Friday 26 June 2009

Deireadh le Foinse?


Cé nach bhfuil oifig an nuachtáin ach dhá mhíle déag bealaigh siar an bóthar uaim anseo sa Spidéal, is ón mBrasaíl a tháinig an scéala ar maidin chugam go raibh Foinse ar lár. Alex Hijmans, fear a bhíodh ag scríobh go rialta don nuachtán a chuir in iúl dom i nóta ar Facebook go raibh an nuachtán imithe den saol. Léiriú é sin ar an athrú atá tagtha ar chúrsaí cumarsáide ó tháinig an páipéar ar an bhfód.

Tá go leor anonn is anall ar maidin ann faoi "chúlchistí" agus arduithe ar dheontais agus a leithéid, agus ceal eolais, tá leisce orm aon tuairim a nochtadh i dtaobh na cainte sin Bhí cuma dhóchasach ar an scéal cúpla lá ó shin agus daoine ag ceapadh go n-éireodh leis an idirbheartaíocht a bhí ar bun. Is deacair a rá go fóill cén taobh is mó ar a bhfuil an locht.


Ach ag an bpointe seo, ba mhaith liom mo thacaíocht a léiriú ar maidin le foireann an nuachtáin agus buíochas a ghlacadh leo faoin obair bhreá atá déanta seachtain i ndiaidh seachtaine acu iad ag cur an pháipéir ar fáil do phobal a bhí á cheannach, ní ar bhonn cúise, ach mar gheall ar sheirbhís fhiúntach, úsáideach, ard-chaighdeáin a bhí á chur ar fáil dóibh.

4 comments:

  1. Tubaisteach!! príomhnuachtán imithe, meanscolaíocht trí Ghaeilge sna Gaeltachtaí ag imeacht, táimid ag féachaint ar bhás na teanga i ndáiríre

    ReplyDelete
  2. Ní hé an lá is dóchasaí a ghealaigh é, cinnte.

    ReplyDelete
  3. Bímís buioch go bhfuil Aire Gaeltachta ann go fóill - fán noimead, cad é sin a chloisim, go bhfuil sé i gceist ag an mBórd Snip Nua deireadh a chuir le Roinn Uí Chuív.....Dia ár sabháil tá an chluiche thart.... tá an port seinnte.....

    Ní maith liom a bheith ar an t-é a dúirt gur amhlaidh a bheadh....ach tá toradh anois - agus is droch thoradh é - ar an sior cheangal idir na focail 'Gaeltacht', 'deontas' agus 'dubh ina gheal'....

    ReplyDelete
  4. Go n-éirí leis an bhfoireann amach anseo. Tá súil agam go n-éireoidh leo jabanna a fháil tráth seo an chúlú eacnamaíochta.

    ReplyDelete