Tuesday 30 June 2009

Lúibín

Seo lúibín a scríobh me píosa ó shin. Is é Tadhg Óg a mhol an scenario agus thriail mé an scéal a insint i bhfoirm lúibín. Bíonn go leor athrá i gceist le lúibín a théann chun leadráine má bhíonn go leor véarsaí i gceist. Chomh maith leis sin, ní scéal a bhíonn i gceist go hiondúil agus rólanna ar leith ag an dá ghlór. Ní thugtar le fios go hiondúil ach oiread go bhfuil glór amháin atá ar easpa eolais faoina bhfuil ag tarlú. Ag iarraidh na teorannacha a bhrú siar de bheagán a bhí mé. Cineál nuaibín atá i gceist. Ar aon chaoi, seo agaibh é:

An Caitín Álainn Bán

Tá Johnny Joe agus Delia in aois an phinsin.

JOHNNY JOE:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
Ghnothaigh mise an lotto
Fuair mé ceithre mhilliún breá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
Cheannaigh mé Mercedes
Agus caitín do mo ghrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
Ba mhór an spóirt an caitín
Lena chloigeann álainn bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Ím bím babaró a leithéidí de charr
Bhí pabhar sa Mercedes sin
Is í ag dul thar bráid
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Ím bím babaró is orm a bhí an crá
Bhí Kit e Kat i mbabhla a’am
Is gan dé ar mo chaitín bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Ím bím babaró mo chreach agus mo chrá
Ag casadh isteach sa driveway dhom
Nár leag mé an caitín bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
“An bhfaca tú mo Bháinín beag
Mo chead ‘s mo mhíle grá?”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Ím bím babaró, céard a d’fhéadfainn ‘ rá
“Ní fhaca” arsa mise bocht
“Ach fillfidh sé ar ball”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE :
Ím bím babaró a leithéidí de lá
Isteach sa Merc de thintreach liom
Mé fhéin ‘s an caitín bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Bhí mo chroí ag briseadh ‘nois,
Ag briseadh ina lár
Labhair mé le Saint Anthony go bhfaigheadh sé mo ghrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Ní raibh gíog ná míogín
As an gcaitín álainn bán
Siar liom chuig an vet ansin, go leighfeasfadh sé mo chrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Thriail mé bleaist ronnachaí
A thairiscint ar ball
Meas tú ab é ‘n Kit-E-Kat nár thaithnigh le mo ghrá?
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
“Ní dóchasach an scéal é seo”
A dúirt an vet ar ball
“Ní leigheas atá ón gcaitín sin, ach miorúilt, mo chrá”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Níor chuir sí suim sna ronnachaí,
An scuitín álainn bán
Thriail mé tin caviare go meallfadh sé mo ghrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
“Seo jab don Golden Pages
Má tá fix ar bith le fáil”
Bhreathnaigh sé faoi “Miorúiltí” – bhí number áitiúil ann
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Labhair mé leis na Gardaí
Nó go bhfaighidís mo ghrá
“Glaoigh ar ais Dé Céadaoin,
Tá muid fíor-flat out faoi láthair”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Istigh sa teachín aisteach seo,
Bhí fear le cóta bán
“Cuirim caoi gan stró ar bith
Ar bheithigh chuile lá ”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Ghlaoigh mé ar an mobile
Ar mo Johnny Joe ar ball
Ach bhí a number crúogach
‘S níor fhreagair sé an call
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá


JOHNNY JOE:
Ba ghearr gur bhain sé an cloigeann
De mo chaitín álainn bán
Chuir sé isteach bleaist wireannaí
Is microchip ‘na lár
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
D’fhreagair na Samaritans
Mhínigh mé mo chás
“Ar thriail tú fish fingers air?”
A dúirt an cailín lách
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY:
Chas mé isteach sa driveway arís
Mé fhéin ‘s an caitín bán
“Seo abhaile Báinín beag
Do pheata is do ghrá!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
“Míle thanks, Saint Anthony!”
A bhéic mé amach go hard
“A pheata bháin, bí ag ithe leat,
Triail an caviare!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Fish fingers – sin mo rogha fhéin!”
A bhéic an cat go hard
“Glanaigí an áit seo uileag
Tá an teach seo ina chás!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

DELIA:
Bhí caint anois, caint chantallach ag mo chaitín bán
“Liomsa an teach” a d’fhógair sé
“Amachaigí sa tsráid!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Sa teach atá sé riamh ó shin
An caitín bradach bán

DELIA:
Is codlaíonn muid sa Mer-ce-des
Mé fhéin ‘s mo mhíle grá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

JOHNNY JOE:
Só, má bhíonn tú ag cuartú míorúiltí
A leighfeasfadh duit do chrá
Ná bac le Golden Pages
Nó is measa a bheas do chás
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá

(c) 2008 Tadhg Mac Dhonnagáin

Bhí an píosa seo ar cheann de chnuasach lúibíní agus agallamh beirte a chum mé anuraidh le cúnamh ó scéim Deis na Comhairle Ealaíon, an ciste a thacaíonn leis na hEalaíona Traidisiúnta in Éirinn.

2 comments:

  1. Fair play dhuit!

    Agus anois táim chun scéal uafásach a roinnt libh faoi chat (ná léigh é seo aon duine a bhfuil grá agat d'ainmhithe óir go bhfuil críoch thragóideach leis):

    D'imigh m'fhear chéile thar lear ar feadh trí seachtaíní cúpla bliain ó shin i lár an gheimhridh(ag obair). Shlachtaigh sé cúpla rud sa ngáirdín suas sular fhág sé agus chuir cúpla úirlis ar ais sa tseid.

    Nuair a d'fhill sé trí seachtainí níos déanaí, d'fhill sé ar an tseid agus céard a bhí istigh ann ach....

    (lucht ceana na gcat, stopaigí ag léamh a deirim!)

    ach...

    Cat atá anois thuas sna flaithis.

    D'fhéadfaí núaibín eile a scríobh faoi gcréatúr bocht.

    ReplyDelete
  2. Ciseán i measc na naomh go raibh aige.

    ReplyDelete