Monday 22 June 2009

Ryan ar an aer


Agus mé ag teacht aniar ó Indreabhán ar ball, th'éis na gasúir a fhágáil ar scoil, bhí mé ag éisteacht le Ryan Tubridy ar Raidió a hAon. Ag cur agallaimh ar bheirt óg a rinneadh bulaíocht ar scoil sna déaga dóibh i ngeall ar iad a bheith aerach a bhí sé. Ábhar tráthúil é sin agus ábhar tábhachtach le plé. Bhí mé ag samhlú an chur chuige a bheadh ag Pat "the Plank" Kenny agus píosa den chineál céanna á chur i láthair aige. An claonadh a bheadh ann ná an píosa a úsáid le taispeáint don phobal gur fear liobrálach é, gur fear é a bhí eolach ar an gceist, agus gur fear é nach bhfuil spéis dá laghad i ndaoine aige.

Sílim féin gur tubaisteach an craoltóir é Pat Kenny. Bheadh sé alright agus é ag déanamh an jab atá ag Seán O'Rourke ar an News at One - bheadh sé níos postúla, níos mó dírithe ar an spotsolas a dhíriú ar a intleacht féin, ach ó tharla gur beag scil a theastaíonn ó thaobh comhbhá le daoine daonna eile agus tú ag spochadh as polaiteoirí, atá tagtha ar an láthair le babhta sparála a chur díobh agus clár oibre an lae áirithe sin a chur chun cinn ar na haerthonnta, bheadh Pat go maith in ann ag an obair. Éireoidh go breá leis sa leagan nua de Questions and Answers a bheas faoina chúram sa bhfómhar. Is mór an trua nár chloígh sé leis an gcineál sin oibre ar feadh a shaoil. Tá an Late Late ina chiseach le fada aige.

Ní hionann agus Pí Cé, tá bua ag Ryan Tubridy, an bua céanna a rinne réalta de Gay Byrne sa tír seo - tuigeann sé daoine. Tá spéis aige iontu. Tá spéis aige ina gcuid scéalta. Tá spéis aige (agus seo é an comhábhar draíochtúil nach bhfuil ag Ó Cionnaith an Clár Adhmaid) éisteacht lena gcuid scéalta. Tá spéis aige gnéithe dá scéalta a mhealladh amach as daoine, gnéithe, nach n-inseodh siad do chraoltóir eile, ceal muiníne acu as an duine a bhí ag cur agallaimh orthu. Tá spéis ag Tubridy sna gnéithe éagsúla seo den duine, mar gurb é an aidhm atá aige ná a chuid craoltóireachta a úsáid ar mhaithe le rud eicínt a rá faoin saol.

Ní timpiste ar bith é go bhfuil spéis chomh maith sa scríbhneoireacht chruthaitheach aige, ar na cúiseanna ceannann céanna - tá spéis sa duine aige, agus i gcás an duine.

Tá mianach den fhear grinn chomh maith ann - tá sé go maith in ann magadh a dhéanamh faoi féin. Tá na gasúir sa teach seo ag súil go mór lena fheiceáil ar an Toy Show. Ó tharla gurb taobh sin an fhir ghrinn is mó a chonacthas le cúpla bliain anuas ar a chlár "Tubridy Tonight" síleann go leor gur leathamadán é. Ach ní hea. Níl le déanamh agat ach éisteacht leis an agallamh tuisceanach, barrúil, daonna, dúshlánach a chuir sé ar an mbeirt aerach sin ar a chlár ar maidin le tuiscint go bhfuil tréimhse i bhfad níos spéisiúla roimhe amach ag an Late Late ón bhfómhar seo amach. B'fhéidir, fiú, go spreagfadh sé mé fanacht istigh corr-oíche Aoine ón seisiún Tigh Phádraigín sna Forbacha.

17 comments:

  1. Dá mbeadh aon tairbhe i Tubridy bheadh leabhair Ghaeilge á phlé aige anois is arís ar a chlár raidió. An oiread le Kenny nó aon chraoltóir eile ar Raidió 'Éireann' ní bhacann siad le leabhair Ghaeilge. Gan amhras is beag a dheineann Raidió na Gaeltachta ar son léamh leabhair Ghaeilge a spreagadh ach an oiread.....

    ReplyDelete
  2. Ba bhreá an rud é dá mbeadh, ach nuair a chuimhníonn tú ar a cháiréisí is atá siad le roghnú na leabhar Béarla a bhíonn ar an gclár, thuigfeá nach bhfuil seans faoin spéir go roghnófaí leabhar Gaeilge ar chlár atá dírithe ar lucht éisteachta leathan - ag iarraidh breith ar na céadta mílte éisteoir atá siad. Ní bhíonn leabhair acadúla, nach mbeadh an gnáthléitheoir Béarla ag cur suime iontu i gceist ar an gClub Leabhar raidió atá aige. Ní bhíonn cnuasaigh fhilíochta - i mBéarla nó i dteanga ar bith eile, i gceist. Ní bhíonn leabhair gharraíodóireachta i gceist, nó leabhair chócaireachta, nó leabhair faoin ailtireacht nó faoin ngrianghrafadóireacht. Mura mbíonn foilseacháin den chineál sin ann, cén seans atá ann go mbeidh leabhar atá scríofa i dteanga nach bhfuil formhór éisteoirí an chláir in ann a léamh i gceist?

    Ba bhreá an rud é, dá mbeadh, ach an faitíos atá ar an lucht léirithe ná go n-imeodh an lucht éisteachta uathu.

    Bhí tráth den tsaol ann go mbíodh clár leabhar ar Raidió a hAon agus dhéantaí míreanna faoi leabhair Ghaeilge ansiúd. Sin ardán réalaíoch le díriú air ó thaobh leabhar Gaeilge de - ach go bhfios dom, níl aon chlár leabhar per se ar Raidió a hAon faoi láthair. Ach cá bhfios, leis an gcúlú eacnamaíochta go dtiocfadh ceann chun cinn.

    Ó thaobh na leabhar Gaeilge, an áit ar chóir iad a bheith á bplé, agus á bplé i gceart, ná ar Raidió na Gaeltachta. Tá daoine sa raidió a bhfuil spéis i leabhair acu agus tá agallaimh bhreátha curtha ar scríbhneoirí éagsúla anois is arís ar R na G. Ach cloistear i bhfad ró-mhinic an t-agallamh a thosós mar seo a leanas "Is breá an chuma atá ar an leabhar seo - inis dom céard atá inti". Déantar an taighde ar fad ar an aer, gan scáth, gan náire. Is dócha gur fearr é sin ná gan aon agallamh a bheith déanta, ach ar a laghad le Pat Kenny, beidh taighde cuimsitheach déanta ag an bhfoireann sula gcuirfear an mhír ar an aer.

    ReplyDelete
  3. D'fhág tú an chuid is ciallmhaire den chaint amach:

    "Is breá heah an chuma heah atá ar an leabhar heah seo - inis dom heah céard atá inti heah"

    Ní anuas ort é...b'fhéidir go bhfuil heah nó dhó fágtha amach agam féin!

    ReplyDelete
  4. Arb é nádúr Chonamara a thaitníonn leat sa Tiobradach?

    ReplyDelete
  5. Níl aon dualgas ar RTÉ maidir le garraídóireacht nó ailitireacht nó eile ach tá dualgas reachtúil ar an gCraoltóir an Ghaeilge a chur chun tosaigh. In áít seirbhís cheart a chur ar fáil, cothrom Raidió 1 i nGaeilge abair, cuireann siad Raidió Pharóistiúil ar fáil agus tá siad brodúil as. Cá bhfuil cúrsaí reatha? Cá bhfuil cultúr? Cá bhfuil na rudaí ar suim leis an ghnath dhuine? Cláracha ceol is cláracha fógraí, sin atá fagtha againn.

    Má imionn Foinse anois, ní bheidh aon áit fagtha ann chun plé a dhéanamh ar cheisteanna chultúrtha, náisiúnta is idirnáisiúnta ach ar an líon. SIn i dtír ina bhfuil an Ghaeilge ina céad teanga oifigiúil intí.
    Ní raibh clár mar is ceart i nGaeilge ar RTÉ ó bhí Cúrsaí ann....

    Agus go fóíll tá na milliún á caitheamh ar aistriúcháin chaipéisí nach bhfuil aoinne ag léamh....

    ReplyDelete
  6. Dachtar Tubridy, beidh cuimhne air ag daoine a bhreathnaíonns isteach thar an gclaí agat.

    ReplyDelete
  7. Tá gaol agam fhéin leis ach ní ar thaobh na dTubridys - ba duine de mhuintir de Bhaldraithe ó Achadh Mór a shinsinseanmháthair. Tháinig an bheirt acu go dtí an Cheathrú Rua ag múineadh scoile. Phós duine acu fear RIC, Gillen a bhí air siúd. Bhí iníon leo, Freda ina leabharlannaí sa gCeathrú Rua ar feadh na mblianta. Casadh orm fhéin í nuair a tháinig mé ann i m'ábhar múinteora i samhradh na bliana 1980. Phós aint Freda Tubridy - níl mé cinnte cén cheird a bhí aige siúd. Ba cholceathracha seanmháthair Ryan agus mo sheanmháthair fhéin, Molly Waldron ó Achadh Mór. Col seisearacha m'athair agus athair Ryan agus col ochtar mise leis an bhfear é fhéin. Agus an méid sin ráite, níor casadh orm riamh air ach aon uair amháin, ar feadh cúpla nóiméidín oíche thuas in RTÉ. Mar sin, bíodh is go bhfuil an gaol sínte ann, ba mhaith liom a cheapadh nach bhfuil mé claonta i mo thuairim faoi mar chraoltóir i ngeall ar an ngaol céanna.

    ReplyDelete
  8. Tá an ceart agat faoin dualgas reachtúil, a Choncubhair. Bhí tráth den tsaol ann nuair a bhíodh cláracha dátheangacha ar fud an sceidil ar Raidió a hAOn - clár ag Máire Nic Gearailt sa slot atá ag Derek Mooney anois, cuir i gcás. Ach i ndiaidh do R na G a theacht ar an saol, thosaigh siad ag cúlú ón teanga. Is cuimhin liomsa an cheist a chur ag cruinniú roimh bhunú T na G, ag fiafraí cén chaoi a mbeadh an Ghaeilge feasta ar sheirbhísí teilifíse RTÉ. Mhionnaigh agus mhóidigh Liam Miller, a bhí ina Stiúrthóir Cláracha ag an am nach mbeadh aon chúlú i gceist agus luaigh sé an dualgas reachtúil. Tá an Ghaeilge lagaithe go mór ó shin ar an teilifís.

    Ina dhiaidh sin féin, tá gné an cheoil tábhachtach ar R na G - aontaím leat gur chóir go mbeadh freastal níos fearr, agus níos eolasaí ar réimsí eile ealaíon acu. Tá togha na gcraoltóirí ceoil acu - Meaití Jó Shéamais, Caoimhín Ó Sé, Áine Hensey, Máirtín Tom Sheáinín, Peadar Ó Riada, Dónal Mac Ruairí ó thuaidh agus daoine go leor eile nach iad. Daoine údarásacha iad atá báite sa gceol agus is mór an pléisiúr a bheith ag éisteacht leo. Ach is beag duine a bheadh in ann agallamh tuisceanach a chur ar fhile agus tabhairt le fios go raibh scil agus cúlra agus comhbhá agus tuiscint agus - seachas rud ar bith eile, grá aige nó aici don ábhar. Is í an nuafhilíocht, b'fhéidir, an meán ealaíne is treise atá againn sa nGaeilge, taobh amuigh den cheol traidisiúnta. Ba chóir go mbeadh R na G in ann trácht go húdarásach uirthi mar mheán agus ar mheáin go leor eile.

    Maidir leis an bpolaitíocht agus cúrsaí reatha, ní hé is gaire do mo chroí féin, ach an bhfuil cúrsaí chomh dona sin ó thaobh na gcúrsaí sin in R na G?

    ReplyDelete
  9. Níl clár ar bith cúrsaí reatha ann anois - agus ní raibh na cláracha a bhí ann, Seo Beo an tSathairn agus Faoi Chaibidil (Dé Domhnaigh le hÁine Ní Chiaráin), teorannta go maith. (Faoin sceideal nua, ní bheidh ceachtar acu ar ais san Fhomhar). Ní miste liomsa cláracha ceoil, gan amhras, ach ba mhaith liom éagsúlacht. Tá RnaG ró pharóistiúil - fiú na cláracha ceoil, tá siad paróistiúil sa chiall is go gcloíonn na craoltóirí éagsúla le ceol óna gceantaracha dúchasacha don chuid is mó. Níl RnaG ag dul i ngleic leis an saol mar atá Raidió 1 - agus tá lucht éisteachta Raidíó 1 ag méadú de bharr an méadú suime i gcúrsaí reatha de bharr an chulú gheilleagair. Ach is cuma le RnaG faoi lucht éisteachta mar níl siad ag brath ar fhógraíocht. Faigheann siad deontas, caitheann siad an deontas. Má fhaigheann siad deontas nios lú, deineann siad ciorrú da réir ar an sceideal agus cé fhulaingíonn, an t-éisteoir.
    Ar ndóigh bréagnaíodh an méid a dúirt Miller láithreach. Fiú go raibh clár le déanaí, Pobal, a bhuaigh duais idirnáisiúnta, á chraoladh ar RTÉ 1, bhaineadar den sceideal é. Bhí an clár sin, a bhí á chraoladh ag 5.30in Dé Domhnaigh, am nach mbeifeá ag súil le lucht féachana ollmhór, ag fáíl breis is 200,000 de lucht féachana. Sin lucht féachana nach bhfaigheadh ach corr chlár ar TG4, Ros na Rún (nuair ná raibh sé aiféiseach) agus All Ireland Gold agus sin go h-annamh. Ghearr RTÉ é den sceideal tar éis na Nollag cé go raibh saoistí Nuacht TG4 amuigh ag bailiú na duaise san Olainn le déanaí....champagne ar fud na muine agus costaisí íoctha is dócha....

    ReplyDelete
  10. ....bhí na cláracha a bhí ann go dtí le déanaí teorannta go maith, gan aon tuairiscí seachtracha ach díreach cloigneacha ag caint sa stuideo....

    ReplyDelete
  11. Is cinnte go bhfuil deacrachtaí ag baint le stáisiún raidió a choinneáil ag díriú ar chaighdeán ard a bhaint amach, lá i ndiaidh lae, nuair nach bhfuil de theacht isteach aige ach deontas Stáit. Níl mórán spreagadh ann ag craoltóir, nó léiritheoir ar bith a dhícheall a dhéanamh ach a eitic inmheánach oibre féin - agus níl sé sin chomh láidir céanna ag chuile dhuine. Sin ceann de na fáthanna nach dtiocfainn leis an leagan amach atá ag Joe Higgins ar an saol. Bíonn gá ag an duine le spreagadh seachtrach. Is maith an t-anlann an t-ocras - ach gan an iomarca de sin a fháil ach oiread.

    ReplyDelete
  12. Ortsa ceist mar sin atá idir na fiacla le fada agam, an mbeadh gaol acu sin le Pilib de Bhaldraithe? Cé na blianta, meas tú, a dtáinig siad don Cheathrún Rua?

    ReplyDelete
  13. Caithfidh mé ceist a chur ar an seanlead. Meas tú cérbh é Pilib de Bhaldraithe? Tá nead Waldrons (nó Walders, mar a thugadh an seandream sa mbaile orthu) thart ar Achadh Mór agus Béal Átha hAmhnais. Tá nead eile acu thíos i gContae Luimnigh áit eicínt. Is le muintir an Luimhnigh a bhain fear an fhoclóra, Tomás.

    ReplyDelete
  14. Bhíodh Pilib de Bhaldraithe/Philip Waldron ag foilsiú corr phísín seanchais agus béaloideasa as an taobh sin de Mhaigh Eo. Ba cheart dom iad a thiomsú do Futa Fata....hmmmm. Comhaimseartha leis an gCraoibhín déarfainn, a bheag nó a mhór, níos moille ag tosaí ar an obair seans ach an bheirt ag saothrú ag an aon am amháin agus ní i ngan fhios dá chéile. Ní raibh teaghlach Luimnigh gan a gcuid cleamhnais féin leis an gCeathrún Rua muis.

    ReplyDelete
  15. Pilib de Bhaldraithe as "Béal Átha Hamhnas", litir ar an 15 Samhain 1928, luann sé seanscéal a fháil óna athair agus óna mháthair agus, chomh maith leosan, ó "Shéamus (a' Mhailéid) Ó Bháldraithe" as Tamhnach, trí mhíle bealaigh as Béal Átha Hamhnas. Luann sé an scéal céanna a chloisteáil ag Seán Ó Hairt, Gort a' Ghainimh agus go mbíodh sé ag Seán Ó Heabhartaigh i gCluain Ceann, Baile'n Locha ach go raibh seisean agus Séamus a' Mhailéid imithe den tsaol faoin am a raibh sé ag scríobh na litreach.

    B'fhéidir gur fada do mhuintir luaite leis an litríocht (béil).

    ReplyDelete
  16. Cár tháinig tú ar an litir seom a Dh. Ál.? Aithním an logainm Gort an Ghainimh agus níl Baile an Locha i bhfad ó bhaile ach oiread.
    Tháinig mé féin ar thagairt amháin do "Philib de Bhaldra" agus mé ag gúgláil - tá an leagan sin den sloinne níos gaire don rud atá ag an seandream sa mbaile, mar a luagh mé thuas - ní Waldron ach Walder = Wolldur, nó i litriú Gaelach, "Bhaldar" - "d" gaelach a bhíonn acu.
    Mo mhíle buíochas leat faoin eolas seo.

    ReplyDelete