Thursday 18 June 2009

Froganna beaga glasa


Tá mé ag cur Gaeilge faoi láthair ar leabhar álainn do pháistí faoi chúrsaí garraíodóireachta agus na bealaí is féidir an nádúr a chothú agus a chaomhnú i do ghairdín féin.

Tá an obair seo do mo chur in aithne arís do mo sheanchairde, na froganna. "Futa Fata seems to have a thing about frogs" a scríobh an léirmheastóir san Irish Times roimh Nollaig agus í ag cur síos ar fhoilseacháin na bliana seo caite. Agus b'fhíor di - idir "Frog sa Spéir" an scéal faoin bhfroigín beag, Frainc, a bhí ag iarraidh eitilt, agus "An Oíche Dhorcha" faoi Fhéilim Frog agus a chairde a bhí scanraithe ag scáileanna na hoíche, bhí scéalta na bhfrog ag hoppáil uainn i gcaitheamh na bliana 2008. Agus muid ag teacht i láthair ar an stáitse le seó teaghlaigh a dhéanamh, ní scaoileann muid an deis tharainn gan "Froganna Beaga Glasa" a rá - tá an ceann sin ar fáil ar "Gugalaí Gug!"

Agus an méid sin ráite, seo í mo cheist - cén fáth gurb é an focal is coitianta, anseo i gConamara ar "frog" an Bhéarla ná "frog" an Bhéarla? Ní fhuaimnítear an focal de réir na Gaeilge, go fiú - "frag" a deirtear.

Agus cén fáth gur "frog" a bheadh ann ar aon nós? Ní thugtar "flaghaidh" ar chuileog, ná "raibin" ar spideog, ná "dancaí" ar "asal". Shílfeá go bhfuil na froganna beaga glasa thart níos faide ná mórán ceann ar bith eile de na créatúir thuasluaite.

Tá focail eile ann, cinnte. Nuair a labhair mé le Caitlín Pheaits (atá le cloisteáil ar chuid mhaith dlúthdhioscaí dár gcuid) dúirt sí liom go raibh an rud céanna tar éis rith léi féin. Bhí sí tar éis an cheist a tharraingt anuas chuig a Daid, Máirtín Pheaits Ó Cualáin - fear a bhfuil an-eolas aige ar chúrsaí nádúir aige. "Lupadán lathaí" a bhí aige siúd (sílim!) - ainm álainn fileata, mar a bhíonn go minic le hainmneacha Gaeltachta ar na neacha beo inár dtimpeall. Tá "loscann" ag Wingléacht agus "boilgín frisc" agus "froga" chomh maith le frog. An bhfuil ceann ar bith acu siúd á n-úsáid sa ngnáthchaint in áit ar bith? Nó focal eicínt eile?

Agus ó tharla na focail agus leaganacha sin a bheith ann, nach aisteach gur focal Béarla atá i gConamara ar neach chomh gaelach leis an bhfrog?

20 comments:

  1. "Losgann" an gnáthfhocal i nGaeilge na hAlban. Bhí an focal seo an-choiteann sa Ghaeilge féin sa mheánaois. Tig mé samplaí a thabhairt duit, má tá siad uait.

    Dála an scéil, tá "Toad Song" agam i Haváis le Puakea Nogelmeier, an fear a chuir an teanga sin ar "Tríar Manach". Is féidir liom mp3 de a chur chugat gan dua, más mian leat.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat faoin mp3 - ní bheidh deis agam éisteacht leis go dtí ar ball. Nach aisteach gur imigh "losgann/loscann" i léig in Éirinn? Cén chúis a bheadh lena leithéid sin tarlú?

    ReplyDelete
  3. Seo leid dúinn ó "Scáthán Shacramuinte na hAithridhe" (69.18) le hAodh Mac Aingil (1571-1626):

    "do líon [Dia] a thalamh do fhroguibh (bethaduigh allachda roghranda nach fuil nar ttírne tré ghrásuibh Phadruig)"

    Is cosúil gur chreid Mac Aingil gur dhíbir Pádraig iad in éindí leis na nathracha. Deir Wikipedia gur "introduced species" é an "common frog" (Rana temporaria) in Éirinn. Ní deirtear cathain a tháinig sé isteach.

    ReplyDelete
  4. Ó tharla tú ag trácht ar fhroganna, an raibh a fhios agat, a Thaidhg, nach bhfuil frog ar bith thiar i gCeantar na nOileán? Sin a dúradh liom blianta fada ó shin agus, más buan mo chuimhne, dúradh go raibh baint éigin aige leis an droichead adhmaid a bhíodh idir Béal an Daingin agus Eanach Mheáin – ní raibh na froganna in ann dul thairis mar gheall ar na spásanna idir na cláir adhmaid, más fíor an scéal.

    Chuala mé freisin nach bhfuil aon choinín thiar ann, ach giorriacha amháin. Bhfuil na scéalta sin fíor, meas tú? Tá a fhios agam nach bhfaca mise frog ná coinín thiar ann agus mé ag fás aníos in Eanach Mheáin, ach chonaic mé giorriacha.

    ReplyDelete
  5. Ar blog nó blag é seo?

    ReplyDelete
  6. "ag hoppáil"

    "hapáil" in Foclóir Gaeilge-Béarla

    ReplyDelete
  7. lupadán.

    Ní dócha gur ar lupaí a bheah sé seo ag lupadaíl.

    Ná habair go mbeadh glacadh ag Futa Fata le lupadán/lapadán agus nach mbeadh glacadh le frag!

    ReplyDelete
  8. An bhfuil glacadh le facal as Albain agus focal as Éirinn nuair nach bhfuil glacadh le frag agus frog?

    ReplyDelete
  9. Lapadán, lupadán, lapadóir - chloisfeá iad sin uilig, bíodh 'lathaí' leo nó ná bíodh, bíodh lupadadán lapadán á rá nó ná bíodh, ach ní hé an frog amháin go cinnte atá i gceist leo.

    Is léir nach ainm ceana loscann. Scéalta faoi phlá sa mBíobla a rithfeadh le duine ar an bpointe. B'fhéidir gur athrú meona i leith an fhrag ba chúis leis an ainm nua a theacht isteach agus gurb é is córa don chlann rí a bhainfeadh póg de cheann.

    ReplyDelete
  10. An-amhrán áibhéile agus áiféise faoi Frog ag Maidhcil Bheairtle Dhonnachú, tá sé ag Peadar Ó Ceannabháin ar an CD. Bhíodh ceainnín eile ag daoine i mBéarla faoin bhfrog a tháinig isteach ag an luch, Right Leg, Left Leg, Underleg, Overleg agus mar sin de.

    ReplyDelete
  11. Sách ananamúil a ananamais cé gur rith cuid mhór dá ndeir tú liom féin ar seo a léamh an chéad uair freisin. Rud éigin faoin "go fiú" sin? Ach ní hé an clob faoin bhFuta Fata Féasóg is mó a thuilleann na slopanna seo ó do bhais ná ó do bhois.

    ReplyDelete
  12. Níl mé a rá nach bhfuil glacadh le frag ná le frog. Agus tá súil agam nár cheap éinne gur ag caitheamh anuas ar Ghaeilge Chonamara a bhí mé. Níl ann ach go raibh mé ag déanamh iontais nach raibh focal níos sine á úsáid sa ngnáthchaint. Ghlac mé leis go raibh an frog ag hapáil leis go sásta ar fud na hÉireann ó aimsir na díle - ach dar le Wikipedia, a deir Dennis linn, gur "Introduced species" é, ach an oiread leis an iora glas, cuir i gcás.

    Maidir leis an amhrán ar CD Pheadair Uí Cheannabháin, is caoineadh atá ann ar bhealach, nach ea? Bhí pisreog sa taobh seo tíre ann dá léimfeadh frog isteach sa teach, gur cheart breith air agus é a chaitheamh isteach, ina bheatha, sa tine. Mura ndéanfá é sin, bheadh tubaiste eicínt in ann do mhuintir an tí. An té a chum an t-ámhrán, chonaic sé an méid sin á dhéanamh, agus chum sé amhrán faoi, le teann trua don bhfrog.

    B'fhéidir go gcuireann sé sin leis na tuairimí thuas go raibh drochmheas ag muintir na hÉireann ar an bhfrog.

    Ní thuigim an méid a scríobh tú fhéin thuas, a Dheabhail Álainn...

    ReplyDelete
  13. M'anam, thuig mise go maith nach ag caitheamh anuas ar Ghaeilge Chonamara a bhí tú, a chara. Níl ag dul ar aghaidh anseo agat, agus againn uile, tá súil agam, ach plé ar ábhair éagsúla, ar mhaithe leis an teanga a choinneáil beo beathach, agus suimiúil!

    Anois, ar chuala a dhath faoi mo cheist thuas? An raibh ann ach scéal, agus an bhfuil, nó nach bhfuil, fraganna, nó froganna, thiar i gCeantar na nOileán?

    Má tá freagra ar mo cheist, is tú a gheobhaidh dom é, a fhear eolach...:)

    ReplyDelete
  14. Nó, 'a fhir eolach' fiú! Ar fhaitíos aon phóilín teanga ag lurcáil, an dtuigeann tú...

    ReplyDelete
  15. Clob = clab, slop = slap (sleaip)...

    Ach ní dhéarfainn go raibh an t-anainmeach chomh hananamúil sin ar aon chaoi. Ní gá gurb é frog an Bhéarla atá in frag na Gaeilge, tá malartú idir 'o' agus 'a' ar bun taobh istigh den Ghaeilge féin le 1,400 bliain, ní thiocfaidh tú ar mhórán i gConamara nach dtabharfaidh cara ar cora ach bheidh an chara ar an gcora agus an cara ar mo leithéidse (agatsa!).

    Maidir leis na froganna nach dtiocfadh an Daingean, bhíodh an-leabhar ag James Fairley faoi fhiadhúlra na hÉireann agus tuairisc inti ar an tráth a dtáinig cineálacha éagsúla thar tír isteach. Mura bhfuil sí i gcló i gcónaí, is fiú go mór féibí dua a bhainfeadh le cóip a fháil.

    ReplyDelete
  16. Nach iad na froganna atá th'éis caint a tharraingt!

    Tá mo bhean ag múineadh scoile thiar sna hoileáin - caithfidh mé iarraidh uirthi an scéal a fhiosrú thiar ann maidir leis na froganna agus na coiníní.

    ReplyDelete
  17. Chuala mé "Lupán" ó bhéal Cóil Learaí Ó Finneadha, as an Lochán Beag (a bhfuil Gaeilge den scoth aige). Bhí sé ag trácht ar "G(h)arraí "an Lupáin".

    ReplyDelete
  18. Tá lupán go deas agus níl sé mílea bealaigh ó "lupadán" An raibh an focal á úsáid ag Cóil mar chuid d'ainm an gharraí, nó mar ainm eile ar an bhfrog?

    ReplyDelete
  19. An dá rud: ainm ar an bhfrog agus ainm an gharraí.

    ReplyDelete