Monday 15 June 2009

Físeán na Seachtaine - Seán Monaghan - An Dreoilín


Ceoltóir bunúil amach is amach é Seán Monaghan agus seo clasaic dá chuid - an scéilín faoin dreoilín a mharaigh an cat. Tá portaireacht béil ann, tá cineál rap amháin agus tá dúchas Chonamara ann go smior. Bhí mé i láthair nuair a bhain sé an chéad duais i gcomórtas cumadóireachta Réalta ar R na G thart ar an mbliain 1997 nó mar sin. Fiafraíodh dó an raibh amhrán ar bith faoi dhreoilíní cumtha aige agus dúirt sé go raibh. Chroch sé suas stéibh dó - é an-chosúil le hamhrán de chuid Dolly Parton - "Dreoilín, dreoilín, dreoilín, dreo-il-íí-íí-in!"

Is mór an trua nach bhfuil albam aonair déanta riamh ag Seán - ach níl sé ró-dheireanach fós!

3 comments:

  1. Táim ag súil leis an albam sin le breis i deich mbliana, muise. Cén fáth, san aois seo, nach ndéanann sé é?

    ReplyDelete
  2. Bím ag smaoineamh uaireanta go mbeadh sé spéisiúil Futa Fata a fhorbairt sa treo sin - dlúthdhioscaí ó chumadóirí Gaeilge/dátheangacha a eisiúint. Tá tábhacht leis mar obair, ach san aeráid reatha eacnamaíochta, bheadh leisce orm tabhairt faoi. Ní dóigh liom go dtuigeann daoine cé chomh scriosta is atá ceoltóirí ag an réabhlóid dhigiteach. I gcathair na Gaillimhe amháin, cuir i gcás, tá trí cinn de shiopaí breátha ceoil dúnta le dhá bhliain anuas - tigh Mhulligan, a bhí ann le fada agus an dá shiopa a bhí ag an gcomhlacht áitiúil, Red Light Records. Na cinn atá fágtha - Zhivago agus HMV, is DVDanna is mó atá siad a dhíol ar na saolta seo. Agus tá líon na ndaoine atá sásta íoc as ceol a fháil go digiteach ó iTunes no ceann eicínt eile de na foinsí dleathacha fós an-íseal.

    ReplyDelete
  3. Is fadhb sin, cinnte. Is féidir rudaí a dhíol mar sin, ar cdbaby.com, mar shampla. Sin mar a bhfuil mo chuid féin. Ach ní dhíolaim mar mp3 iad (níl an saghas sin cóipchirt agam ar gach aon rud...).

    http://www.scoilgaeilge.org/ceol/

    ReplyDelete