Wednesday 17 June 2009

Céard atá i ndán do Foinse?


Nuair a bhí mise ar an meánscoil, i nGalltacht Mhaigh Eo, thiar sna seachtóidí, bhíodh "Inniu" á fháil againn ón múinteoir Gaeilge. Leagan amach leamh, drochchaighdeán cló, altanna móra fada faoi chúis na Gaeilge - dá mbeifeá ag iarraidh nuachtán a dhearadh leis an aos óg a chasadh i gcoinne na teanga, is é Inniu an páipéar a leagfá amach leis an jab a dhéanamh.

Ina dhiaidh sin, nuair a chuir mé aithne ar na leads i mBéal Feirste, léinn Lá. An rud ab fhearr faoi go mór fada ná colúin ghrinn Mháirtín Uí Mhuilleoir (an cuimhin le héinne an colún "An Tráth Sin den Mhí" - sin tallann atá á chur amú - fill orainn, a Mháirtín na cruthaitheachta!). An deacracht a bhí agam leis an gcuid eile de ná go raibh sé dírithe an iomarca ar shaol na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste.

Bhí Amárach ann chomh maith - ró-ghafa leis an nGaeltacht, a cheap mé.

Is é Foinse, dar liomsa, an páipéar ab fhearr ar éirigh leis freastal ar na tránna éagsúla sin - lucht labhartha na cathrach a bhí sáite sa gcúis, lucht léite níos ginearálta nár bhain go gníomhach leis an gcúis ach a raibh spéis níos mó acu sa teanga ar bhonn cultúrtha, agus an aicme Ghaeltachta a bheadh sásta nuachtán Gaeilge a léamh, dá n-aireoidís go raibh freastal á dhéanamh ag an bpáipéar ar a saol féin.

Seans go bhfuilimse claonta, ó tharla go bhfuil cónaí orm i gCois Fharraige. Seans go bhfuil daoine go leor i nGaeltachtaí eile ann nár airigh nádúr ar bith le Foinse. (Ní miste dom, de ghrá na trédhearcachta, a lua chomh maith go raibh mé i mo cholúnaí ealaíon le Foinse ar feadh cúpla bliain i ndeireadh na naochaidí).

Ceannaíonn muide Foinse chuile dheireadh seachtaine sa teach seo. D'aireodh muid go raibh rud eicínt caillte againn (nó misseáilte againn, le bheith cruinn) mura raibh sé feicthe againn. Bíonn an-réimse ábhair ann. Bíonn sé scríofa go maith. (Cé gur cuireadh léirmheas an-aisteach de leabhar uaim, Aniar i gcló ann uair amháin - ach tá an peaca sin maite.)

An rud is tábhachtaí faoi Foinse ná go léann daoine é. Tá a fhios agam gurb ea, mar gur minic a chloisim é luaite i gcomhráití i measc an phobail anseo - ní ag díograiseoirí teanga amháin, ach ag cainteoirí dúchais nach leor dóibh an rud a bheith i nGaeilge le tacaíocht a thabhairt dó. Luaitear an píosa seo nó an pictiúr siúd a chonaic daoine i bhFoinse.

Dá fheabhas é Lá Nua, níor chuala mé riamh luaite ag duine ar bith de mo lucht aitheantais ar an gcaoi sin é. Tuigim nach bhfuil mórán de bhunús eolaíochta leis sin mar shlat tomhais, ach tá fírinne eicínt ann, ina dhiaidh sin.

Is cinnte go bhféadfadh Foinse a bheith níos fearr nuair a chuirfeá i gcomparáid leis an Irish Times é. Ach d'fhéadfadh an Irish Times a bheith níos fearr agus é curtha i gcomparáid leis an Guardian. Ceist scála agus acmhainní é sin.

Is bocht an scéal é má ligtear dó bás a fháil.

6 comments:

  1. Aontaím go huile agus go hiomlán leat, a Thaidhg. Ceannaím Foinse gach seachtain, agus táim á cheannach le fada an lá.

    Cheannaínn Lá Nua anois is arís, go háirithe mar gur thaitin ailt le Dónall Mac Giolla Chóill go mór liom. Tá síntiús glactha agam le Nuacht 24 anois, agus tá an páipéar, agus ailt le Dónall ann, ag teacht chugam chun tí anois. Is fiú chuile phingin é.

    Anois, dá bhféadfainn am a fháil chomh flaithiúil céanna…:)

    ReplyDelete
  2. "de ghrá na trédhearcachta..."

    "tá an peaca sin maite..."

    We can see through you now, the pain is gone.

    Ní stopann tú ach ag plé leis na hamhráin sin :-)

    ReplyDelete
  3. Níl a fhios agam an dtuigim an ceann seo, a Mhicil.

    ReplyDelete
  4. Aontaoim libh gur mór an trua dá gcaillfí Foinse an t-aon phaipéar gaeilge atá fagtha.Is cuimhin liom Inniú agus dearadh olc air ach bhí sé go maith do na h-aistí.Bhí sé go maith le cúrsaí spórt freisean cosúil le Foinse.An t-aon locht a bheadh agam le Foinse ná go raibh an iomad béim ar chonntae na Gaillimhe ach chronóinn a gcailleadh.

    ReplyDelete
  5. Sin fadhb na cothromaíochta idir an pobal Gaeltachta (nó pobal amháin Gaeltachta, de réir mar a fheiceann tusa é a John - agus tuigim duit) agus an chuid eile den treibh scaipthe lena mbaineann muid. Níl aon réiteach foirfe ann, creidim - ach is é Foinse an iarracht is fearr fós, sílim féin.

    ReplyDelete
  6. Is cuimhin liom Inniu chomh maith. D’íoc mo thuismitheoirí bochta as ar mo shon agus mé ar an ardscoil ach b’annamh a léigh mé é, ní raibh rud ar bith ann oiriúnach do ghnáth dhéagóirí ar bheagán Gaeilge (agus ní raibh athchúrsáil againn i gcathair Luimnigh ag an am san!) Ní bhíonn seans agam teacht ar Foinse ró mhinic anso i NY ach bíonn seans teacht ar chóip anois is arís agus mar a luaigh tú oireann an nuachtán do dhreamanna difriúla, go mór mhór anso. Má bhíonn an nuacht féin as dáta bíonn rud éigin eile suimiúil le fáil ann i gcónaí.

    ReplyDelete