Tuesday 23 June 2009

An focal mar dhéantúsán

Bhí an-phíosa comhrá agam féin agus an bheirt bheag agus muid ag dul siar ar scoil ar maidin faoin bhfocal iontach Ciarraíoch sin, "ciotrúnta". Duine ar deacair déileáil leis nó léi, duine a dhéanann scéal mór de chuile rud, duine casta, nach féidir é nó í a shásamh. Sin duine ciotrúnta. D'aontaigh na gasúir liom gur beag nach féidir leat brí an fhocail a thabhairt leat ón rithim agus ón bhfuaim a bhaineann leis - "ciot-a-rún-ta". Chaith muid nóiméad nó dhó ag spraoi leis, ag baint sásaimh as an drumadóireacht a bhí muid in ann a bhaint as siollaí an fhocail.

Is cuid spéisiúil de chultúr na Gaeilge í an tusicint sin ar an bhfocal mar dhéantúsán . Is cinnte go bhfuil an tuiscint chéanna ar fáil i ngach cultúr teanga ar domhan, ach i ngeall ar an mbochtanas, b'fhéidir, bhí deis ag na Gaeil ar feadh i bhfad anailís ar leith a dhéanamh ar a dteanga féin, mar nach mbíodh mórán eile de mhaoin an tsaoil acu.

Duine de na daoine ba mhó a bhí tugtha don anailís sin ar casadh mise riamh uirthi ná seanbhean a raibh cónaí ar an bhFál Mór uirthi, in íochtar leithinis an Mhuirthid, in Iorras, i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo. Bhí focail ar fáil sa gcanúint sin nach raibh taithí agamsa orthu agus nuair a chuirinn ceist ar Mhary Neil ina dtaobh, is í a bhíodh sásta freagra cuimsitheach a thabhairt.

An focal "leitheadach", cuir i gcás. Sin é an focal is coitianta atá sa gceantar sin ar dhuine sotalach, nó mustrach, nó duine a raibh éirí in airde ann. "Focal an-úsáideach é sin" a deireadh sí, amhail is a bhí sí ag caint ar uirlis a bhféadfá breith uirthi le jab ar leith a dhéanamh.

Bhí an-scéal aici faoi chomharsa léi a chaith seal gearr i Meiriceá i dtús na fichiú haoise. Rud neamhchoitianta a bhí ann agus Mary ina cailín óg go ngabhfadh duine anonn go Meiriceá agus a theacht as arís, gan leathchéid bliain nó níos mó a chaitheamh thall, ach b'shin mar a bhí ag a comharsa, Séamas.

Bhí an-spéis ag muintir an cheantair sa gcur síos a bhí ag Séamas, agus é tagtha abhaile, ar na hiontaisí a bhí feicthe thall aige. Bhí cuimhne ag Mary ar an oíche cois tine go raibh seal caite ag muintir an bhaile ag éisteacht le scéalta Shéamais faoi shaol na Yanks. Mar chlabhsúr ar an oíche, bhí iarratas speisialta ag duine de na comharsana - "abair arís é" a deir sí "an focal mór millteach Béarla sin a fuair tú i Meiriceá, a Shéamais. Abair arís é!". Bhí tost ar an gcomhluadar - bhí chuile phéire súl dírithe ar Shéamas. Amhail is go raibh sé ag nochtadh píosa dealbhóireachta, chuir Séamas an charraig mhór Béarla i láthair an chomhluadair uair amháin eile, á fhógairt go cúramach, siolla ar shiolla álainn - "extra-ordi-na-ry".

4 comments:

  1. Is iontach an spraoi atá le baint as nathaíocht agus sanasaíocht araon.

    Tá focal deas sa Ghearmáinís ar fhocail a bhfuil nasc idir fuaim agus brí iontu - Lautmalerei - fuaim péinteáil.

    Is minic sin i gceist agus cur síos á dhéanamh - an lapadán lathaí a luaigh tú ar na mallaibh, abair.

    ReplyDelete
  2. An-deas! Tá spéis ag na Gaeil i bhfocail agus sna scéalta taobh thiar díobh le fada an lá. Is é an foclóir sanasaíochta is sine in aon teanga neamh-chlasaiceach Eorpach ná "Sanas Cormaic" (ca. 900). Chuir Kuno Meyer in eagar é ach níor aistrigh sé é. Is cosúil gur chuir Whitley Stokes Béarla air i lár an naoú haois déag, ach níl an leabhar sin i gcló anois. Ní fhaca mise riamh é.

    http://en.wikipedia.org/wiki/Sanas_Cormaic

    B'fhéidir gur chóir dom sleachta as a aistriú go Nua-Ghaeilge ar mo bhlag.

    ReplyDelete
  3. Bheadh sé sin togha, cinnte.

    ReplyDelete