Wednesday 10 June 2009

Caillte sa gceol

Ag an Aifreann sa Spidéal maidin Dé Domhnaigh seo caite, thug mé cailín óg faoi deara os mo chomhair, is í ag casadh pianó samhailteach ar chúl an tsuíocháin a bhí os a comhair sise. Anonn is anall léi, cordaí ag imeacht leis an lámh chlé, nótaí á mbualadh ag an lámh dheis, a fhad is a bhí an sagart ag dreandán leis i dtaobh Domhnach na Tríonóide.

Seoladh siar na blianta mé. Chuimhnigh mé ar Vinnie Kilduff, a shuigh taobh liom ar scoil i gCoillte Mach fadó. Ceoltóir cumasach feadóige a bhí i Vinnie - is ea i gcónaí. Is leis an gceol a chuaigh sé mar ghairm. Blianta fada ina dhiaidh sin, bhain sé duais Grammy i Meiriceá de bharr na hoibre a rinne sé ar cheann d'albaim Chlannad.

Ach in Earrach na bliana 1975, bliain na Meánteiste, bhí Vinnie cruógach ag múineadh maindilín dó féin. Bhí rialóir aige agus stiallóga (frets - focal nua an lae!) tarraingthe aige air ó thaobh go taobh agus sreanga tarraingthe anuas orthu siúd. Shuíodh sé taobh liom a fhad is a bhí an múinteoir ag cur di faoi bhriathra na Fraincise, ag casadh poirt lena mhéaracha, port a bhí sé in ann a chloisteáil istigh ina chloigeann.

Chuimhnigh mé chomh maith ar an tseachtain i bhFómhar na bliana 1982 nuair a cheannaigh mé mo chéad ghiotár ceart, le mo chéad tseic, ón jab múinteoireachta a fuair mé th'éis dom an coláiste a fhágáil. Yamaha FG-365S2 an giotár a fuair mé - tá sí agam fós agus casaim ar an stáitse i gcónaí í.
Theastaigh uaim fanacht istigh an oíche Aoine sin le haithne a chur uirthi, ach theastaigh ó mo chailín dul amach. Amach linn. Shuigh muid sa bpub, gan mórán á rá ag ceachtar againn. Th'éis píosa, d'airigh mo chailín dinglis ar a láimh. Bhreathnaigh sí síos, agus anonn ormsa, a bhí ag stánadh romham, gan aird agam uirthi siúd ná ar mhórán rud ar bith eile i mo thimpeall. Lig sí osna. "Tadhg" a deir sí "You're playing chords on my arm....."

4 comments:

  1. "Pillim ar m'árasán. Tá sí romham ceaptha ag an lampa sráide. Cuair a coirp ar mo leaba sínte...."

    :-) Do chéad ghiotár?

    ReplyDelete
  2. Óra dhiabhal, a Dennis - nach agat atá an scil sa tSeanGhaeilge! Sí a bhí ann, go deimhin!

    ReplyDelete
  3. Níl aon rud mar uirlis nua, muise. Is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo dhéagóir, agus seinteoir doird eile a raibh aithne agam air ag siúl síos mo shráide liom. Bhí cás aige le dord úr-nua ann. Dúirt sé liom, "táim chun dul abhaile agus é a sheinm go deo."

    ReplyDelete
  4. An gcasann tusa an dord, a Shéamais? "Seinnteoir doird eile.."? Tá mé féin ag iarraidh é a fhoghlaim le tamall anuas. Bím á chasadh ag seisiún tigh Phádraigín, sna Forbacha, oícheanta dé hAoine. Is breá liom é.

    ReplyDelete