Thursday 4 June 2009

Gaeilgeoirí, niggers agus queers



Úsáid ar leith a bhaintear as an bhfocal "Gaeilgeoir" anseo i gConamara. Scoláire meánscoile (den chuid is mó) a thagann chuig an gceantar ar chúrsa Gaeilge i gcaitheamh an tsamhraidh an chiall is coitianta atá leis. "Lá breás" a thugtar i gCiarraí orthu, i ngeall ar an ró-úsáid a bhainidís as an nath cainte sin san am a caitheadh (go háirithe lá báistí). "Gael Linns" a thugtar chomh maith orthu ó dheas.

I mBéarla na hÉireann, is é an bhrí atá le "Gaeilgeoir" ná cainteoir Gaeilge. Le fiche bliain anuas, sílim gur fíor a rá gur ciall dhearfach is mó a bhíonn i gceist leis sa mBéarla. Ach ní mar sin a bhíodh i gcónaí agus bíonn lucht na Gaeilge amhrasach faoi mar aidiacht, nuair a thugann duine de "lucht an Bhéarla" orainn é. Shamhlaítí san am a caitheadh gur fanatic a bhí i gceist sa mBéarla leis an aidiacht "Gaeilgeoir". (Tá sé spéisiúil nach bhfuil aon fhocal i ngnáthchaint na Gaeilge againn ar "fanatic"). Duine diúltach a bhíodh i gcónaí ag clamhsán, duine a chaitheadh éadach bréidín ar an lá ba theochta sa mbliain, duine a raibh "an chúis" tarraingthe chuige féin aige (nó aici) mar chreideamh duairc gan dóchas - b'shin Gaeilgeoir.

Taobh istigh de shaol na Gaeltachta, tá ciall eile leis an bhfocal, agus is ciall dhearfach atá i gceist. Chloisfeá Máirtín Tom Sheáinín ar an raidió ag cur síos ar dhuine eicínt, cuir i gcás, a rá "go mba bhreá an Gaeilgeoir" é nó í. Ní ag caint ar dhuine de "lucht na cúise" a bheadh sé, ach ar an gcainteoir dúchais a raibh cumas ar leith cainte ann.

Tá an pátrún sin le fáil i measc cultúir mhionlaigh eile. An pobal aerach, cuir i gcás. Bíonn siad féin ag caint ar "queer cinema" agus ag tabhairt "queers" ar a chéile go magúil, ach dá dtabharfadh duine díreach(?) "queer" suas le héadan duine acu, ba mhór an masla é.

Mar a chéile an scéal leis an bhfocal "nigger". Dé Domhnaigh seo caite, thug mé Marcus s'againne go Baile Átha Cliath lena chur ar eitleán chun na Fraince. Thug mé liom glac dlúthdhioscaí le héisteacht sa gcarr leo ar an mbealach suas. Ceann amháin nach raibh cloiste le píosa agam ná CD leis an amhránaí Meiriceánach, Alicia Keys. Ag deireadh an amhráin "I think I'm jealous of your girlfriend" agus í th'éis a bheith ag cur síos ar na deacrachtaí a bhaineann le déileáil leis an éad a airíonn sí faoin gcaidreamh Platónach (más fíor!) atá ag a fear le cara baineann dá chuid, ligeann sí osna agus ar sise "It's enough to make a nigger go crazy".

Bhí Marcus ag samhlú cén glacadh a bheadh leis an ráiteas sin, dá mba i gcomhthéacs eile a d'usáidfí é. "My fellow Americans, the challenges we face are considerable. They are, in the words of my fellow African-American, Alicia Keys, enough to make..."

5 comments:

  1. Phléasc mé ag gáire nuair a léigh mé a ndúirt Marcus! Is dóigh liom go mbeadh Obama in ann é sin a carryáil off, sa chomhthéacs ceart. :-) Ach caithfidh mé a admháil gur bhain an n-word geit asam nuair a chonaic mé ar dtús é sa teideal.

    ReplyDelete
  2. Nach iontach an chumhacht atá ag focla áirithe orainn, is gan iontu ach fuaimeanna? Blianta ó shin, is mé ag iarraidh gig a eagrú i gcathair Dhoire, cuireadh i dteagmháil mé le hoifig Shinn Féin. D'fhreagair cailín óg an fón, agus d'iarr mé uirthi mé a chur tríd chuig an bhfear a raibh mé ag iarraidh labhairt leis. "What's your name again?" a deir sí. "Tadhg" a deir mise á fhuaimniú de réir stíl Chonnachta. Ansin, le bheith cuiditheach, dúirt mé "It's pronounced "Taig" up there, I believe". Phléasc sí amach ag gáire. Is ionann, ar ndóigh an t-ainm "Taig" i dTuaisceart Éireann agus an n-word. Níor casadh ó shin orm oiread agus Gaeilgeoir aduaidh amháin a bhfuil an t-ainm sin air - bíodh is go bhfuil "Tadhg" ag éirí i bhfad níos coitianta mar ainm ar fud an chuid eile d'oileán na hÉireann.

    ReplyDelete
  3. Greannmhar, cinnte.

    Focal thuas, mo Thadhg!

    ReplyDelete