bheith ag cur clár oibre chun cinn a bhaineann le hathrú creidimh. Is Moslamach, mar shampla, í Khady bheag agus níl éinne ag cur brú uirthi féin ná ar a muintir an scéal sin a athrú. Cuireann an eagraíocht cúnamh praiticiúil ar fáil a bhaineann le cúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais, cúrsaí infrastruchtúir - toibreacha glana agus an cineál sin.

An rud eile a bhaineann le bheith páirteach sa scéim urraíochta ná an t-oideachas a chuireann sé orm féin agus ar Róise faoin duine seo, Khady agus a muintir - an saol atá siad a chaitheamh sa tSeineagáil, tá sé an-chosúil le saol na hÉireann roimh aimsir an Ghorta. Tá sé i bhfad níos éasca ag Róise (agus agam féin, go deimhin) an t-eolas atá faighte againn ar shaol Khady a scagadh nuair atá muid in ann a saol a shamhlú, mar dhuine ar leith, cailín ocht mbliana d'aois, seachas mar staitistic.

Tá tuilleadh eolais faoi obair Plan ar fáil anseo.

12 comments:

  1. Ceist imeallach: cén teanga a labhraíonn Khady sa bhaile?

    ReplyDelete
  2. Tá ceol iontach acu sa tSeineagáil.

    ReplyDelete
  3. Wolof an teanga atá ó dhúchas aici, a Dennis.

    Tá an-cheol ann, a Shéamais - is breá liom féin Youssou N'Dour. Tír mhór eile ceoil in iarthar na hAfraice ná Mailí - rinne Ry Cooder albam álainn ann le giotáraí mór Mailíoch, Ali Farka Toure, fear a cailleadh dhá bhliain ó shin nó mar sin. Tá ceol iarthar na hAfraice an-spéisiúil - tá an chuid is mó de bunaithe ar fhigiúr simplí a thagann timpeall arís is arís is arís eile. Déantar tobchumadh fíorchasta anuas air agus timpeall ar an mbunfhigiúr. Meallann sé isteach thú, ar nós leamhain atá á mhealladh ag lasair coinnle.

    ReplyDelete
  4. Salamalekum!

    Is aoibhinn liom ceol dúchasach Sheineagáil- go háirithe an djembe- agus an litríocht Francophone atá sa tír. Molaim daoibh an leabhar L'Enfant Noir, le Camera Laye a léamh am éigin.

    ReplyDelete
  5. An bhfaca sibh an scannán Amistad riamh? Tá Wolof ag roinnt de na hAfraicigh.

    Chonaic mé Youssou nuair a bhí sé 'ag oscailt' do Peter Gabriel, fadó fadó. An-cheol.

    Seo dán de mo chuid ar an ábhar seo.

    ReplyDelete
  6. Ní fhace mé Amistad, a Shéamais - cén áit a rinneadh é?
    Lean mé an nasc le do dhán a léamh. Faraor, ní dán de do chuid a bhí romham ach pictiúr d'ainnir óg álainn agus an mana "Irish Genealogy" os a cionn. Ní ag iarraidh bheith ciníoch atáim, ach ní raibh an chosúlacht ar an ógbhean gur bhain sí le hÉireann ó thaobh an ghinealaigh de.....

    ReplyDelete
  7. Ó am go chéile bíonn fadhb ag na freastaí ríomhaire in Éirinn lenár suíomh mar sin. Ní thuigim é. Goideadh an seoladh ort. Oibríonn sé i gceart anseo.

    Rinneadh Amistad in Mystic Connecticut!

    Seo mo dhán:

    Ceol na hAfraice


    Suaimhneas preabach,
    Éan mór ar foluain
    San aer te grianmhar,
    Socair, gníomhach;

    Glaoch is macalla
    Lastuas den mhachaire,
    Ag eitilt go timpeallach,
    Taitneamhach, oirbheartach;

    Ruathar preabach
    As an aer mar an tintreach,
    Creach sna croibh
    Agus brú phreab an bháis;

    Ciúnas, suaimhneas,
    Bás is beatha,
    Áthas caithréimeach,
    Rithim an tsaoil.

    ReplyDelete
  8. Is maith liom do dhán go mór, a Shéamais. An tusa a chanann an t-amhrán Peigí Sayers, dála an scéil? Is aoibhinn liom é sin freisin!

    ReplyDelete
  9. Níl sé sin cloiste agam a Shéamais. An bhfuil teacht air ar an idirlíon in áit ar bith?

    ReplyDelete