Tuesday 2 June 2009

Foilsitheoireacht agus eagarthóireacht

Mar léitheoir agus anois mar fhoilsitheoir, airím go bhfuil an-tábhacht ag baint le hionchur eagarthóireachta i saothar scríbhneoireachta de chineál ar bith. Creidim sa gceardaíocht agus i bhforbairt scileanna, mar bhunús éifeachtach le tallann nádúrtha agus inspioráid scríbhneoirí a chur i láthair.

I gcás na Gaeilge, creidim nach bhfuil na sainscileanna eagarthóireachta ar fáil taobh istigh de phobal labhartha agus scríofa na teanga a theastaíonn le caighdeán ard a bhaint amach i ngach genre scríbhneoireachta. Creidim gur chóir dúinn a bheith ag imeacht taobh amuigh de phobal na Gaeilge leis na scileanna sin a fhoghlaim agus cultúr na Gaeilge a shaibhriú dá réir. I saol na teilifíse agus na scannán, cuir i gcás, déantar é sin an t-am ar fad. D'fhreastail mé féin ar cheardlann seachtaine i Sitges na Spáinne roinnt blianta ó shin, ag féachaint le togra teilifíse a fhorbairt. Bhí scríbhneoirí ann ón bPortaingéil, ón bhFrainc, ón Spáinn féin, ó Shasana agus ó Éirinn. I mBéarla is mó a rinneadh an obair, ach is i dteangacha éagsúla a bhí na tograí le bheith léirithe.

Ba shin an cur chuige a bhí i gceist le ceardlann scríbhneoireachta a d'eagraigh Futa Fata i ndeireadh na bliana seo caite, le scríbhneoirí nua a aimsiú agus le leabhair nua de chuid na scríbhneoirí sin a fhorbairt. Dhírigh muid ar genre amháin - an pictiúrleabhar do pháistí óga. D'iarr mé ar Bharbara Slade, scríbhneoir agus eagarthóir ó Los Angeles a theacht le bheith mar stiúrthóir ar an gceardlann. Fógraíodh an cheardlann go poiblí agus iarraidh ar scríbhneoirí ábhar scéalta a chur faoinár mbráid. Rinne Barbara agus mé féin measúnú ar na scéalta agus roghnaíodh seisear scríbhneoir le páirt a ghlacadh i gceardlann a mhair trí lá. Sna Forbacha a cuireadh ar siúl an cheardlann agus d'éirigh linn sé cinn de scéalta a fhorbairt i gcaitheamh na laethanta a chaith muid le chéile. Ina dhiaidh sin, rinne na scríbhneoirí dhá dhréacht eile dá scéal faoi stiúir Bharbara Slade.

Chuir muid trí cinn de na scéalta isteach ar Scéim Scríbhneoireachta Clár na Leabhar Fhoras na Gaeilge, agus tá an-áthas orm a rá gur éirigh leis na trí cinn acu tacaíocht a fháil faoin scéim. Tá dóchas againn anois go n-éireoidh linn na leabhair sin a fhoilsiú i gcaitheamh na bliana 2010.

Tuilleadh faoi scríbhneoirí nua Futa Fata anseo

9 comments:

  1. An smaoineamh.
    Agus múnla maith.
    Aontaíom leat faoin eagarthóireacht, freisin. Tá an bhearna sin ann. Aon tuairim agat conas mar a théann pobail mionteangacha eile i ngleic leis?

    ReplyDelete
  2. An ceart ar fad agat, is beag tacaíocht den chinéal atá ar fáil do scríbhneoirí na Gaeilge.

    ReplyDelete
  3. Níl a fhios a Aonghus, ach sa sampla a luaigh mé faoin gceardlann sa Spáinn - bhí beirt scríbhneoirí óga ann ón bPortaingéil, mar shampla. Bhí siad ag iarraidh sraith teilifíse bleachtaireachta a fhorbairt le léiriú sa bPortaingéil. Bhí beagán den chineál sin oibre déanta sa bPortaingéil, ach ní an t-uafás. Chuidigh sé go mór leo a bheith ag obair le speisialtóir Meiriceánach, bean a raibh taithí leathan aici ar an genre sin. Chomh maith leis sin, bhí ionchur ann ó aoi-léachtóirí ó na tíortha móra - An Ghearmáin, agus An Fhrainc - tíortha atá in acmhainn le fada cláracha den chineál sin a fhorbairt dá margadh baile.

    An rud atá ann, sílim, ná nach gá smaoineamh ar an eolas atá againn ar an mBéarla mar rud diúltach, mar rud atá ag scrios an chultúir s'againn féin. Is rud an-úsáideach é an líofacht sa mBéarla agus muid ag tapú deiseanna le scileanna nua a fhoghlaim agus lenár gcultúr féin a shaibhriú.

    ReplyDelete
  4. Is fíor dhuit.

    Is dóigh liom go mbíonn muid uaireanta dall de bharr ár spléachas ar saol an Bhéarla, agus go mbíonn muid "frith Bhéarla" dá bharr.

    Seachas amharc ar mar eite eile chun na flaithis a bhaint amach..

    ReplyDelete
  5. Tá imní orm faoin saghas fáilte a bheidh romham mar eagarthóir anois... ;-)

    Tá An Gael foilsithe (faoi rún go fóill)!
    angael.magcloud.com

    Ní bheidh sé ar fáill in Éirinn (ach amháin sa tuaisceart) go ceann tamaill eile, faraor.

    ReplyDelete
  6. Tá obair cheannródaíoch ar siúl agat, fair play dhuit.

    ReplyDelete
  7. Dea-scéala ansin uait, a Thaidhg. Maith sibh uile, bhur spiorad agus bhur saothar!

    ReplyDelete
  8. Seans go bhfaighfí eagarthóirí maithe níos gaire do bhaile ach ní saoi saoistín le snaoisín.

    ReplyDelete