Wednesday 3 June 2009

Ut ameris, ama!


Tá beagán leisce orm seanfhocal Laidine a tharraingt anuas, ón ar léirigh mé don saol mór (nó don saol beag a bhíonn ar cuairt ar Gharraí J Mh ar chaoi ar bith) a laghad scil atá agam i dteanga na Rómhánach. Ach tá ceann an-deas agus an-fhírinneach le feiceáil anseo inniu - Ut ameris, ama: Má tá tú ag iarraidh go dtabharfaí grá duit, tabhair tú féin uait do ghrá. (An féidir Gaeilge a chur ar an nath seo agus gan ach trí fhocal a bheith san aistriúchán?)

9 comments:

  1. Dlíonn grá grá?
    Tuileann grá grá?

    ReplyDelete
  2. Sean-Ghaeilge atá ag teastáil anseo!

    Ad·cota serc seirc.

    = Gineann grá grá. / Eascraíonn grá ó ghrá.

    ReplyDelete
  3. Saothraíonn searc searc?
    Meallann searc searc

    ReplyDelete
  4. dhá fhocal (ag baint feidhm as an mbriathar car)

    Cartar carthach

    ReplyDelete
  5. An focal sin ad.cota a Dennis - ab shin athchothú an lae inniu?

    Is iad an péire is deise liom d'iarrachtaí na Nua-Ghaeilge ná "Tuilleann grá grá" ó Aonghus agus "Cothaíonn cion cion" ó Áine. Gonta agus ceolmhar - muisteais frog oraibh beirt!

    ReplyDelete
  6. Ní hea. Creid é nó ná creid, is é an briathar "féad" (féadaim, etc.) oidhre an fhocail sin sa Nua-Ghaeilge, ón bhfoirm spleách:

    ad·cota = faigheann sé/sí
    ní·éta = ní fhaigheann sé/sí

    Bhí an múnla "Ad·cogta X Y" an-torthúil sa tSean-Ghaeilge. Tá cúpla sampla eile de le fáil anseo:

    http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/gaois/

    ReplyDelete