Wednesday 24 June 2009

Dea-scéala faighte ag na foilsitheoirí - dea-scéala ar an mbealach do Foinse?


Bhí caint sna meáin agus ar na blaganna (ar cuid de na meáin iad, ar ndóigh) le seachtain nó dhó faoin siar is aniar a bhí ann idir foilsitheoirí na Gaeilge agus an Foras le gairid maidir le maoiniú. Airgead ar déanadh tairiscint air le tacú le scríbhneoirí éagsúla tabhairt faoi shaothair nua a scríobh a bhí i gceist. Is faoi Scéim na gCoimisiún a faomhadh an maoiniú agus nuair a tháinig an scéala chomh fada le Futa Fata thart ar mhí ó shin go raibh sé cinn de choimisiúin faofa, is orainn a bhí an t-áthas.

Baineadh siar asainn nuair a tháinig litir eile seachtain ina dhiaidh sin arís, a rá gur trí bhotún a scaoileadh amach na chéad litreacha agus nach mbeadh cinneadh anois ann ar na hiarratais go dtí an 19ú den mhí seo - Dé hAoine seo caite.

Bhí faitiós orainn, agus rothaí ag titim anuas de bhaigín an náisiúin ar chuile thaobh, gur cúinsí airgid ba chúis leis an tarraingt siar. Ach níorbh ea - agus is orainn atá an t-áthas a rá inniu go bhfuil na coimisiúin a bhí faofa de réir na chéad litreach (an bhfuil an ceann sin i gceart agam?) - go bhfuil siad fós faofa, agus an méid céanna airgid i gceist.

Tá maoiniú faighte ag Futa Fata coimisiúnú a dhéanamh ar Bhridget Bhreathnach, ar Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus ar Patricia Forde leabhair do pháistí a scríobh agus ar Bhrenda Ní Shúilleabháin agus ar an scríbhneoir seo le tabhairt faoi leabhair nua do dhaoine fásta. Tá súil againn, (ag brath ar mhaoiniú!) formhór na leabhar seo a bheith ar fáil i gcomhair mhargadh na Nollag, 2010.

Is cosúil gur ceist mhaorlathais de chineál eicínt faoi ndear an tarraingt siar. Tarlaíonn na rudaí sin - agus tuigeann muid go mbíonn ar dhaoine a bheith cúramach le pingeacha an Stáit.

Dea-scéala, mar sin, do na foilsitheoirí leabhar agus do na scríbhneoirí - le cúnamh Dé agus a bhfuil eile ann, beidh dea-scéala den chineál céanna ag an nuachtán Foinse gan mórán achair.

9 comments:

  1. Comhgairdeas a Thadgh agus é tuilte go maith agat.Tá súil agam go mbeidh an ceart agat faoi Foinse.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat. Tá dóchas agam go dtiocfaidh sé slán.

    ReplyDelete
  3. Cá bhios duit nach mbeidh an tríú litir ann?
    Maorlathas ag caitheamh breis airgid ar phostas?!
    An bheach sin thuas, an as gairdín Sheáin í?

    ReplyDelete
  4. Go n-éirí libh! Agus, gan amhras le Foinse.

    ReplyDelete
  5. Treise leat!

    Agus GRMMA as mo dhuais, a tháinig sa phost inniu! Tá mé cinnte go mbeidh níos mó faoi "Aniar" ar mo bhlag féin, tar éis dom cúpla lá a chaitheamh leis.

    ReplyDelete
  6. Tá sé deacair a thuiscint cén fath go mbeadh sibh ag léiriú buiochais is ceiliúradh mar seo mar gheall ar fhoras phoiblí nach léir go bhfuil a fhios aige cé acu an bhfuil sé ag teacht nó ag imeacht ag fáil greim ar a chiall agus ag ceadú - don darú uair - na leabhair seo. Seo maorláthas ar mire....táim sásta go raibh dea thoradh sa deireadh ach tá ceisteanna le cur faoin bproiseas agus faoi chomh eifeachtach nó mí-eifeachtach atá na daoine atá ina mbun. Ceist eile agam: cé h-iad, ar bhórd Fhoras na Gaeilge, a cheadaíonn nó a dhiultaíonn na coimisiúin? Nár cheart go mbeadh eolas mar sin ar fáíl go poiblí? Cén fath an easpa tré dhearcachta faoin bproiseas, faoi na critéir is eile? Ní rúin Fatima ábhar an phlé seo ach leabhair Ghaeilge do pháistí agus daoine fásta. Tá sé deacair tre dhearcacht agus Foras na Gaeilge a lua in aon abairt amháin os rud é nár fhoilsigh Foras na Gaeilge cúntais le ceithre blian anuas - ó 2005-8 - agus níor fhoilsíodh cúntais 2004 go dtí le déanaí! Agus is iad atá freagrach as gnó na foilsitheoireachta Gaeilge!

    ReplyDelete
  7. Nach deas é, an ginideach a bheith curtha i gceart ar ainmfhocal a bhfuil orduimhir leis! Ní gach lá a fheictear a leithéid :-)

    ReplyDelete
  8. Léiriú spéisiúil, nach ea, iad an dá nóta deireanacha seo ar na rudaí a spreagann daoine éagsúla chun pinn. Aontaím leat, a Choncubhair, go bhfuil tábhacht leis an trédhearcacht. Agus go raibh maith agat a Chainteora an Dóchais (ní móide gur féidir le níos mó ná dóchas amháin a bheith ag cainteoir ar bith agus an créatúr bocht curtha sa tuiseal ginideach agam - nó an féidir?)

    ReplyDelete
  9. Maith sibh, a Thaidhg! Go n-éirí go geal libh.

    ReplyDelete