Monday 8 June 2009

Túr na nAmhrán

Os ag caint ar chúrsaí aoise agus Leonard Cohen muid, agus ó chuir Séamas Poncán aistriúchán breá de líne ó amhrán le Robert Zimmerframe faoinár mbráid anseo thíos ar ball, seo leagan a rinne mé féin fadó de chúpla véarsa den Tower of Song:

Táim chomh liath le broc arsa Eoghan Rua
Le pian i m'ucht is le deor ar mo ghrua
Is is fada liom oíche fhírfhliuch, gan suan, gan srann
I m'aonar go brách is go buan i dtúr na n-amhrán


Ná labhair liom ar uaigneas arsa Seán Ó Riordáin
Nárbh é a spreag mé riamh chun dáin?
Is cloisim é ag casacht, go tuirseach, fann
Céad stór os mo chionn, i dtúr na n-amhrán.

Tá an bunleagan le fáil anseo:

2 comments:

  1. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  2. Fuair Hank Williams bás nuair a bhí sé 29.
    Gach bliain, bíonn níos mó daoine cáiliúla a fuair bás ní b'óige ná mise (agus tusa)...
    Mozart. Hendrix. Lovecraft. Chopin. ......
    Mhair Seán Ó Riordáin seasca bliain.
    Níl againn ach seal.

    ReplyDelete