Friday 29 May 2009

Louis Stewart ina bhall d'Aosdána


Feicim ar an nuachtlitir a tháinig chomh fada liom ón gComhairle Ealaíon ar maidin go bhfuil an giotáraí snagcheoil Louis Stewart ceaptha ina bhall d'Aosdána.

Deá-scéala é sin ar chúpla cúis. Duine de mhórealaíontóirí na hÉireann é Louis Stewart agus tá sé thar am go n-aithneofaí é sin go poiblí ar bhealach oifigiúil a léireodh gur thuig muintir na hÉireann an cumas a bhí ann agus go raibh meas acu air agus bród acu as, dá réir.

Creidim gur cuireadh i gcoinne a cheapacháin isteach in Aosdána san am a caitheadh mar gur ealaíontóir stáitse a bhí ann - oirfideach, mar a déarfá, seachas duine a bhí ag plé le bunchumadóireacht as an nua. Tharraing sé sin díospóireacht spéisiúil faoin gcaoi ab fhearr leis an mbunchumadóireacht a shainmhíniú. Cuireadh an argóint chun cinn ar son Stewart gur tobchumadóir den chéad scoth é, a bhfuil aitheantas mór tuillte thar lear aige mar dhuine de mhórghiotáraithe snagcheoil na linne seo. Is cumadóireacht gach píosa ceoil a chasann sé, a dúradh. Ní hea, a dúirt na caomhaigh. Ní cumadóir é, ach oirfideach léiritheach.

Is léir gur thug lucht an tsainmhínithe scaoilte an svae leo agus tá glacadh anois ag Aosdána leis an tobchumadóireacht mar mheán ealaíne atá ar chomhchéim le cineál cruthaitheachta ar bith eile. Comhghairdeachas a Louis, agus go maire tú do ghradam i measc na bhfíréan!

Thursday 28 May 2009

Ar chóir a bheith ag cóiriú?

Tá mé ag cur barr slachta inniu ar an gceathrú leabhar sa tsraith Fiannaíochta do pháistí, "Gruaig Fhinn" Is é An Gúm atá ag foilsiú na sraithe. An chúis gurb é atá ag plé leis an saothar seo seachas mo chomhlacht féin, Futa Fata, ná gur chuir mé an t-ábhar seo faoi bhráid an Ghúim den chéad uair sa mbliain 1984.

Bhí mo chéad leabhar, Fleá Bhricriu, curtha amach acu tamall roimhe sin agus an chéad rud eile a rinne mé ná cnuasach scéalta Fiannaíochta a chóiriú le bheith foilsithe in aon imleabhar amháin. Ar chúis amháin nó ar chúis eile, níor foilsíodh an saothar sin, agus th'éis dom tamall de bhlianta a chaitheamh ag crá an eagarthóra a bhí i mbun an Ghúim ag an am, scaoil mé tharam é agus dhírigh ar thograí eile. Ansin, gan choinne, ceithre bliana ó shin, fuair mé litir ó Sheosamh Ó Murchú, eagarthóir sinsearach reatha an Ghúim, ag iarraidh orm breathnú arís ar an tseanscríbhinn, féachaint le sraith leabhar ghearra a bhunú ar an gcnuasach scéalta a bhí curtha faoi bhráid An Ghúim agam i lár na n-ochtóidí. Shocraigh muid díriú ar cheithre cinn, agus tá trí cinn acu sin foilsithe go dtí seo: Fionn mac Cumhaill, Taoiseach na Féinne; Bran agus Sceolán agus Oisín.

Tá mé an-sásta anois gur mar sin a tharla. Ag breathnú siar ar an gcóiriú a rinne mé ar "Fleá Bhricriu", is minic a deirim anois le hábhar scríbhneoirí gur sampla maith é den bhealach nár chóir tabhairt faoi sheanscéal a chóiriú do pháistí. (Bhí na lochtanna céanna le brath ar an gcnuasach Fiannaíochta agus tá mé an-sásta nár cuireadh amach sa riocht sin iad.)

Cé na lochtanna atá agam ar an jab a rinne mé ar Fleá Bhricriu? Ar an gcéad dul síos, bhí mé ró-dhílis don seanscéal. Chuir mé an iomarca mionsonraí agus mion-charachtair isteach ann nach raibh tábhacht leo. Bhain siad sin de rithim agus de luas an scéil.

Bhí mé gafa chomh maith ag an am le faisean na linne sin maidir le "leaganacha deasa cainte" a shá isteach anois is arís, ar mhaithe le cur saibhreas teanga na léitheoirí óga. Sa lá atá inniu ann, agus mé ag scríobh don aoisghrúpa seo (idir 7 - 10 mbliana nó mar sin) is é an phríomhaidhm a chuirim romham ná go mbeadh na léitheoirí in ann an leabhar a léamh ar a gconlán féin agus taitneamh a bhaint as an scéal. An tríú athrú atá tagtha ar an gcur chuige, sílim ná go bhfuil na blianta atá caite agam ag scríobh scripteanna teilifíse th'éis dul i gcion orm.

Bím ag iarraidh na cleasanna atá foghlamtha agam maidir le forbairt carachtar agus go háirithe maidir le struchtúr scéil a chur ag obair. An ceathrú rud ná go bhfuilim sásta an scéal a chóiriú ar mhaithe le feabhas a chur ar an scéal do léitheoirí an lae inniu, gan a bheith ag déanamh an iomarca buartha faoi bheith dílis don seanleagan a bhfuilim ag bunú mo leagain féin air. I gcás an scéil "Bran agus Sceolán", cuir i gcás, sa seanleagan is aint le Fionn í Tuirne, atá casta isteach ina cú - is ise atá ansin ina máthair ar an dá choileán, Bran agus Sceolán. Sa leagan a chóirigh mise, shocraigh mé gur leasdeirfiúr le Fionn í, a tháinig ar an saol tar éis do mháthair Fhinn, Muireann a bheith ar a teitheadh ar feadh na mblianta, th'éis do Gholl mac Morna a fear, Cumhall mac Tréanmhóir a mharú. Thug sé sin rud eicínt le déanamh do Mhuireann go dtí go bhfuair sí amach go raibh a mac, Fionn, th'éis an jab a fháil mar Thaoiseach ar na Fianna. Radharc mór drámatúil a bhí ann nuair a roinn sí an t-eolas sin le Tuirne, iníon léi a bhí anois ina bean óg.

Ní chuireann sé buairt ar bith orm nach bhfuil an leagan amach seo ag teacht leis an traidisiún. Níl an leagan nua ag teacht salach le bun-nádúr an bhunscéil. An aidhm atá agam ná go mbeadh grá ag gasúir don ábhar. Má spreagann sé iad le staidéar a dhéanamh ar an bhFiannaíocht agus iad níos sine, beidh an aidhm baint amach agam, fiú má chuireann an staidéar sin ar a súile dóibh nár chloígh mise i gcónaí leis an traidisiún. Tá an cineál sin éabhlóide i gceist riamh i dtraidisiún na Fiannaíochta ar aon nós.


Tá súil ag an nGúm "Gruaig Fhinn" a bheith ar fáil i gcomhar mhargadh na Nollag.

Wednesday 27 May 2009

Sagairt ainchríostaí

Tháinig mé ar chlip ón gclár Questions and Answers - fear a bhí faoi "chúram" na Rosminians i gCluain Meala (logainm íorónta sa gcomhthéacs seo), agus é ag tathaint ar Noel Dempsey (Fianna Fáil) déileáil go gnaíúil le scéal Choimisiúin Ryan. Breathnaigh anseo air.

Bairneach na Cuimhne


Bhí mé féin agus Tadhg Óg amuigh ag siúl an chladaigh an oíche cheana, ag faire ar éanacha agus i mbun comhrac claímhe le slata mara (ná bainígí triail as an gcleas sin sa mbaile, a chlann). Agus muid ag breathnú ar shliogéisc agus ar shliogáin an chladaigh, tháinig an dán seo le Gabriel Rosenstock chun cuimhne chugam, dán a mhúin mé do leithéidí Chearbhaill Uí Shíocháin, an láithreoir le Raidió na Gaeltachta a bhí ina dhalta scoile agam don scoilbhliain 1982-83, i nGaelscoil Chearbhaill Uí Dhálaigh i Léim an Bhradáin. Bearnaí Bairneach is teideal don dán:

Bearnaí Bairneach

Ar maidin go moch
Arsa an bairneach leis an gcloch
Is tú mo rogha thar chlocha na trá
Cé a chuala é ach rón
A bhí láithreach ar an bhfón
Sea, is fíor - tá Bearnaí bocht i ngrá.

Déanann faoileán gáire
Agus freagraíonn an sáile
Ach ní chloiseann Bearnaí bairneach an rí-rá.

Tá caint i measc phobal na foilsitheoireachta faoi láthair gur chóir Laureate do Pháistí a cheapadh anseo in Éirinn, le breis stádais a thabhairt do scríbhneoireacht don óige. Beidh mo vóta-sa ag Gabriel, má éiríonn linn an plean a chur i gcrích.

Beirt bhan mhisniúla


Dé Luain seo chugainn, an chéad lá de mhí an Mheithimh, beidh Muireann Nic Amhlaoibh Dhún Chaoin agus Julie Fowlis as Oileán Uist Thuaidh na hAlban ag teacht go Gaillimh le ceolchoirm a thabhairt a bheas bunaithe ar an ábhar a rinne siad taifeadadh anuraidh air ar an albam "Dual". Sa gCrane Bar a bheas siad ag casadh agus is mé atá ag súil leis.

Iníon í Muireann le Feargal Mac Amhlaoibh, fidléir, foilsitheoir agus scríbhneoir atá lonnaithe i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne. Chasadh sé ceol go minic Tigh Bhric ar an Riasc, an teach inar tógadh mo bhean. Is cuimhin liom Muireann agus í ina déagóir a bheith ag casadh ann oíche nó dhó ar shuigh mé isteach leo agus muid ar cuairt ó Bhleá Cliath. Bhíodh Con Durham, píobaire cumasach ó Bhleá Cliath, atá ag cur faoi in Iarthar Duibhneach le fada, i mbun ceoil go rialta chomh maith ag an seisiún rialta a bhíodh sa sean-Tigh Bhric, sular athchóiríodh é.

Is leis an gceol a chuaigh Muireann mar ghairm. Bíonn sí ag casadh (agus ag seimnt, go deimhin) go rialta leis an ngrúpa Danú. Amhránaí álainn í agus ceoltóir breá feadóige, idir fheadóg stáin agus fheadóg mhór. Beidh an-oíche ann, sa gCrane, tá mé cinnte.

Coinnígí súil bioraithe do na dátaí eile ar chamchuairt na hÉireann. Agus más thar lear atá sibh á léamh, faighigí greim ar "Dual" - an-phíosa oibre atá ann.

Is iad Muireann agus Julie atá roghnaithe agam le haghaidh Físeán na Seachtaine seo. Don chainéal nua Gaidhlige, BBC Alba a rinneadh an taifeadadh seo. Is ón seanchaí ón taobh seo tíre, Tom Pheaidí Mac Diarmada, nach maireann, a chuala mé féin den chéad uair an t-amhrán atá á rá ag Muireann anseo "Chuirfinn trí thóin" - ní shin an teideal oifigiúil atá air, cheapfainn, ach tá ag cinnt orm cuimhneamh air sin faoi láthair.

Tuesday 26 May 2009

Tine Chnámh



Nós mór de chuid Chonamara, agus Iarthar na hÉireann chomh maith, seans, ná tine chnámh a lasadh in onóir gaiscígh atá ag filleadh ar a fhód dúchais th'éis dó gaisce mhór a dhéanamh. Lastar tinte anseo ag béal na mbóithríní nuair a thagann foireann peile nó iománaíochta abhaile th'éis dóibh an svae a thabhairt leo ag cluiche craoibhe. Lastar an tine do na foirne óga chomh maith leis na sinsir. Lastar chomh maith í d'fhonnadóirí sean nóis a bhfuil aicsean mór déanta ag an Oireachtas acu.

Is é an nós sin a thug siar chuig an Trá Mhór in Indreabhán muid, ag meán oíche maidin Dé Domhnaigh seo caite agus muid ag fáiltiú roimh ghaiscígh na mara móire de chuid chomórtas aigéin Volvo (an bhfuil ciall leis an struchtúr sin, ó thaobh gramadaí nó eile?) agus iad ag seoladh an chuain isteach. Lasadh tinte 'chaon taobh de chuan na Gaillimhe, ar oileáin Árann agus ar chósta an Chláir chomh maith céanna.

B'fhéidir nach é an nós is ciallmhaire ar an aimsir seo ó thaobh na timpeallachta de, ach tá cumhacht eicínt ag baint leis an tine chnámh mar shiombail den mhórtas cine. Sa gcás seo, ní raibh bádóir ar bith de chuid an phobail seo páirteach, ach mura raibh féin, tá dúchas na mbádóirí go tréan sa taobh seo tíre. Tá na gasúir ag leanacht an rása go dílis ar an idirlíon ó cuireadh tús le tionscnamh ranga faoi, cúpla mí ó shin. Fáilte na nGael a bhí muid ag fearadh do na mairnéalaigh mhisniúla a sheol thar cuan isteach maidin Dé Domhnaigh. Tá cuid den mhisneach sin roinnte acu linn agus ardú croí tugtha dá réir acu do mhuintir cheantar na Gaillimhe ó leandáil siad. Is mór a theastaigh an misneach céanna agus an ísle brí atá ar dhaoine i dtaobh ainriocht na tíre agus eile le píosa anuas.

Blaganna nua ar an mblac

Tá dhá bhlag nua feicthe agam le seachtain anuas a thaitin go mór liom - sin iad suíomh nua Dennis King, cuairteoir rialta chuig Garraí Johnny Mhorgan. Nótaí Imill an teideal atá ar bhlag Dennis - tagairt atá sa teideal do na gluaiseanna a bhreacadh scríobhaithe fadó ar lámhscríbhinní Gaeilge. Ach ní taobh leis an léann Sean-Ghaeilge amháin atá Mac an Rí - bíonn corr-oideas milseoige i gceist chomh maith.

Duine ar bith a chuirfeadh spéis in "Cladaí Chonamara", a bhí luaite anseo le deireanas mar leabhar na seachtaine, taitneoidh Bruth Seanfharraige leis. Tá an mana is fearr dá bhfaca mé fós ar bhlag ar bith greanta in uachtar an leathanaigh ag an scríbhneoir, An Deabhal Álainn: "Ní Beag Beagán de Dhrochbhrochán" (focal breá nach n-aithníonn Gaelspell).

Seanchas faoi bháid agus faoi bhádóirí Chonamara atá ar fáil ann go dtí seo - ach cá bhfios nach mbeadh beagán den chomhairle cócaireachta ar fáil ann anois is arís, mar a bhíonn ó fhear Seattle?

Monday 25 May 2009

Na Bráithre Ainchríostaí


Duine ar bith a bhfuil eolas aige nó aici ar mo shaol cruthaitheach, aithneoidh sé nó sí go bhfuil spéis ar leith agam i ngasúir. Chaith mé seal ag múineadh naíonáin bheaga agus mé ag obair mar mhúinteoir bunscoile i dtús mo shaol oibre - rud neamhchoitianta go maith. Mná is mó a bhíonn ag obair leis na gasúir bheaga. Is clár do ghasúir óga, Dilín o Deamhas, a thug isteach i saol na craoltóireachta mé. Castar daoine go fóill orm, ar tuismitheoirí iad féin faoin tráth seo, a ghlac páirt sa quizchlár teilifíse do pháistí bunscoile a mbínn ag cur i láthair ar RTÉ sna hochtóidí, Eureka. Le tamall de bhlianta anuas, táim ag obair arís le gasúir i mo shaol ceoil agus tá saothair ar nós Gugalaí Gug agus Peigín Leitir Móir mar thoradh ar an obair sin.

I mo shaol pearsanta, tá sé d'ádh orm agus ag mo bhean go bhfuil ceathrar gasúr curtha ar an saol againn, beirt atá anois ina ndéagóirí, agus an duine is óige a ghlac an Chéad Chomaoineach den chéad uair Dé Sathairn seo caite.

Ní fhéadfainn a chur in iúl i bhfocail ar dhoimhneacht mo chuid mothúchán do mo chuid gasúr féin. Gaol ar leith atá ann, caidreamh atá tar éis mo shaol a shaibhriú as cuimse.

Ach seachas mo chuid féin, is breá liom comhluadar gasúr. Is mar sin atá mé riamh. Is cuimhin liom a bheith ag rith abhaile ón scoil agus mé i mo leaidín beag ag súil le bheith ag spraoi le mo dheartháirín Gerard, a bhí díreach tosaithe ag caint. Cén fáth é sin? Is deacair a rá. Sílim go bhfuil draíocht áirithe ag baint le cumarsáid a dhéanamh le duine daonna atá ag feiceáil an tsaoil den chéad uair, atá ag oibriú amach mionrudaí, mion-iontaisí ar iontaisí móra iad, ach nach bhfeiceann daoine níos sine iad mar iontaisí níos mó. Tá gasúir oscailte. Tá siad leathan-aigeantach. Tá siad fiosrach. Is breá leo a bheith ag gáire. Is breá leo a bheith beo. Agus más duine tú atá oscailte tú féin d'aigne an pháiste, gabhfaidh an oscailteacht sin i gcion ort agus cuirfidh sé i gcuimhne duit gur míorúilt atá sa mbeatha, gifte nach féidir luach a chur air.


Is sa gcomhthéacs sin atá mé ag iarraidh scríobh inniu faoin tuairisc a foilsíodh anseo in Éirinn an tseachtain seo caite faoin mí-úsáid ghránna, bharbartha, mhíthrócaireach, lúbtha, ainchríostaí ar baineadh as gasúir bhochta shoineanta san am a caitheadh anseo in Éirinn. Goideadh uathu an tsoineantacht. Bualadh an oscailteacht amach astu. Goideadh uathu an t-iontas agus cuireadh an faitíos, an t-uamhan agus an sceimhle ina áit. Éigníodh a gcolainn agus a n-anam. Sciobadh uathu a gcuid féinmhuiníne, a ndínit, a ndaonnacht féin, agus satlaíodh air. Bróga dubha snasta ag satailt ar anamacha beaga daonna.

Caitlicigh ab ea chuile dhuine de na buachaillí a bhí coinnithe in institiúidí na mBráithre Críostaí. Is cinnte go raibh corr-Chríostaí maith i measc na mbráthar, ach má bhí, cén deis a fuair siad labhairt amach? Agus mura bhfuair, céard a rinne siad faoi?

Rud amháin ab ea an córas lofa céasta a chruthaigh na Bráithre Críostaí. Ba é an chuid is measa agus is brúidiúla é de chóras an phionóis chorpartha a chonaic mé féin le mo shúile cinn i gcaitheamh na scoilbhliana 1972-73 i gColáiste Iarlatha Naofa i dTuaim, in oirthear Chontae na Gaillimhe. Bualadh mise ansiúd. Baineadh úsáid as an bhforéigean le Críostaithe síochánta a dhéanamh dínn. Agus glacadh leis mar chultúr an uair sin, ar bhealach nach nglacfaí anois leis.

Ach an drochíde a bhí á tabhairt do ghasúir bhochta sna campaí géibhinn á bhí á reachtáil ag na Bráithre Críostaí, bhí leibhéal eile cruálachta ag baint léi. Agus mura raibh dóthain náire tarraingthe acu ar ainm Chríost ag na Bráithre leis an réimeas ainchríostaí sin, cuireadh leis an náire sin le blianta beaga anuas leis an lúbaireacht, leis an uisce faoi thalamh agus leis na dearg-bhréaga a d'inis cuid de na Bráithre agus iad ag iarraidh tabhairt le fios nach raibh an oiread sin, dáiríre, déanta as bealach acu.

An cheist atá agam ná seo - cén chaoi ar féidir le duine ar bith de na Bráithre Críostaí, bíodh sé ciontach go pearsanta nó ná bíodh, cén chaoi gur féidir leis a shamhlú faoin tráth seo go bhfuil an t-ainm "Críostaí" tuillte ag an eagraíocht lena mbaineann sé?

Friday 22 May 2009

Leabhar na Seachtaine - An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire


Is fearr aithne ar Bhiddy Jenkinson mar fhile ná mar scríbhneoir próis, b'fhéidir. Ach tá saothrú na gearrscéalaíochta le fada chomh maith agus anuraidh d'fhoilsigh Coiscéim cnuasach breá scéalta uaithi, scéalta a chuir síos ar eachtraí carachtair amháin.

Is fearr aithne ar an Athair Pádraig Ó Duinnín, nach maireann, mar fhoclóraí ach sa leabhar seo, cuireann Biddy Jenkinson síos ar an saol comhthreomhar a mhair sé, mar bhleachtaire amaitéarach.

Tugann Jenkinson saol thús na fichiú haoise in Éirinn chun beochta go healaíonta sna scéalta sa leabhar seo, ar chineál pastiche iad den ábhar a scríobh Sir Arthur Conan Doyle faoin mbleachtaire ficsin, Searbhlac de hOlm. Go deimhin, castar an dá bhleachtaire ar a chéile i gceann amháin de na scéalta, agus Searbhlac ag Gaeilgeoireacht leis sa stíl a chuir aistritheoirí an Ghúim ina bhéal, nuair a thiontaigh siad saothar Conan Doyle go Gaeilge sna tríochaidí.

Tá acmhainn osréalaíoch grinn ag Biddy Jenkinson, acmhainn a chuireann sí ag obair sna scéalta seo. Tosaíonn gach scéal le sainmhíniú ó leabhar an Duinnínigh - saothar eile nach bhfuil aon easpa osréalaíochta le brath air.

Grianstad an tsamhraidh

Tá muid i bhfoisceacht míosa den lá is faide sa mbliain. Lá mór fada atá againn cheana féin. Éiríonn sé dorcha anseo ar an gcósta thiar tuairim is fiche nóiméad i ndiaidh don ghrian imeacht a luí os cionn ghealchathair Bhleá Cliath.

An chéad bhliain a raibh cónaí anseo i mBaile an Domhnalláin orainn, bhí laethanta fada mhí an Mheithimh ag dul i bhfeidhm orainn ar fad. Leagadh amach an teach seo le cabhrú linn déileáil leis an easpa solais a bhíonn anseo i gConamara na gclabhtaí - tá gloine chuile áit ann. Faoin am go raibh muid tar éis aistriú isteach is faoin am go raibh íoctha againn as cóiriú ar an "obair" shleamchúiseach a rinne an chéad tógálaí a bhí ag plé le tógáil an tí - gadaí gan náire, ní raibh pingin fágtha le cuirtíní a cheannach.

Bhí Tadhg Óg, (sé bliana d'aois agus ag druidim leis an gceithre scór ag an am) insealbhaithe sa seomra leapa thuas staighre agus radharc aige ar thrí oileán Árann óna fhuinneog (bhuel péire acu ar aon chaoi - tá an teach inar tógadh ár gcomharsan, Seáinín Joe Johnny MEP, sa mbealach ar Inis Meáin).

Duine ar bith agaibh a bhfuil nó a raibh gasúir óga agaibh, tuigeann sibh an deacracht a bhaineann le bheith ag tathaint orthu go bhfuil sé thar am a bheith ina luí nuair atá sé fós ina lá bán taobh amuigh. Is mar sin a bhí an scéal ag Tadhg Óg an oíche áirithe seo. "A Thaidhgín" a deirimse leis "tá sé an-deireanach. Caithfidh tú gabháil a chodladh - anois díreach". "Gabháil a chodladh, ab ea?" a deir sé, ag léimneach amach as an leaba agus ag seasamh ar bhosca taobh leis an bhfuinneog gan cuirtín. "Gabhail a chodladh, is gan solas ar bith lasta in Árainn?"

Thursday 21 May 2009

Adhaim lúsain hóp


Adhaim só fleat abhat, aghaidh um faidhinding iut dificuilt tú thuinc in Aghairis. It is eaftur ál a bheirí caimpleics lainguaid, bhuat bhuit ál do rúls - do graimear bhud dú iúr hed in. Aind den, aiftear ál iúr triubul, habh mainí péipiul cean eaictiúilí unduirsteaind bhuat iú habh spint heaf do dé raidhting? Méibí adhaim lúsain hóp aiftear ál dés dhíurs. Í fíl a bit laghaidc dat cearactar in do plé baghaidh Beiciut - Aghaidh ceant gó an - Aghaidh must gó an - Aghaidh bhuil gó an (ar bhurds tú deat eifeict)

Wednesday 20 May 2009

Físeán na Seachtaine - Sí do Mhamó Í - Hothouse Flowers


Ó shraith cheoil TG4, Sult, a thagann clip na seachtaine seo - Na Hothouse Flowers i gcuideachta grúpa tí an chláir - Dónal Lunny, Nollaig Casey, píobaire ó Bhéal Feirste - duine de mhuintir MacSherry, níl mé in ann cuimhniú ar a ainm baiste faoi láthair, Nollaig Casey ar an bhfidil agus ceoltóir eile nach gcloisfeá go minic ag plé leis an gcineál seo fusion - méit liom anseo i gCois Fharraige, Noel Hill. Thart ar an mbliain 1996 a rinneadh taifeadadh air. Tugann an fonnadóir Róisín Elsafty Amhrán Náisiúnta Chonamara ar an gceann seo, faoin gcailleach sprionlaitheach ó Chois Fharraige. Bainigí sult as!

Ceart agus an Ó Mór

Rud atá tugtha faoi deara agam leis an mbogearra "Ceart" - ar chúis éigin níl sé in ann Ó mór a aithint. I gcás an fhocail "Ócáid", cuir i gcás, is mar seo a léann sé é - "cáid. An bhfuil sé seo tugtha faoi deara ag duine ar bith eile agaibh?

Flat out sa ngarraí!


Tá mé flat out anseo sa ngarraí ag réiteach leabhair do na clódóirí. Ceann de na teidil a bheas ag teacht sa bhfómhar ó Futa Fata atá i gceist. Tá "Seo í mo scoil" imithe chun bealaigh cheana féin. Is ar "Seo é mo chreideamh" atá mé ag díriú anois. Tá oiread foghlamtha agam ó thosaigh mé ag plé leis - ainmneacha na gcreideamh éagsúla - Saíceachas, cuir i gcás, nó Sinteochas, nó Sóróstarachas - creideamh nár chuala mé caint riamh air go dtí gur thosaigh mé ag plé leis an leabhar seo. An raibh a fhios agat gur "gurdbhara" a thugtar sa nGaeilge ar theampall Saíceach? An raibh a fhios agat gur gurdwara a bhí i mBéarla air?

Tá pátrúin spéisiúla le haithneachtáil chomh maith ó thaobh an chaoi go bhfuil coincheapanna éagsúla le fáil i gcreidimh éagsúla - luaigh mé ceann amháin anseo cheana faoi na Hiondúigh a bheith ag lasadh coinnle leis an Rí Rama a sheoladh abhaile - an-chosúil leis an nós Gaelach na coinnle a lasadh faoi Nollaig le Muire agus Iósaef a threorú go Beithil. Cineál cúrsa spioradálta a bhí sa togra seo agus fillfidh mé ar an téama seo nuair a bheas an chruóg oibre curtha díom agam.

Den chéad uair, tá mé ag baint úsáide as Gaelspell agus Ceart, na bogearraí litrithe agus gramadaí, faoi seach. (feicim go bhfuil Gaelspell ag oibriú agus mé á chlóscríobh seo, rud atá iontach - níor thuig mé go n-oibreodh sé ach amháin mar chuid de Microsoft Word). Táim á bhfáil an-úsáideach, go háirithe le jab casta mar seo agus brú ama orm cloí le spriocdháta an chomh-fhoilsitheora i Londain.

Monday 18 May 2009

Dán fo-thoinn


Seo dán a chum Liam Ó Muirthile fadó - cuireadh i gcló é sa gcéad chnuasach uaidh, Tine Chnámh. Quickie beag atá ann agus níl a fhios agam go díreach cén fáth gur tháinig sé chun cuimhne chugam inniu

Fomhuireán nó submairín
A chuirfead i mo dhán?
Túm tapaidh
Nó báfar an t-iomlán.

Cumadóireacht amhrán i mionteanga


Bhí an-óiche againn in Áras na nGael i gCathair na Gaillimhe san oíche Dé Sathairn ag ceolchoirm de chuid an amhránaí Dom Duff, cumadóir agus fonnadóir ón mBriotáin. Chuir mé féin an-spéis i gceol traidisiúnta na Briotáine i dtús na bhfichidí dom agus chaith mé cúpla samhradh thall ann ag casadh ceoil. D'éirigh liom bunús na teanga a fhoghlaim ar chúpla staj, nó cúrsa samhraidh thall. Ansin sa mbliain 1984 nó mar sin, tháinig fear óg ón mBriotáin, Iwan Coué, go Baile Átha Cliath le staidéar iarchéime a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide. Bhínn ag castáil leis uair nó dhó sa tseachtain i gcaitheamh na bliana sin agus faoin am go raibh sé ag filleadh ag deireadh a chúrsa, bhí mé féin measartha líofa sa mBriotáinis.

Is beag úsáid atá bainte agam as an teanga le scór blianta anuas, ach anois le teacht an idirlín tá mé ar ais i dteagmháil léi de bheagán.

Casadh Dom Duff orm deich mbliana ó shin nó mar sin agus mé ag moltóireacht ag an bhFéile Pan-Cheilteach i dTrá Lí. Ag cumadh amhrán comhaimseartha sa mBriotáinis a bhíonn Dom. Amhránaí breá é agus tá stíl álainn giotáir le cois aige.

Tá na dúshláin chéanna ag baint leis an rud atá ar siúl aige siúd leis an gceol is a bhíodh ar bun agam féin anseo leis an nGaeilge. Seans go bhfuil sé beagán níos éascaí sa mBriotáinis, mar go bhfuil muintir na Briotáine agus na Fraince níos oscailte don cheol i dteanga nach bhfuil ar a dtoil acu ná mar atá muintir na hÉireann. Ach le sásamh iomlán a bhaint as stíl Dom, níor mhór tuiscint a bheith ag duine ar liricí a chuid amhrán.

Mar a tharlaíonn sé, tá mé féin agus na gasúir ag éisteacht le gairid le ceann d'albaim Kila "Lemonade and Buns" agus muid ag taisteal sa gcarr. Tá an-cheol ag Kila, agus cóiriú an-chríochnúil ar a saothar. Tá stíl dá chuid féin ag Rónán Ó Snodaigh mar chumadóir agus mar amhránaí, stíl nach bhfuil ag brath ar thuiscint a bheith agat ar a chuid liricí. Go deimhin, bíonn sé fíordheacair a chuid liricí a thuiscint uaireanta - ach is cuma. Fuaim atá ann, cuid d'uige an cheoil atá ag an ngrúpa. Chomh maith leis sin, ní hionann agus Dom Duff, ní amhráin ar fad a bhíonn ag Kila, ach meascán de cheol uirlise agus amhráin/dánta/rapáil Rónáin. Is sa gcomhthéacs sin is fearr a éiríonn le liricí Gaeilge (agus liricí Briotáinise) lucht éisteachta mór a bhaint amach.

Tá áit ann don chumadóir a bhfuil a chuid amhrán ag brath ar thuiscint a bheith ag an bpobal ar a bhfuil á chasadh aige. Lucht éisteachta i bhfad, i bhfad níos lú atá aige, faraor. Tá sé ionann is dodhéanta slí bheatha a bhaint amach as bheith ag plé go lán-aimseartha leis an gcineál sin ceoil. Tá bealach eile ann le tabhairt faoi (agus baineann an cur chuige seo le ceol Kila arís, agus le Dom Duff, chomh maith, a bhíonn ag obair, scaití le baill de Kila). Is éard atá i gceist agam ná stíl an cheoil a bhunú ar an dúchas - Briotánach nó Gaelach sa gcás seo. Tá glacadh níos fearr ag daoine le hamhráin ó thraidisiún ar bith ná mar atá acu le cumadóireacht chomhaimseartha i dteanga nach dtuigeann siad. Sin é an fáth go bhfuil an domhan mór siúlta ag leithéidí Kila agus Clannad. Sin é an fáth chomh maith nach gcloisfeá mórán ó ghrúpaí Breatnaise taobh amuigh dá dtír féin.

Saturday 16 May 2009

Seanfhocal Ciarraíoch


Tá dealramh le gach aon ní ach cac sa leabaidh.

Ón scríbhneoir Duibhneach Pádraig Ua Maoileoin (Paddy Malone), nach maireann, a chuala mé an ceann sin.

Friday 15 May 2009

Súile Raiftearaí

Le dea-scéala Raiftearaí a cheiliúradh, seo liricí amhrán faoin bhfear é féin.

Súile Raiftearaí

Bhí cúig bliana slánaithe ag Raiftearaí
Buachaillín éirimiúil teann
Nuair a leathnaigh an galra go rábach
Is múchadh na súile ina cheann
Ní fheicfeadh sé feasta an ghealach
Ná an ghrian bhuí ag éirí go moch
Ón lá sin go deireadh a aistir
Bheadh Raiftearaí chomh dall leis an gcloch

Anois is mé ag dúnadh mo shúile
Le hamhrán a rá ó mo chroí
Cuimhním ar Raiftearaí an file
Is ar oíche mhór fhada a shaoil

Ceird í nach gcothódh an dreoilín
Iascaireacht focal is fonn
Nó scríobadh ar fhidil, lá aonaigh
Feannta ó bhaithis go bonn
Ach siúd chuige amhráin is dánta
Amach as an dorchadas teann
Mar chuimhní na laethanta gréine
Sular múchadh na súile ina cheann

Anois is mé ag dúnadh mo shúile
Le hamhrán a rá ó mo chroí
Cuimhním ar Raiftearaí an file
Is ar oíche mhór fhada a shaoil

Lá is oích’ i dteach an óil
Ag caitheamh siar
Ag casadh ceoil
Líon dom cárt’ a bhean an tí
Go múchfaidh mé an tine ‘mo chroí
Lá is oích’ i dteach an óil
Ag caitheamh siar
Ag casadh ceoil
Líon dom cárt’ a bhean an tí
Is ólfaidh mé nó go mbeidh mé caoch….

An oíche ar cuireadh sa gcill é
Oíche mhór anfa ‘s gaoth
Bhí coinnle ag lonradh ‘na thimpeall
Go bhfeicfeadh na daoine an tslí
Is choinnigh na lasracha ag damhsa
Go raibh Raiftearaí curtha faoin bhfód
Ansin mhúch na coinnle go tobann
Mar a múchadh na súile go hóg

Anois is mé ag dúnadh mo shúile
Le hamhrán a rá ó mo chroí
Cuimhním ar Raiftearaí an file
Is ar oíche mhór fhada a shaoil

Anois is mé ag dúnadh mo shúile
Le hamhrán a rá ó mo chroí
Cuimhním ar Raiftearaí an file
Is ar oíche mhór fhada a shaoil…..

Liricí agus ceol – © 2006 Tadhg Mac Dhonnagáin

Dea-scéala!


Bhí mé i mBaile Átha Cliath ar feadh an lae inné, agus bhuail mé isteach chuig mo dheartháir, John, ar an mbealach chuig an aerfort oíche aréir. Eacnamaí é John s'againne, agus is gruama an réamhfhaisnéis a bhí aige d'Éirinn sna blianta beaga atá romhainn amach. Beidh an IMF ag réabadh chugainn an doras isteach, dar leis, ag sleaiseáil leo go rábach, taobh istigh de bhliain go leith ar a mhéid. Gearrfar pá san earnáil phoiblí. Gearrfar an dól. Gearrfar chuile chineál buiséid nach bhfuil go hiomlán riachtanach do fheidhmiú na tíre - An Chomhairle Ealaíon, an tÚdarás, an Foras, Culture Ireland, an ILE srl. srl.

Rud a rinne beagáinín gruama mé, ach ní go hiomlán. Mar ní fiú a bheith ag déanamh an iomarca buartha faoi scéal nach bhfuil a fhios againn a bheith fíor go fóilleach, i gcead do John s'againne. Agus chomh maith leis sin, tháinig dea-scéala mo bhealach inné. Tá Coimisiún Craolacháin na hÉireann tar éis glacadh leis an iarratas uaim féin agus an comhlacht teilifíse Sónta, atá lonnaithe thiar i gCill Chiaráin, le clár faisnéise drámaíochta a dhéanamh faoi shaol Raiftearaí, file mór na naoú haoise déag, a bheas 175 bliain caillte an chéad bhliain eile. Is é Seán Ó Cualáin a bheas mar stiúrthóir ar an scannán a bhfuil "Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal" mar theideal oibre air. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le Seán - bhí an-slacht ar an gclár a rinne sé faoi Mháirtín Ó Cadhain, Rí an Fhocail.

Ealaíontóir tábhachtach ab ea Raiftearaí, fear ar éirigh leis corpas suntasach oibre a chruthú, gan deontas ó dhream ar bith. Tabharfaidh an scannán muid ó Chill Liadáin i gContae Mhaigh Eo, áit ar rugadh an file, go Oswega, Illinois, an áit is dóichí a cumadh ceann de na dánta is mó a leagtar ar Raiftearaí, bíodh is go gcreidtear go coitianta anois nárbh é Antoine Ó Reachtabhra a chum ná a cheap - "Mise Raifteirí an File".

Tá script le scríobh roimh dheireadh na bliana agus tosófar ar an scannánaíocht san Earrach - má fhaighimse sláinte....

Wednesday 13 May 2009

Nuacht Futa Fata


Tá leathanach nuachta againn ar shuíomh Futa Fata. Tá eolas ar fáil ann inniu faoi leabhair nua do dhaoine óga a mbeidh fáil orthu níos deireanaí i mbliana agus faoin seó stáitse a bheidh ag teacht uainn sa bhFómhar- anseo.

Leabhar na Seachtaine - Mír agus Éadaoin - Liam Mac Uistín - An Gúm 1979, eagrán nua, 2004


Clasaic do pháistí é leabhar na seachtaine seo, Mír agus Éadaoin, leagan Nua-Ghaeilge don aos óg den scéal Midir ocus Etáin (an bhfuil sé sin i gceart agam a Dennis?). Scéal iontach grá atá ann faoi Éadaoin a thit i ngrá le Mír, rí Thír na nÓg. Ach bhí bean eile i ngrá le Mír agus fuair sí siúd draoi le féileacán a dhéanamh d'Éadaoin bhocht agus í a chur ag eitilt ar fud na hÉireann ar feadh seacht mbliana.

Tá maisiú an-neamhghnáthach déanta ar an leabhar, le healaíontóir Meiriceánach, Kathy Moore. (Bhíodh Kathy, agus an fear a raibh sí pósta leis tráth, an cumadóir amhrán Thom Moore ina mbaill den ghrúpa Pumpkinhead i dtús na seachtóidí). Íomhánna batik atá i gceist agus feileann siad go hiontach d'atmasféar aislingeach an scéil.

Bhunaigh mé féin an t-amhrán "Féileacán" (a bhí le cloisteáil ar mo chéad albam Solas Gorm, agus arís ar an gcnuasach "Imíonn an tAm") ar an leabhar "Mír agus Éadaoin"

Tuesday 12 May 2009

Tá sé mo cheann!


Scríobh mé cúpla uair cheana anseo faoin rian a d'fhág an Ghaeilge ar Bhéarla na hÉireann, ó thaobh foclóra agus ó thaobh comhréire chomh maith. Tharla sé seo de bharr líon mór Éireannach a bheith ag iarraidh an Béarla a fhoghlaim faoi dheifir sa naoú haois déag, de bharr brú na scoile ar thaobh amháin agus córas an bhata scoir, agus ar an taobh eile, de bharr brú ón bpobal féin. Bhí an cinneadh tógtha acu an Ghaeilge a thréigint mar go raibh buntáistí móra ag baint le bheith líofa sa mBéarla, dar leo, nuair nach raibh rompu ach an bád bán. Ní i gcónaí ar éirigh leis an bpleanáil teanga sin - is cuimhin liom a bheith ag obair i monarcha blocanna stroighin samhradh amháin thíos i gCill Cheallaigh (Kilkelly, Ireland an amhráin) sna hochtóidí. "If we had the right English when we landed in England" a dúirt fear liom agus é ag breathnú siar ar a thréimhse ar deoraíocht i dTír na nGall "we'd have got the right jobs".

Le tríocha bliain anuas, tá leagan eile den fhoghlaim teanga seo faoi bhrú tar éis teacht chun cinn in Éirinn - sna gaelscoileanna. Is é polasaí fhormhór na nGaelscoileanna ná brú a chur ar dhaltaí an Ghaeilge a labhairt ón gcéad lá ar scoil dóibh, féachaint le timpeallacht Ghaelach a chothú agus aidhm an tumoideachais a bhaint amach. An fhadhb a bhaineann leis an gcur chuige seo ná gurb annamh i rang tríocha dalta, cuir i gcás, go mbeidh níos mó ná duine nó beirt a bhfuil an Ghaeilge sa mbaile acu. Má choinníonn an múinteoir naíonán uirthi (nó air - chaith mé féin seal ag plé leis an obair sin), beidh labhairt na Gaeilge ag cuid mhaith den rang faoi Nollaig agus líofacht acu ar fad faoi dheireadh na céad bliana - obair chrua, ach is féidir é a dhéanamh.

Ar ndóigh, is óna chéile is fearr a fhoghlaimíonn gasúir teanga. Dá bharr sin, agus de bharr gan dóthain cainteoirí maithe Gaeilge a bheith ina dtimpeall (is cuma cén cineál Gaeilge atá ag an múinteoir) beidh na gasúir ag cumadh eatarthu féin. De bharr go bhfuil deartháireacha agus deifiúracha ag cuid de na naíonáin seo i ranganna níos sine, agus de bharr tuismitheoirí díograiseacha ar bheagán Gaeilge a bheith ag déanamh a ndícheall an teanga a fhoghlaim agus a labhairt leis na gasúir, déantar buanú ar struchtúir nach mbaineann go stairiúil le comhréir na Gaeilge. Seo cúpla sampla:

Tá sé mo cheann (Mo cheannsa atá ann, nó Is liomsa é)
An bhfuil cead agam deoch? (Tá mé ag iarraidh deoch (nó "ag iarraidh dí" más fearr leat))
Tá mé ag faigh é (Tá mé á fháil)
Tá sé tusa's (Is leatsa é)
Níl mé ag iarraidh é (Níl mé á iarraidh)

Tá an cineál sin ruda le fáil de bheagán chomh maith anseo sa nGaeltacht ó ghasúir a bhfuil an Ghaeilge ó dhúchas acu agus atá ag teacht isteach go neamhfhoirmiúil ar an mBéarla. Tá "I'll die you!" cloiste agam in ionad "I'll kill you!" i gcaitheamh cluiche Power Rangers, mar shampla ó leaidín beag cúig bliana d'aois. Ach ní hionann agus cás na naoú haoise déag, tá oiread Béarla maith ar fáil do na gasúir anois, ní i bhfad a mhaireann an cineál sin cainte sa lá atá inniu ann.

Maidir leis an nGaelscoilis, áfach, tá múinteoirí go leor anois ann atá tagtha aníos trí chóras na nGaelscoileanna atá anois i mbun ranga. Ar éigean go gcloisfeá "Tá sé mo cheann" ó dhuine ar bith acu, (nó an gcloisfeá?) ach ina dhiaidh sin féin, is mór idir an chaint atá acu agus caint na Gaeltachta.

Bhí an ceart ag Brendan Behan - We're a nation illiterate in two languages.

Monday 11 May 2009

Físeán na Seachtaine - Ali Farka Touré


Bhí plé an tseachtain seo caite anseo faoi cheol iarthar na hAfraice - seo duine de laochra móra an réigiúin sin, Ali Farka Touré ó Mhailí. Ceoltóir iontach giotáir a bhí ann a rugadh i 1939 is a cailleadh trí bliana ó shin, i mí na Márta 2006. Dúirt Martin Scorcsese faoi go raibh "the DNA of the blues" le cloisteáil ina chuid ceoil.

Muilte Gaoithe - Meilt Ama?


De bharr an teach a bheith á réabadh, b'éigean dom an oifig a aistriú suas staighre go ceann seachtaine nó dhó. Tá mé i mo shuí anois ag fuinneog a dtugaim sracfhéachaint amach tríthi go minic, ach nach bhfuil mé cleachtach ar bheith i mo shuí os a comhair gan corraí. Sin é an fáth go dtugaim faoi deara, den chéad uair, go bhfuil amharc ar éigean ón bhfuinneog seo siar thar tithe Bhaile Liam, siar ar bharr na muilte gaoithe atá tógtha lámh leis an Leithrinn, in Indreabhán. Tá cara linn ina cónaí thiar ansin agus téann muid ar siúlóid ó am go céile suas an bóithrín uaigneach a bhfuil na muilte móra millteacha tógtha lena thaobh.

Mar dhuine a bhfuil spéis aige i gcúrsaí timpeallachta, chreid mé riamh gur rud maith a bhí sna muilte gaoithe, go raibh siad ag teacht i dtír ar fhoinse fuinnimh a bhí ar fáil saor in aisce, tobar fuinnimh gan tóin, foinse nach raibh sceitheadh ná truaillíu ná tada dá shórt ag baint leis. Agus b'fhéidir gurb ea.

Ach, dar le James Lovelock, eolaí na teoirice Gaia, ar thrácht mé ar The Vanishing Face of Gaia, an leabhar is deireanaí uaidh anseo píosa ó shin, is meilt ama iad na muilte gaoithe. Tá siad thar a bheith mí-éifeachtach, dar leis agus bíonn tréimhsí fada ann in imeacht bliana ar bith nach féidir leo leictreachas a ghinniúint mar nach bhfuil dóthain gaoithe ann, nó mar go bhfuil an iomarca gaoithe ann. Creideann sé gur airgead agus acmhainní amú atá i gceist le tógáil feirmeacha gaoithe agus go mbeidh gá i gcónaí iad a bheith ceangailte le foinse tánaisteach cumhachta, foinse a líonfas na bearnaí nuair nach féidir leis na muilte an obair a dhéanamh agus foinse a bheas ag sceitheadh leis isteach san aeráid.

Cén leigheas atá ag Lovelock ar an scéal? Cumhacht núicléach.

Dar le Lovelock, tá an iomarca faitís ar dhaoine roimh an gcumhacht núicléach. Déanann muid é a shamhlú inár n-intinn i gcónaí leis na híomhánna scáfara sin de Nagasaki agus Hiroshima agus an scrios a lean é. Airíonn muid gur rud mínádúrtha, rud aindiagach beagnach atá sa raidghníomhaíocht. Cuireann Lovelock i gcuimhne dúinn gur cuid den nádúr an raidghníomhaíocht - an gás nádúrtha radon (atá coitianta go maith anseo i gConamara, a deirtear), mar shampla. Tharla Chernobyl, cinnte, ach tharla sé, dar leis, i sean-stáisiún, faoi bhainistíocht Shóivéideach nár chóir a bheith ina bhun - daoine a thóg cinneadh gan chiall a chúisigh an timpiste.

An fáth go bhfuilim ag filleadh ar an leabhar seo arís inniu, "The Vanishing Face of Gaia" ná gurb annamh a léim rud atá chomh dúshlánach. Tá cleachtadh againn ar fad ar phátrúin áirithe smaointeoireachta - pátrúin leisciúla, ach pátrúin a nglacann muid go leor againn leo go réidh.

Mar shampla, an té atá gafa le ceisteanna "glasa", is minic go mbíonn pátrún níos leithne barúlacha aige - liobrálach i dtaobh ginmhillte, cuir i gcás, ar son na Pailistíne, b'fhéidir, ar son Obama, in aghaidh shaoirse an mhargaidh agus mar sin de. Bíonn eisceachtaí ann, ar ndóigh, ach is minic go nglacann muid le "seit" barúlacha ar an gcaoi sin. Tá sé an-spéisiúil nuair a thagann tú ar scríbhneoir a réitíonn tú leis ar thaobh amháin (domsa sa gcás seo, buairt faoi scrios an phláinéid) agus smaoineamh á chur chun cinn aige (cumhacht núicléach) smaoineamh, i mo chás-sa a thagann salach go hiomlán ar na tuairimí a bhfuil glacadh agam leo gan mórán dianmhacnaimh a dhéanamh orthu ó bhí mé i mo mhac léinn gruagach.

Tá leoithne isteach ón Atlantach agus tá lanntracha na muilte gaoithe ag casadh.....

Friday 8 May 2009

Feamainn Bhealtaine



Tuigim anois cén fáth gur roghnaigh Máirtín Ó Direáin "Feamainn Bhealtaine" mar theideal ar an leabhar sin uaidh na blianta fada ó shin. Shiúil mé féin agus Tadhg Óg ón Trá Mhór, taobh thoir de Reilig an Chnoic (an reilig a bhfuil úrscéal Mháirtín Uí Chadhain ceaptha a bheith lonnaithe inti) soir chomh fada le Trá Sáilín. Bhí éanacha go leor ann aréir – an cuirliún, an roilleach, an piardálaí trá agus an fheadóg chladaigh ina measc. Bhí straoilleanna feamainne caite anseo is ansiúd, ach ní raibh an t-uafás ann.

Scéal eile ar fad a bhí romham ar maidin ann agus mé ag siúl ann th’éis dom na gasúir a fhágáil ar scoil. Tá ualaigh feamainne chuile áit anois ann, mar a fheicfeas sibh ó na pictiúir seo a tharraing mé ar cheamara an Samsung Tocco.

Thursday 7 May 2009

Ár gcara sa tSeineagáil



M'iníon Róise a mhol ábhar blagála na maidne seo. Tháinig sí isteach doras na hoifige le pictiúr de Khady, an cailín beag sa tSeineagáil a ndéanann muid urraíocht uirthi (ar a pobal, dáiríre) leis an eagraíocht idirnáisiúnta, Plan. "Cén fáth nach scríobhann tú faoi Khady?" a deir sí. Agus an ceart aici.

Leis an scéal seo a chur i gcomhthéacs - bhí ceathrar aint liomsa a chaith seal sna mná rialta, beirt acu ar na misiúin. Chaith an deirfiúr ba shine le mo dhaid seal i Madras na hIndia - nó Chennai mar a thugtar anois ar an áit. Ag múineadh i meánscoil a bhí sí go dtí gur fhág sí an t-ord i dtús na seascaidí. Tá cur síos déanta ag mo chol ceathrar, John Lanchester, mac Julia, ar an scéal ina leabhar seisean, A Family Romance.

An duine eile, Jane, nó Sinéad mar a thugadh sí uirthi féin tar éis di na mná rialta a fhágáil, chaith sise blianta fada i chathair Pheiriú na Sile, nó gur thit sí i ngrá le sagart a tógadh deich míle bealaigh uaithi i gContae Mhaigh Eo. D'fhág siad beirt an Eaglais agus d'fhill ar Éirinn ina Marcsaigh. Níl aon leabhar scríofa faoin scéal sin go fóill, ach is cinnte go bhfuil ábhar leabhair ann.

An fáth go luaim é seo ná go dtéann obair charthannachta thar lear agus daoine a bhfuil aithne agam orthu a bheith ag plé leis i bhfad siar i mo chuimhne. Tháinig Jane, mar shampla, abhaile ar saoire ón tSile nuair a bhí sise fós ina bean rialta agus mise fós i mo leaidín beag. Thaispeáin sí sleamhnáin dínn den bhaile shanty a raibh sí ag obair ann ar imeall Pheiriú. Chuaigh na híomhánna sin - na botháin bheaga, na daoine sna héadaí gioblacha i gcion go mór orm. Agus ba léir dom an t-ardmheas a bhí ar Jane i measc na gcomharsan, í á tabhairt isteach sa "room" i chuile theach a ndeachaigh sí isteach ann, "rooms" nach raibh feicthe agam féin riamh roimhe sin agus mé amach is isteach as na tithe go minic.

An é sin an fáth gur shocraigh mé páirt a ghlacadh i scéim Plan, nuair a chuala mé John Hume á mholadh ar fhógra raidió timpeall bliain ó shin? Bhuel, ní hea. Dáiríre, is é an chaoi gur chuir taithí saoil mo chuid aintíní cineál fainice orm a bheith ag tacú le misinéireacht de chineál ar bith. Bíonn clár oibre ag lucht misinéireachta, clár oibre a bhaineann le ceart agus cóir, cinnte ach is clár oibre é a bhaineann le cultúr daoine a athrú ó bhonn - chun a leasa, scaití, b'fhéidir, ach ní i gcónaí.

An rud a thaitníonn liom faoin eagraíocht Plan ná gur ar bhonn cearta daonna atá siad ag feidhmiú, seachas a bheith ag cur clár oibre chun cinn a bhaineann le hathrú creidimh. Is Moslamach, mar shampla, í Khady bheag agus níl éinne ag cur brú uirthi féin ná ar a muintir an scéal sin a athrú. Cuireann an eagraíocht cúnamh praiticiúil ar fáil a bhaineann le cúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais, cúrsaí infrastruchtúir - toibreacha glana agus an cineál sin.

An rud eile a bhaineann le bheith páirteach sa scéim urraíochta ná an t-oideachas a chuireann sé orm féin agus ar Róise faoin duine seo, Khady agus a muintir - an saol atá siad a chaitheamh sa tSeineagáil, tá sé an-chosúil le saol na hÉireann roimh aimsir an Ghorta. Tá sé i bhfad níos éasca ag Róise (agus agam féin, go deimhin) an t-eolas atá faighte againn ar shaol Khady a scagadh nuair atá muid in ann a saol a shamhlú, mar dhuine ar leith, cailín ocht mbliana d'aois, seachas mar staitistic.

Tá tuilleadh eolais faoi obair Plan ar fáil anseo.

Wednesday 6 May 2009

Leabhar na Seachtaine - Cladaí Chonamara - Séamas Mac an Iomaire


Seo ceann de leabhair mhóra próis na Nua-Ghaeilge. Tá aitheantas faighte agus tuillte aige sa tsainréimse lena mbaineann sé - an t-eolas dúlra. Séamas Mac an Iomaire, fear ó oileán Mhuínise, taobh thiar de Charna a scríobh an leabhar agus é sínte ar chlár a dhroma i leaba ospidéil i Meiriceá. Bhí cúpla bliain caite faoin tráth sin aige ag obair thíos faoi thalamh, ag plé le tolláin a thógáil i Nua Eabhrac. Bhuail an eitinn é agus chlis ar a shláinte. Is ansin a thosaigh sé ag scríobh, le héalú ón uaigneas agus ón leadrán a bhain le saol an ospidéil, siar leis ag fánaíocht ar chladach mín a óige i Muínis.

Seachas an t-eolas ar fad atá ann ar chladaí Chonamara (agus cladaí na hÉireann i gcoitinne), eolas a bhailigh an t-údar go neamhfhoirmiúil agus é ag éirí aníos i gConamara i dtús an chéid, is mór an pléisiúr stíl álainn nádúrtha an údair a léamh. Seo sampla beag as alt a scríobh sé faoin bhfaocha faoileáin, cineál sliogéisc a bhailítear fós ar chladaí an cheantair seo:

"Sa ngeimhreadh ní bhíonn mórán acu le feiceáil ina mbeatha ach bíonn cuid mhaith de na sliogáin fholmha i mbarr na dtránna agus le linn don bhruth iad a chur trína chéile déanann siad cineál ceoil, arae bíonn go leor cineálacha eile sliogán sa mbuíon freisin. Teangmhaíonn siad féin agus na clocha beaga agus an gaineamh garbh dá chéile ar chuma aisteach eicínt agus le meascadh an tsúiteáin cloistear sreangán caol ceolmhar".


Cúpla bliain ó shin, rinne an muireolaí Pádraig de Bhaldraithe (mac an fhoclóraí, Tomás de Bhaldraithe) Cladaí Chonamara a aistriú go Béarla, faoin teideal "The Shores of Connemara". Chuir sé seo le cáil an bhunleabhair agus tharraing údar eile, Richard Nairn, ar an leagan sin agus é ag obair ar a leabhar siúd, "Ireland's Coastline."

Mar a dúirt an tOllamh Tomás Ó Máille (An Béal Beo, The Irish of Tourmakeady) sa réamhrá a scríobh sé do bhuneagrán 1938 "Ní dóigh liom go bhfaighidh tú bádóir in aon riocht in iarthar domhain ná in oirthear domhain a scríobhfadh leabhar mar é ina theanga féin".

Tuesday 5 May 2009

Cúrsaí aistriúcháin agus cúrsaí airgid - pobalbhreith na seachtaine seo caite


Is spéisiúíl an rud é a laghad cuairteoirí chug an ngarraí a bhacann le páirt a ghlacadh sna pobalbhreitheanna. Dé Céadaoin seo caite, cuir i gcás, bhí an líon os mó riamh cuairteoirí go dtí seo ag plódú isteach an geata - 255 duine ar fad. Ina ainneoin sin, i gcaitheamh na seachtaine ar fad, níor chaith ach 18 vóta bealach amháin nó bealach eile. Seo mar a bhí ag an sampla bídeach beag, neamheolaíoch sin:

Cheap formhór agaibh, 38%, gur chóir cáipéisí oifigiúla a aistriú, má bhain ábhair na cáipéise go sonrach le pobal na Gaeilge agus/nó na Gaeltachta. Bhí 33% agaibh den tuairim gur chóir gach cáipéis a bheith ar fáil i nGaeilge. Bhí 27% amhrasach faoin bpolasaí aistriúcháin mar uirlis éifeachtach leis an teanga a chur chun cinn - cheap sibh go raibh bealaí ní b'fhearr ann le hinfheistiú a dhéanamh sa nGaeilge. Ar deireadh, cheap 5% nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid, mar gurbh fhearr an mheabhair a bhí formhór cainteoirí Gaeilge in ann a bhaint as cáipéisí oifigiúla i mBéarla.

Ar mholadh ónár gcara Chouchou, tá ceist nua ar fáil anois. Bígí ag vótáil.

Físéan na Seachtaine - Puirt a beul - The Bothy Band


An tráth seo bliana, fadó, bhíodh daoine ag réiteach le himeacht lena dtréad gabhar nó caorach, leis an samhradh a chaitheamh sna sléibhte, ag maireachtáil i mbotháin bheaga.

"Bothántaíocht" a thugtaí air sin. Brí eile atá leis an bhfocal i gCorca Dhuibhne - ag imeacht thart san oíche ar cuairt chuig tithe na gcomharsan atá i gceist le bothántaíocht ó dheas. Nós é atá imithe i léig go mór ó tháinig ann don teilifís.

Is ó Albain a thagann an t-amhrán atá le cloisteáil ar fhíséan na seachtaine seo "Am bothan a bh'aig Fionnghuala". Micheál Ó Domhnaill, nach maireann, atá á chloisteáil á rá. I ndeireadh na seachtóidí a rinneadh an taifeadadh (sa tsraith chéanna, cheapfainn, lenar bhain "Téir Abhaile Riú" a bhí le feiceáil anseo an tseachtain seo caite).

Tháinig mé ar na liricí ar an idirlíon:

Thuirt an gobha fuirighidh mi"
'S thuirt an gobha falbhaidh mi
'S thuirt an gobha leis an othail
A bh' air an dòrus an t-sàbhail
Gu rachadh e a shuirghe
.
Sèist: Chorus (after each verse):
'Si eilean nam bothan nam bothan
Eilean nam bothan nam bothan
Eilean nam bothan nam bothan
Am bothan a bh' aig Fionnghuala
'Si eilean nam bothan nam bothan
Eilean nam bothan nam bothan
Eilean nam bothan nam bothan
Am bothan a bh' aig Fionnghuala
.
Bheirinn fead air fulmairean
Bheirinn fead air falmairean
Liuthannan beaga na mara
Bheireamaid greis air an tarrainn
Na maireadh na duirgh dhuinn
.
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Bheireamaid greis air an tarraing
Na maireadh na duirgh dhuinn
.
Bheirinn fead air fulmairean
Bheirinn fead air falmairean
Liuthannan beaga na mara
Bheireamaid greis air an tarrainn
Na maireadh na duirgh dhuinn
.
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Bheireamaid greis air an tarraing
Na maireadh na duirgh dhuinn
.
Thuirt an gobha fuirighidh mi
'S thuirt an gobha falbhaidh mi
'S thuirt an gobha leis an othail
A bh' air an dòrus an t-sàbhail
Gu rachadh e a shuirghe

Má tá duine ar bith agaibh in ann aistriúchán a chur ar fáil i nGaeilge na hÉireann (nó sa Ghaidhlig Eireannach, mar a thugann muintir na hAlban uirthi) bheinn an-bhuíoch dhíobh.