Monday 15 June 2009

Futa Fata Facebook!


Má bhíonn sibh ar Facebook, a chairde, tá leathanach nua ann ag Futa Fata:

http://www.facebook.com/pages/Futa-Fata/92479710339#/pages/Futa-Fata/92479710339?v=wall&viewas=1139807661

Beidh eolas rialta ann faoina bhfuil ar siúl againn, dlúthdhioscaí agus leabhair nua agus imeachtaí. An chéad cheann ná taispeántas agus margadh leabhar a mbeidh cuid mhaith d'fhoilsitheoirí na Gaeilge páirteach ann, Dé Sathairn beag seo ar Shráid an Chapaill Bhuí (Grand Parade) i gCathair Chorcaí, mar chuid de shraith imeachtaí atá eagraithe ag Leabharlanna Chathair Chorcaí, faoin teideal "Bliain an Léitheora Shíoraí - The Year of the Constant Reader". An-phlean é agus tá moladh ag dul do Chris Dorgan agus a chomhghleacaithe i Leabharlanna Chathair Chorcaí faoin ócáid a eagrú agus aitheantas a thabhairt d'fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

11 comments:

  1. Tá debhrí deas ag baint le "Constant" atá in easnamh ar Síoraí!

    Tá an chiall dílis leis freisin. Meas tú an bhfuil focal gaeilge a fhreagraíonn don chiall sin?

    (Fch ciall 4 anseo

    ReplyDelete
  2. Cad déarfá leis an Léitheoir Buan?

    buan [aidiacht den chéad díochlaonadh]
    a mhaireann, a sheasann, nach n-athraíonn choíche.

    ReplyDelete
  3. Síoraí sin "eternal", nach ea? Ach tá an bhrí "Constant" leis anseo san iarthar - "go seasta, síoraí", "go síoraí" - "bím go síoraí a rá leis a chuid stocaí a chur sa gciseán níocháin" (- sin sampla glan amach as mo shamhlaíocht). Úsáidtear "an tsíoraíocht" ar bhealach áibhéileach, ar bhealach cineál cosúil leis an sampla thuas - "thóg sé an tsíoraíocht orm mo bhealach a dhéanamh tríd an trácht". Is minic gur ciall cineál diúltach, sílim, a bhíonn le "síoraí/síoraíocht", sa taobh seo tíre ar aon nós.

    "An léitheoir dílis" b'fhéidir, an focal is fearr a thabharfadh leis an dá chiall "dílseacht" agus "leanúnachas". Tá sé dearfach mar chur síos chomh maith.

    ReplyDelete
  4. Tá "buanseasmhach" ann, ach sílim go bhfuil sé beagán "trom" mar fhocal sa chomhthéacs seo. "Seasmhach" leis féin, b'fhéidir? An Léitheoir Seasmhach?

    ReplyDelete
  5. Tá seasmhach go maith - go barr an ranga leat arís a Dhonncha Mhic an Rí!!

    ReplyDelete
  6. Bliain an Bhithléitheora? Níl ann ach gur bean mhór na n-uamanna mé...:)

    ReplyDelete
  7. An gciallaíonn "bith-" seasmhach nó leanúnach? Tá amhrán agamsa agus "Bithbhuan" atá air = "everlasting". Ach shíl mé gur chiallaigh "bith" = an domhan. "Ar bed" atá ag na Briotáinigh ar "an domhan". Ciallaíonn "rud ar bith" - "rud ar domhan", nach ea? Nó b'fhéidir go bhfuil dul amu orm sa méid sin :)

    ReplyDelete
  8. Bhuel, mar a dúirt Myles tráth, níl ach focal amháin sa Ghaeilge atá aonbhríoch - sé sin, Sasanach!

    bith- [réimír]
    síor-, buan-.
    bith- [réimír]
    a bhaineann le beatha nó le rudaí beo

    Agus tá cúpla brí ag Dinneen leis - mí ádh ina measc!

    ReplyDelete
  9. Níl ann ach go bhfaca mé ‘bithluascadh’ do ‘constant rocking’ in Ó Dónaill, agus cheap mé gur fheil an ‘bith’, mar réimír, sa chás seo, freisin.

    An méid sin ráite, níor mhaith liom ‘mí-ádh’ a chur roimh aon léitheoir…:)

    ReplyDelete
  10. Best content & valuable as well. Thanks for sharing this content.
    Approved Auditor in DAFZA
    Approved Auditor in RAKEZ
    Approved Auditor in JAFZA
    i heard about this blog & get actually whatever i was finding. Nice post love to read this blog
    Approved Auditor in DMCC

    ReplyDelete