Monday 29 June 2009

Más maith leat do mholadh, faigh bás


"Más maith leat do cháineadh, pós" a deir an seanfhocal; "más maith leat do mholadh, faigh bás".
Is maith a fheileann sé don mhéid atá scríofa le cúpla lá anuas ó cailleadh Michael Jackson.
Níl aon amhras ach go raibh cumas iontach ceoil agus damhsa i bhfear Gary, Indiana. D'éirigh leis gaiscí go leor a bhaint amach lena linn - an t-albam ba mhó díol riamh, agus áit i measc íocóin an phopchultúir idirnáisiúnta, áit a bhí tuillte as a chumas aige.

Nuair a phós sé iníon Elvis Presley, Lisa, bhí sé ag cruthú go raibh laincisí na cine inar rugadh é sáraithe aige. Bhí dragúin na cinniúna ar lár agus iníon an rí ghil mar chéile aige. An de bharr an ghráin a bheith ar a chine féin aige, faoi ndear na hobráidí go léir a rinne fear chomh geal sin de féin? Cibé cén chúis a bhí leis, is léir gur duine é Jackson a bhí ag strachailt, ar feadh a shaoil, le ceisteanna féiniúlachta.

Tá ceist mhór amháin a bhaineann le saol Jackson is fiú a chur. Luaitear an drochthógáil a bhí air mar chúis lena iompar féin, mar dhuine fásta, le gasúir - athair cruálach, clú agus cáil ó bhí sé ina leaidín óg, brú oibre nuair ba chóir dó a bheith amuigh ag spraoi.

Thóg sé Neverland, mar chineál tearmainne do ghasúir a raibh deacrachtaí leighis acu. Tá mé cinnte go raibh sé i ndáiríre faoin togra sin agus go raibh fonn air cúnamh a thabhairt do dhaoine agus súil aige, b'fhéidir, go n-éireodh leis féin teacht ar shonas de chinéal eicínt é féin agus é á dhéanamh.

Ach ón méid atá léite agamsa faoi, bhí an chuma riamh ar Neverland gur mar a chéile é agus an mála mór milseán a bhíodh i mbút an chairr ag an sagart péidifileach, Brendan Smith. Ar mhaithe le gasúir shoineanta a mhealladh ina threo féin a úsáideadh é.

Is deacair leagan Jackson den scéal a chreidiúint maidir leis an socrú a bhíodh ann go gcodlaíodh buachaillí óga leis i Neverland. Mhionnaigh sé san agallamh a chuir Martin Bashir air gur rud soineanta amach is amach a bhí ann.

Ach bhí Jackson saibhir go leor le theacht as an tsáinn a bhain le líomhaintí mí-úsáid ghnéis. De bharr an airgid, bhí sé in ann a fhreagracht mar dhuine fásta a sheachaint agus cluas bhodhar a thabhairt dá chuid dragún inmheánacha.

Is cinnte go gcuireann cáil agus saibhreas thar cuimse claí mór bréagach idir an duine cáiliúil agus saol na réalaíochta taobh amuigh. Bíonn súmairí ar chuile thaobh, cait ag crónán ar mhaithe leo féin. Tá freagracht ar na daoine sin chomh maith.

Bíonn sé deacair saol pearsanta an duine phoiblí a scaradh óna shaothar. Ar chóir é a dhéanamh? Pearsa casta, tragóideach é Michael Jackson. Is cinnte gur chóir a bhuanna agus a thallann a cheiliúradh. Agus tá sé tábhachtach i gcónaí, creidim, a bheith tuisceanach maidir le cúlra daoine agus a gcuid lochtanna á meas.

Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil bhfuil sé de dhualgas orainn ar fad, idir shaibhir agus daibhir, freagracht a ghlacadh as na rudaí a dhéanann muid.

2 comments:

  1. Péidifileach a bhí ann NÓ duine le Multiple Personality Disorder agus Páiste mar cheann amháin de na personas sin? Braithimse go raibh ceann nó ceann eile de na trioblóidí sin aige.

    Ba dhamhsóir den scoth é; bhí rithim den scoth aige. Ceoltóir den scoth, cé nach ndearna sé tada fiúntach ó thaobh an cheoil de le, b'fhéidir, dhá scór bliain.

    ReplyDelete
  2. Cinnte bhí trioblóidí aige, agus cumasc aisteach de ghalair.

    Tá cúig bliana d'aois an óg le bheith súite isteach i saol agus inneal an phopceoil.

    Bheadh ceisteanna agam faoi freagracht na daoine ina "chúirt" maidir leis an iompair a chuaigh thart teorainn.

    Casta, nuair atá duine dá léithéid neadaithe in eagraíocht - fiú más é féin a bhí ina chroí ag an eagraíocht seo.

    ReplyDelete