tag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post7450953195461336627..comments2023-12-22T08:42:30.161+00:00Comments on Garraí Johnny Mhorgan: Céard atá i ndán do Foinse?Tadhg Mac Dhonnagáinhttp://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comBlogger6125tag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-40822619138585790892009-06-18T14:30:28.415+01:002009-06-18T14:30:28.415+01:00Is cuimhin liom Inniu chomh maith. D’íoc mo thuism...Is cuimhin liom Inniu chomh maith. D’íoc mo thuismitheoirí bochta as ar mo shon agus mé ar an ardscoil ach b’annamh a léigh mé é, ní raibh rud ar bith ann oiriúnach do ghnáth dhéagóirí ar bheagán Gaeilge (agus ní raibh athchúrsáil againn i gcathair Luimnigh ag an am san!) Ní bhíonn seans agam teacht ar Foinse ró mhinic anso i NY ach bíonn seans teacht ar chóip anois is arís agus mar a luaigh tú oireann an nuachtán do dhreamanna difriúla, go mór mhór anso. Má bhíonn an nuacht féin as dáta bíonn rud éigin eile suimiúil le fáil ann i gcónaí.Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhnehttps://www.blogger.com/profile/09834244361232106613noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-72887854771634191442009-06-17T21:57:15.586+01:002009-06-17T21:57:15.586+01:00Sin fadhb na cothromaíochta idir an pobal Gaeltach...Sin fadhb na cothromaíochta idir an pobal Gaeltachta (nó pobal amháin Gaeltachta, de réir mar a fheiceann tusa é a John - agus tuigim duit) agus an chuid eile den treibh scaipthe lena mbaineann muid. Níl aon réiteach foirfe ann, creidim - ach is é Foinse an iarracht is fearr fós, sílim féin.Tadhg Mac Dhonnagáinhttps://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-1037630400642219172009-06-17T19:34:26.319+01:002009-06-17T19:34:26.319+01:00Aontaoim libh gur mór an trua dá gcaillfí Foinse a...Aontaoim libh gur mór an trua dá gcaillfí Foinse an t-aon phaipéar gaeilge atá fagtha.Is cuimhin liom Inniú agus dearadh olc air ach bhí sé go maith do na h-aistí.Bhí sé go maith le cúrsaí spórt freisean cosúil le Foinse.An t-aon locht a bheadh agam le Foinse ná go raibh an iomad béim ar chonntae na Gaillimhe ach chronóinn a gcailleadh.John M O Donoghuehttps://www.blogger.com/profile/01293306659177189914noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-38009431016106339532009-06-17T13:58:13.969+01:002009-06-17T13:58:13.969+01:00Níl a fhios agam an dtuigim an ceann seo, a Mhicil...Níl a fhios agam an dtuigim an ceann seo, a Mhicil.Tadhg Mac Dhonnagáinhttps://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-41554705786261137292009-06-17T12:33:26.699+01:002009-06-17T12:33:26.699+01:00"de ghrá na trédhearcachta..."
"tá..."de ghrá na trédhearcachta..."

"tá an peaca sin maite..."

We can see through you now, the pain is gone.

Ní stopann tú ach ag plé leis na hamhráin sin :-)Micilnoreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-6401907758807328345.post-87029068365853415472009-06-17T12:10:07.933+01:002009-06-17T12:10:07.933+01:00Aontaím go huile agus go hiomlán leat, a Thaidhg. ...Aontaím go huile agus go hiomlán leat, a Thaidhg. Ceannaím Foinse gach seachtain, agus táim á cheannach le fada an lá.

Cheannaínn Lá Nua anois is arís, go háirithe mar gur thaitin ailt le Dónall Mac Giolla Chóill go mór liom. Tá síntiús glactha agam le Nuacht 24 anois, agus tá an páipéar, agus ailt le Dónall ann, ag teacht chugam chun tí anois. Is fiú chuile phingin é.

Anois, dá bhféadfainn am a fháil chomh flaithiúil céanna…:)Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.com