Tuesday 16 June 2009

Garraí Johnny Mhorgan

Bliain go leith ó shin, agus mé i ngreim ag an ngalar dubhach, ní raibh mé in ann díriú ar obair. B'éigean dom éirí as ar feadh cúpla mí. "Céard atá ar siúl agat ina ionad?" a d'fhiafraigh an dochtúir díom. "Ag cartadh sa ngarraí" a dúirt mé leis. Bhí sé an-sásta an méid sin a chloisteáil. "Ní fhéadfá rud ní b'fhearr a dhéanamh nuair a bhíonn tú thíos" a deir sé "ach do láimh a chur sa gcréafóg".

An tEarrach seo, agus an aimsir bhriste a bhí againn, is ag plé le garraí seo na blagála a bhí mé níos minicí ná an garraí taobh amuigh den bhfuinneog. Ach le mí anuas, tá mé ar ais amuigh faoin aer agus tá toradh na hoibre le feiceáil cheana féin - ní hamháin obair na bliana seo ach obair an chúpla séasúir atá caite anseo againn.

Tá na plandaí sú talún faoi ualach torthaí agus bíonn na gasúir amuigh ina measc ag coinneáil súil ghéar ar an dul chun cinn. Beidh na spíonáin réidh le baint an chéad mhí eile. Ar éigean gur chuir mé na fataí in am i mbliana, ach mura chuir féin, tá siad tagtha aníos agus le cúnamh Dé beidh siad ar an mbord roimh dheireadh an tSamhraidh. Tá bleaist cairéidí curtha an deireadh seachtaine seo agam, chomh maith le sraith scailliún. Thug mo chara siar an bóthar, Áine Máire, glac plandaí puimpcín dom agus tá siad sin féin curtha síos.

Tá fealsúnacht ghlas ag baint leis an obair seo, cinnte. Ach seachas é sin, is próiséas é - próiséas a cheanglaíonn le próiséas cianársa an phláinéid mé. Teiripe atá ann. Tá sé cruthaitheach. Tá spioradáltacht áirithe ag baint leis. Tá taobh sóisialta ag baint chomh maith leis - is mór liom an cairdeas atá agam le mo chomhgharraíodóirí. Tá seanchas i gceist le cois - deir muintir Inis Meáin, cuir i gcás, gur fearr an fheamainn a bheith in uachtar ar na fataí mar leasú ná a bheith in íochtar.

Agus seachas rud ar bith, tá sé folláin - an láimh a chur sa gcréafóg.

16 comments:

  1. Nach é an galar caoin dubhach a thug ar bhealach do leasa thú? Fáilte ar bord.


    Fearn

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir gurb ea. An rud faoin ngalar dubhach ná go gcuireann sé brú ort seasamh siar agus breathnú ar do shaol - cá bhfuil tú ag dul amú? Cén chaoi a bhfuil tú th'éis teagmháil a chailleadh le d'anam féin (ní cúrsaí creidimh atá i gceist agam). Léigh mé go bhfuil tábhacht go stairiúil leis ó thaobh chúrsaí éabhlóide i ngeall ar an "treoir" sin a chuireann sé ort.

    Agus é sin ráite, bheadh an-leisce orm a bheith ag déanamh rómánsú ar an ngalar dubhach. Don duine atá buailte go dona leis, ar bhonn leanúnach, is parailís den chineál is measa é. Cailltear daoine leis ar bhealach atá uafásach tragóideach - le hais bás le hailse, cuir i gcás, mar go músclaíonn sé ceisteanna ciontachta sna daoine atá fágtha ar an saol, ceisteanna atá éagórach, ach gur deacair é sin a thuiscint.

    ReplyDelete
  3. Féar plé duit as a bheith ábalta labhairt go hoscailte faoin ghalar úd. Bhuail sé mise traidhfil de bhlianta ó shin agus níl a dhath níos measa ná é. Aontaím leat ar bhealach nuair a deir tú go dtugann sé spás duit brethnú ar do shaol agus do 'threoir' a mheas. Nuair a bhuail sé mise, bhí mé in áit i mo shaol nach raibh mé ag iarraidh a bheith ann - cé narbh eol domh sin ag an am. Nuair a d'athraigh mé treo, d'ardaigh an ghruaim.
    Tagaim leat fosta faoin gharraíodóireacht. Níl a dhath níos fearr chun tú a tharraingt anuas ó na scamaill ná a bheith ag tochailt sa talamh!

    ReplyDelete
  4. An bhfuil suim agat i nglasraí "heirloom"?

    http://en.wikipedia.org/wiki/Heirloom_plant

    ReplyDelete
  5. Tá. Tá eagraíocht anseo in Éirinn atá lonnaithe sa bhFiacail, i gCOntae an Chláir - Seedsavers is ainm dóibh. Déanann siad oidhreacht bhithéagsúlachta na tíre seo a chaomhnú agus a chothú. Tá cúig cinn de chrainnte úll ag fás sa ngarraí agam a tháinig uathu.

    www.irishseedsavers.ie an seoladh atá acu.

    ReplyDelete
  6. "An rud faoin ngalar dubhach ..."

    A Thaidhg,
    Luigh mé faoi, mise agus 20% de dhaonra an domhain deirtear. Ní mholfainn é ach ní sheachnóinn é ach an oiread.
    Ráig a chuir tú díot. Fáilte don chuid eile ded shaol.

    Fearn

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agat faoin méid sin.

    ReplyDelete
  8. Go raibh maith agat a Thaidhg faoi bheith chomh hoscailte faoin ngalar dubhach. Bhuail sé mise leis nuair nár fhéad mé páistí bheith agam. Tá mo chroí fós briste faoi sin ach tháinig mé as an duibheagán agus táim ag baint an-taitneamh as an saol anois

    ReplyDelete
  9. Chonaic mé zinnia inniu, a chuir ghairdín m'athar i gcuimhne dom. Bhain sé an-taitneamh as an ngarradóireacht.
    Is dócha go bhfuil ár scéalta féin again go léir maidir leis an lionn dubh. Aer folláin, an fharraige i gcóngar, garraí (agus obair), ceol agus cairde gaol - tá go maith, a dhuine chóir!

    ReplyDelete
  10. Sin oideas maith do spiorad folláin, cinnte! Go raibh maith agaibhse ar fad faoi bhur gcuid scéalta a roinnt linn.

    ReplyDelete
  11. A Thaidhg, molaim an dearcadh iontach sláintiúil atá agat i leith an ghalair seo a bhuaileann, mar a dúradh thuas, beagnach gach duine ag stáid amháin nó ag stáid eile. Chuala mé Joe Steve ag caint faoin rud céanna ar chlár a rinneadh faoi agus is laoch mór dhom ó shin é. Bíonn an iomarca daoine ag fulaingt go ciúin ón ngalar dubhach nuair atá go leor treoir agus cúnaimh amuigh ansin chun déileáil leis.

    Cosúil le Reailtín, bhuail sé méféin nuair a bhí ag teip orm páistí a bheith agam. Bhuail sé mé le linn IVF. Tháinig mé as de réir a chéile - taisteal, obair, ag síor-chaint faoi mo chuid trioblóidí le héinne a d'éisteódh liom, bialann uair sa tseachtain, soilf-meidicéaision le seacláid; go leor leor féiríní beaga sonais ag cruinniú le chéile, le himeacht ama, ina charn mór amháin sonais ag an am céanna go raibh an tsail ar mo chorp ag méadú is ag carnadh...

    An rud is mó a tharraing mé as ná nuair a léigh mé áit éigin faoi thaighde éagsúil a rinneadh a léirigh nach bhfuil baint ag a dtarlaíonn sa saol dúinn ach le 10%-15% dár leibhéil sonais. Tá ár ngéinte agus ár ndearcadh i leith a dtarlaíonn dúinn sa saol freagrach as 85%-90% dár leibhéal sonais, dar le taighde.

    Nuair a léigh mé é sin, dúirt mé liom féin cé nach bhféadfainn aon rud a dhéanamh chun mo ghéinte a athrú, go bhféadfainn cinneadh a dhéanamh mo dhearcadh a athrú. Rinne mé cinneadh éirí as gach iarracht páiste a bheith agam agus taitneamh a bhaint as a raibh agam sa saol cheana féin. D'oibrigh mé amach - beagnach go matamaiticiúil - dá mba rud é gur bhreathnaigh mé ar mo shaol go dearfach go bhféadfainn bheith suas le 85% sona agus gur leibhéal sonais an-ard a bheadh ansin. D'oibrigh sé sin. Tá mé sásta leis an saol anois, cé gur dóigh go seachnóidh mé an domhan is a bhean gach lá na máthar go deireadh mo shaol. (Tuigim go maith thú, a Realtín!)

    'Nois, dá mba bean sluasaide mé, is cosúil go mbeinn níos sona fós. Mmm...cáil an tsluasaid?

    Tá súil agam, a Thaidhg, go mbaineann tú an méid céanna sonais as a bhfuil cruthaithe agat sa mblag iontach seo atá agat agus a bhaineann do lucht léite atá ag carnadh leo go seachtanúil. Tá súil agam freisin go gcuirfidh tú iarratas isteach ar chomórtas blagadóíreachta an Oireachtais óir go gceapaim go bhfuil an-seans go mbuafadh tú é agus go mbeadh tú in ann cúpla rud deas a fháil do do gharraí leis an €1000 de dhuais a bheadh ag dul leis!

    (Beagáinín fadálach, brón orm!)

    ReplyDelete
  12. D'ardaigh an píosa seo uait mo chroí ar maidin, Anonymous. Míle buíochas leat. Is maith liom go háirithe an moladh faoin soilf-meidicéasoin le seacláid - tá mé ag iarraidh tarraingt siar ón gcur chuige sin faoi láthair, sul má phléascaim :)

    ReplyDelete
  13. Fágaimse an dubh tamall, céard faoin dath -

    Cén rud as an ngarraí seo ar "toradh" a bheas ann agus cén rud ar "glasra"?

    ReplyDelete
  14. Torthaí - spíonáin, sú talún, coiríní dubha, biabhóg, sméara dubha (ag fás fiáin) - beidh úlla agus piorraí ann amach anseo, tá súil agam. Ar toradh nó glasra é an puimcín?

    Glasraí - scailliúin, fataí, cairéid, courgettes, haricots verts (pónairí glasa?)

    ReplyDelete
  15. Dhá ré:

    An lón a dtabharfaí "greens" orthu i mBéarla na hÉireann/na tuaithe, b'shin iad na glasraí; d'fhéadfá "torthaí" a bhaint as an talamh...bhí bunchiall "toradh" i gceist i gcónaí. Murar "torthaí" a thugadh Johnny ar chuid mhaith dá luann tusa le glasraí anois, is cinnte gur mar sin a labhraíodh Morgan orthu.

    Le cúrsaí scolaíochta agus eolaíochta a tháinig an tsuim in idirdhealú idir "a fruit" agus "a vegetable" isteach. Glacadh leis an dá fhocal agus brúdh an t-idirdhealú nua seo orthu nó eatarthu. Ní bhíonn gach athrú a thagann ó theanga amháin ar cheann eile chomh follasach le "frog" in áit "loscann".

    I bhfad uait an galar dubh feasta, ort féin ná ar thoradh do shaothair.

    ReplyDelete
  16. Ar ndóigh, "toradh" an focal atá againn ar "result" chomh maith - agus tá ciall leis an mbrí sin agus muid ag caint ar thoradh na hoibre sa ngarraí - má thuigeann tú leat mé...

    ReplyDelete