Tuesday 9 June 2009

Comórtas!


Seo an chéad chomórtas atá á reáchtáil againn anseo sa ngarraí. Breathnaigh arís ar an aistriúchán thíos den "Tower of Song" le Leonard Cohen, a foilsíodh anseo inné. Tá míchruinneas áirithe san aistriúchán a bhaineann le litríocht na Gaeilge. Beidh cóip amháin de rogha leabhair nó CD an iomaitheora ó chatalóg Futa Fata mar dhuais ag an té a aithneoidh an míchruinneas. Seolfar an duais tríd an bpost, áit ar bith ar domhan, chuig an mbuaiteoir. Féach anseo ar a bhfuil ar fáil i gcatalóg Futa Fata.

13 comments:

  1. Bhí sé sin ann, agus is míchruinneas é agus tá sé ceartaithe anois. Ní shin an cineál míchruinnis a bhí i gceist agam, ach (gan an cat a scaoileadh as an mála) tagairt nó macalla a bhaintear sna liricí as saothar de chuid litríocht na Gaeilge, is a chuireann rud éigin in iúl nach bhfuil cruinn. (Tá duais aitheantais tuillte agat a Aonghuis, agus fillfidh muid air sin ar ball).

    ReplyDelete
  2. Mo leithscéal. Chuir tú an Ríordaánach in áit Hank Williams. Agus Eoin Rua in áit do chairde.

    Dar fia, táim ag cuir mearbhall orm féin.

    Tá tuairim agam go dtáinig na línte seo as dán eile:

    "Le pian i m'ucht is deor ar mo ghrua" ach ní cuimhin liom ainm an dáin.

    ReplyDelete
  3. Is fíor gur chuir mé an Ríordánach agus Eoghan Rua isteach i mo leagan-sa, ach ní shin an míchruinneas atá i gceist.

    Coinnigh ort!

    ReplyDelete
  4. Aogán Ó Rathaille a chum an dán "Is fada liom oíche fhírfhliuch".

    ReplyDelete
  5. An leatsa a mbaineann sé? An amhlaidh nach bhfuil tú imithe chun leithe fós? ;-)

    ReplyDelete
  6. Tá mé ag imeacht amach anois chuig cleachtadh ceoil - grúpa Briotánach, (nó grúpa a bhíonn ag casadh ceoil Bhriotánaigh) - caithfidh mé súil ar ais ar ball anocht go bhfeicfidh mé. Chans vat d'an holl! (Ádh mór oraibh ar fad!)

    (Tá trí fhocal san abairt Bhriotáinise thuas a d'aithneodh Gaeilgeoir - Chans = "seans" na Mumhan. ó "chance" na Normannach = ádh; vad = mhaith - "mad" a bhíonn go hiondúil annn ach bíonn séimhiú ann i ndiaidh ainmfhocail atá baininscneach, díreach mar atá sa nGaeilge againn. An tríú focal ná "holl" = uile. Sa gcomhthéacs seo, "an uile dhuine" atá i gceist.)

    ReplyDelete
  7. Ós ag caint ar bhotúin atáimid...:)

    ReplyDelete
  8. Is ag Dennis atá an ceart.

    Seo an chéad véarsa sen dán sin le hAodhagán Ó Rathaille (1675 - 1729, más fíor do Vicipéid):

    Is fada liom oíche fhírfhliuch, gan suan, gan srann,
    Gan ceathra, gan maoin caoire ná buaibh na mbeann;
    Anfa ar toinn taobh liom do bhuair mo cheann,
    's nár chleachtas im' naíon fíogaigh, ná ruacain abhann.

    Bí ag póirseáil leat trí futafata.com agus roghnaigh do dhuais a Dennis.

    Agus tá duais aitheantais ag dul d'Aonghus - do rogha den tsraith "Bímis Ag Caint Faoi" - pioc ceann amháin den cheithre leabhar, agus cuirfear cóip chugat.

    ReplyDelete
  9. Eoghan RUA, chomh LIATH le broc?
    Díospóireacht eile faoi na dathanna, éinne?

    De réir mo chuid taithí féin - agus níl seo bunaithe ar eolaíocht de chinéal ar bith - ní fheicim go dtéann daoine rua liath/bán mar is ceart.
    Tá seachtar uncail agamsa, cúigear a bhí donn/dubh lá den tsaol ach a rachadh amú sa tsneachta anois, beirt eile a bhí agus atá rua go fóill (aois 71 agus 80).
    B'fhéidir go bhfuil mé ar seachrán go hiomlán, ach ní cuimhin liom fear rua a fheiceáil 'bán' ariamh.

    ReplyDelete
  10. "Aniar" led thoil, a Thaidhg, más féidir. Cuirfidh mé mo sheoladh chugat.

    tadhg@futafata.com Ceart?

    An líne is fearr liom sa dán seo ná an ceann deireanach:

    "do ghlam nach binn do dhingfinn féin id bhráid." ;-)

    ReplyDelete
  11. Is dócha go mbraitheann sé ar cé chomh rua is a bhí an duine ar an gcéad dul síos - ach ar aon chaoi, píosa cumadóireachta a bhí anseo, seachas iriseoireacht eolaíochtúil. Is é an chaoi go raibh mé ag iarraidh Túr Amhrán na nGael a shamhlú agus filí éagsúla i gcillíní éagsúla ar urláir éagsúla. Bhí cúrsaí chomh dona ag Eoghan Rua go raibh dath a chuid gruaige, fiú, th'éis é a thréigean.

    Ar aon chaoi, tá do chóip de "Aniar" ar a bhealach siar chugat, a Dennis.

    ReplyDelete
  12. Eoghan RUA, chomh LIATH le broc

    Chaithfeadh sé go mbíonn a leithéid ann agus "Salt and Pepper" cumtha ag "Terminology Committee na nDaoine" air!

    ReplyDelete