Thursday 25 June 2009

Físeán na Seachtaine - Conamara


Don chlár Ardán, nach maireann, a rinneadh an taifeadadh slachtmhar seo de leagan Phatrick Connolly de rosc catha na n-imirceánach, Conamara le Seán Ó hÉanaigh. Is é Seán ba túisce a rinne taifeadadh air ar an albam a eisíodh ar Chló Iar Chonnachta dá bhanna ceoil, Éinniú.

Tá Patrick Connolly ar dhuine den ghlúin nua ceoltóirí a lean sa stíl a bhí leagtha amach roimhe ag John Beag. Fonnadóir breá é Patrick agus tá fios a bhealaigh timpeall ar an ngiotár chomh maith céanna aige.

5 comments:

  1. Go raibh maith agat, a Thadhg, as an físeán seo. Bhí caiséad don albam "Éinniú" agam uair. (Thug mé do chara ar iasacht agus chuaigh sé ar strae. Níl an scéal chomh dona toisc go bhfuil an seinnteoir téip a bhí agam briste.)Ar aon nós, fuair mé an caiséid ón Chonaighleach é féin! Is fíor. Tháinig Mícheál Ó C. go Siceagó i 1993 chun a bheith ina bhreitheamh ar díospóireacht as Gaeilge idir foirne ó cathracha eile sna SAM. Thug Mícheál cupla caiséid agus b'fhéidir leabhar nó dhó dom (ní cuimhin liom go díreach) toisc go raibh sé ag stopadh thar oíche sa seomra leaba sa mbreis i mo arasán féin. ÓÓÓÓÓ Conamara...

    Slán

    ReplyDelete
  2. Tá an t-amhrán beo beathaíoch anseo - d'fhoghlaim mo chuid gasúr féin ar scoil é. Tá ceann eile a bhí ina hit mór anseo chomh maith, ag an ngrúpa óg, Aerach "Cá'il tú ag goil siar go Conamara, san áit a mbíonn an chraic is an spraoi..." An bhfuil an ceann sin cloiste agat?

    ReplyDelete
  3. Níl, a Thadhg. Ach dá mbeadh tú i Milwaukee i mbliana, is féidir leatsa é chas dom! An mbeidh tú ag teacht go dtí an Fleadh Mór i mí Lúnasa?

    ReplyDelete
  4. Ní i mbliana, faraor. Ach tá caint ar 2010....

    ReplyDelete
  5. Thaitin sé go mór liom. Bhí na ceoltóirí agus na fonnadóirí go han-mhaith, cé gurbh fhearr liom dá mba rud é gur chuir siad comhcheol le hiomlán an churfá in áit cuid dhó.

    ReplyDelete